‘Tá 600 bliain ann ach is deas liom a chlos go bhfuil Ridire sa pharóiste arís againn’

As Corca Dhuibhne do mhuintir Chiaráin Devane ar bhronn banríon Shasana Eilís II ridireacht air an tseachtain seo caite as a chuid díograise leis an eagraíocht tacaíochta ailse is mó sa Bhreatain

ciaran-devane-630by354

“Tá fear go mbronnadh ridireacht inniu air agus táid ag rá gur ó Chiarraí dá mhuintir ó dhúchas” arsa clár-eagarthóir Nuacht TG4, Breandán Delap, agus é ar an bhfón chugam maidin Dé Sathairn seo caite. Bhí sé ag tagairt do Chiarán Devane – fear atá buailte fé i Londain a bhí áirithe i measc leithéidí Van Morrisson, Lenny Henry agus Kevin Spacey agus teidil ridireachta á mbronnadh orthu ag banríon Eilíse II sa Bhreatain.

Bhí an gradam á bhronnadh ar Devane de bharr a chuid díograis agus cumais mar phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht ‘Macmillan’, eagraíocht a chabhraíonn le hothair atá ag fulaingt le hailse.

Chuathas i muinín an idirlín agus aimsíodh seanphróifíl nuachtáin a thug leid bhreise fé chúlra Devane. Luadh san alt a scríobhadh sa bhliain 2012 gurb as paróiste Fionn Trá dá athair.

Deineadh teagmháil leis an Dr. Breandán Ó Cíobháin ó Cheann Trá, ar a bhfuil saineolas gan sarú fé stair agus fé ghinealach a pharóiste féin. Cuireadh isteach an gaol gan rómhoill. “Ah, is dócha gurb b’shin mac Mhaidhc Devane ón mBaile Beag a chuaigh go Baile Átha Cliath fadó,” arsa an Cíobhánach.

“Níl éinne des na Dubhanaigh sin fágtha sa Bhaile Beag anois. Bhí Ciarán anso sa tigh agam babhta. Gaeilgeoir breá atá ann. Tá seanaithne agam ar a dheirfiúr, Caitríona – geobhad uimhir duit.”

Ní hamháin san ach chuir Breandán in úil dom gur ó Dhún Síon gar don nDaingean do mháthair Chiaráin. Eileen is ainm di, deirfiúr don dtráchtaire aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh.

“Tá 600 bliain ann ach is deas liom a chlos go bhfuil Ridire sa pharóiste arís againn,” arsa an Dr. Ó Cíobháin sarar chroch sé an guthán.

Bhí sé ag tagairt do Ridire Chiarraí, Gearaltach go raibh a buanáras aige in uachtar an pharóiste i gCaisleán Rathanáin.

Ceapadh Ciarán Devane ina phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Breataine i mí Eanair na bliana seo ach chaith sé na seacht mbliana roimis sin ina phríomhfheidhmeannach ar Macmillan Cancer Support. Tá Macmillan ar an eagraíocht tacaíochta ailse is mó sa Bhreatain, iad ag tacú le breis agus 5 mhilliún duine in aghaidh na bliana.

Rugadh agus tógadh Ciarán Devane i mBaile Átha Cliath. Bhí Gaeilge ar a thoil aige ón gcliabhán. Bhain sé céim san Innealtóirecaht Cheimiceach amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus céim mháistreachta i gCleachtas agus Polasaí Idirnáisiúnta in Ollscoil George Washington, i Washington DC. Thug sé na blianta fada ag obair mar innealtóir agus mar bhainisteoir i gcomhlachtaí ceimiceán éagsúla ar fud an domhain. Tubaist phearsanta a sheol ar mhalairt bóthair ar fad é.

Cailleadh Katy, bean chéile Chiaráin sa bhliain 2003 de dheasca ailse. Cuireadh in úil di 5 bliana roimis sin go raibh an galar uirthi, trí mhí tar éis dóibh pósadh. Sna trí bliana deiridh a chaith sí ar an saol so, b’é Ciarán a ghlac go fonnmhar le srathair an chúramóra lánaimseartha. B’ansan a tuigeadh dó luach agus tábhacht na tacaíochta a chuireann eagraíochtaí cosúil MacMillan ar fáil dóibh siúd ata ag fulaingt le hailse, mar aon lena dteaghlaigh. Cheithre bliana tar éis bháis Katy, ceapadh ina príomhfheidhmeannach ar Macmillan é.

Le linn a thréimhse san eagraíocht,  d’eirigh le Devane claochlú iomlán a thabhairt chun críche i Macmillan. Deineadh méid agus scóip an charthanais a dhúbailt, ní hamhain ó thaobh ioncaim de ach ó thaobh tionchair de. Féna stiúir leagadh breis béime ar chúram níos iomláine a dhéanamh don othar, seachas cúram cliniciúil amháin. D’éirigh leis chomh maith cúinsí agus tacaíocht níos fearr a bhaint amach d’othair sa chóras sláinte i gcoitinne. Mar gheall ar an éacht oibre a dhein sé agus an cheannasaíocht a léirigh sé i mbun stiúrach ann a bronnadh teideal an Ridire ar Chiarán Devane.

“Tá an-áthas orm bheith im Ridire anso sa Bhreatain, is mór an onóir é mar ghradam,” a dúirt an Dubhánach agus é ag labhairt i Londain.

“Níor cheapas go deo go mbronnfaí a leithéid ormsa agus is cúis mhór luacháir dom é.”

“Fuair mé litir ó oifig an rialtais timpeall le mí ó shoin a dúirt go raibh an ridireacht le bronnadh orm ach bhí dualgas orm gan aon rud a rá faoi le héinne. Bhí sé go hiomlán faoi rún.”

Cé go nglacann sé leis gur onóir phearsanta atá ann, tá fonn ar Devane creidiúint a thabhairt dóibh siúd ar fad a chabhraigh leis le linn a thréimhse i Macmillan.

Fág freagra ar '‘Tá 600 bliain ann ach is deas liom a chlos go bhfuil Ridire sa pharóiste arís againn’'