Tá 2020 curtha dínn againn buíochas le Dia, bímis ag súil le 2021

Bunaithe ar chluiche ceannais na hÉireann 2020 is deacair cás a dhéanamh d’aon chontae eile in 2021 seachas Luimneach

Tá 2020 curtha dínn againn buíochas le Dia, bímis ag súil le 2021

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Mar a scríobh an ceoltóir cáiliúil Leonard Cohen, nach maireann, ‘There’s a crack in everything that’s how the light gets in’.

An phaindéim féin, tá scoilt inti agus ga solais álainn ag teacht isteach tríthi. Agus is ábhar gliondair é sin don saol mór atá ag súil go bhfeicfear níos mó agus níos mó den solas de réir mar a dhéanfar dáileadh ar na vacsaíní in aghaidh an Covid-19.

Is mór an t-ardú meanman do dhuine gur féidir leis a bheith ag súil go dtiocfaidh deireadh leis na srianta sóisialta agus tráchtála atá ann faoi láthair ar fud an domhain.
Anseo sa bhaile le linn an dara tréimhse dianghlasála, bhí an spórt an-tábhachtach dár meabhairshláinte agus táimid an-buíoch de Chumann Lúthchleas Gael agus go háirithe de na himreoirí go raibh cluichí againn gach deireadh seachtaine agus cuid mhór mhaith acu ar an teilifís.

Tá rudaí i bhfad níos tábhachtaí le baint amach fós ach tugann an spórt seans dúinn dearmad a dhéanamh ar feadh tamaill ar uafáis na paindéime.

Bhí an t-ádh linn gur críochnaíodh an chuid is mó de chomórtais na gclubanna agus na gcontaetha anuraidh. Agus mar a deir an seanrá ‘an áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice’.

San atheagar a rinneadh ar bhliain imeartha CLG, thángadar ar shocrú a thugann cothrom na Féinne do chlubanna na tíre agus do na himreoirí club go léir a bhíodh fágtha i leataobh faoin seanchóras.

Má tháinig aon rud dearfach as an bpaindéim mhallaithe seo don iomáint, bhuel b’in an feabhas a tháinig ar chás na n-imreoirí club. Bhíos ag caint le roinnt díobh le déanaí agus gach aon duine acu, bhíodar thar a bheith sásta leis an gcóras faoinar imríodh na cluichí club go léir sular thosnaigh na comórtais idirchontae.

Aaron Gillane, Kyle Hayes, Dan Morrissey agus Darragh O’Donovan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh an scéal amhlaidh i mbliana agus as seo amach. Is minic i mblianta eile a chuir comhscór i gcluiche idirchontae isteach ar na cluichí club. Is minic bainisteoir contae ag iarraidh go gcuirfí cluichí club ar ceal go dtí deireadh an tséasúir idirchontae. Anseo i gCorcaigh is minic a cuireadh stop le cluichí club – sóisear, idirmheánach nó dúiche – toisc go raibh an contae fós sa chraobh agus imreoirí ó na clubanna ar an bpainéal. Is minic a cuireadh pleananna laethanta saoire nó póstaí ar ceal ag an nóiméad deireanach de bharr cluichí idirchontae. Sea má tháinig aon rud dearfach as an bpaindéim is d’imreoirí club na tíre a tháinig sé.

Sna comórtais idirchontae chraoibhe agus sraithe is iad Luimneach an caighdeán agus an sprioc. Cois Sionainne atá corn na Mumhan, craobh na hÉireann agus corn na sraithe agus níl aon amhras ach gurb iad an fhoireann is fearr sa tír. Beidh siad ina rogha láidir ag a lán chun an beart céanna a dhéanamh arís in 2021.

Dar ndóigh tá taispeántas iontach an chluiche ceannais úr inár n-aigne go fóill agus bunaithe air sin is deacair cás a dhéanamh d’aon chontae eile. Ní cóir dearmad a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach a rinne Port Láirge agus beidh siadsan ar an ngearrliosta mar a bheidh an Ghaillimh agus Tiobraid Árann. Tá mórán imreoirí óga ó fhoirne faoi 20 agus faoi 21 ag na Tiobraid Árannaigh a bhuaigh craobh na hÉireann le blianta beaga anuas agus gheobhaidh cuid díobhsan seans i measc na mboc mór. Is deacair cur ar son aon chontae eile faoi láthair. Beidh fáilte roimh chontae Aontroma isteach i gcraobh Laighean i mbliana ach ní bhfaighidh siad aon rud éasca ansin.

Agus mí Eanáir linn, tá an t-ádh glan ar leantóirí CLG mar beidh cluichí ar ár scáileáin an mhí seo. Beidh na cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na mionúr sa pheil agus san iomáint againn mar aon leis an chraobh iomána faoi 20 agus TG4 ag soláthar na bpictiúr mar is gnáth.

Is dócha go dtógfaidh sé, ar a laghad go dtí deireadh an tsamhraidh go dtí go mbeidh cúrsaí ar ais mar a bhíodh, go dtí go mbeidh solas Leonard Cohen ag lonradh go geal gléineach arís.

Táimid ag súil leis.

Athbhliain faoi mhaise.

Fág freagra ar 'Tá 2020 curtha dínn againn buíochas le Dia, bímis ag súil le 2021'