Suite chun boird le Eugene McCabe agus John McGahern, Aoine an Chéasta, 1989…

Bhí brat fairsing sneachta ar bhánta is ar dhroimníní Muineacháin seachtain na Cásca 1989 agus ár gcolúnaí ag éisteacht le beirt de mhórscríbhneoirí na hÉireann  

Suite chun boird le Eugene McCabe agus John McGahern, Aoine an Chéasta, 1989…

An tSeachtain Mhór a bhí ann ach, ach dá mba ea féin, bhí brat fairsing sneachta le dearcadh ar bhánta is ar dhroimníní Muineacháin trí fhuinneog an tí mhóir agus muid ag suí chun boird.

Cáisc luath a bhí ann an bhliain sin, 1989, agus Aoine an Chéasta ag titim seachtain díreach i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig. Ní le haghaidh béile a bhíomar tagtha chun boird ach chun éisteacht le duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, Eugene McCabe, ag léamh a shaothair.

Bhí duine eile de mhórscríbhneoirí na tíre, John McGahern, i láthair chomh maith, agus ba é a chuir Eugene McCabe inár láthair. Bhí cairdeas mór eatarthu agus ní de bharr chúrsaí scríbhneoireachta amháin a músclaíodh an cairdeas sin – feilmearaí a bhí sa mbeirt acu, cé nárbh ionann na garrantaí a bhí ag McGahern cois locha ar Chnocán an Mhadra Rua i gcontae Liatroma agus acraí McCabe i gcontae Mhuineacháin.

Deichniúr againne a bhí ann agus é de phribhléid againn go rabhamar ag freastal ar an gCeardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta a bhíodh á reáchtáil go bliantúil ag Coláiste na hOllscoile Gaillimh (mar a thugtaí ar Ollscoil na Gaillimhe) an tráth úd. Go dtí sin, ó thús na bliana, bhí ceithre dheireadh seachtaine caite againn le chéile i dteannta John McGahern i nGaillimh.

Mar chuid den cheardlann, cuireadh lóistín saor in aisce ar fáil dúinn san Atlanta Hotel ar Shráid Doiminic agus, anuas air sin, tugadh £40 an duine dúinn mar ‘airgead póca’. Ba muide a bhí sásta, ní nach ionadh.

Chaitheadh muid tráthnóna Aoine agus cuid mhaith den Satharn i gcomhluadar an mháistir, ag léamh ár gcuid píosaí scríbhneoireachta féin agus ag plé an méid a bhí faoi chaibidil. Ó am go ham, thugadh McGahern a bharúil faoin méid a léadh agus roinn sé a shaineolas agus a thuairimí go fial flaithiúil linn chúns a bhíomar ina láthair. Ba i dtithe ósta na cathrach a leanadh leis an bplé agus an tuairimíocht níos deireanaí.

Mar bharr smaise ar an gceardlann, chaitheamar seachtain le chéile in Ionad Tyrone Guthrie, in Eanach Mhic Dheirg, gar don Chúil Darach, i gCo Mhuineacháin. An lá sin, agus muid inár suí ag an mbord fada sa teach a bhronn an léiritheoir amharclainne Tyrone Guthrie ar an stát mar ionad oibre d’ealaíontóirí is do scríbhneoirí, bhí an seomra lasta leis an solas a bhí á fhrithchaitheamh ón sneachta amuigh agus thit ciúnas is muid ag fanacht ar Eugene McCabe a chuid a léamh.

‘Today there was an old Anglia and five bicycles outside the cottage’ an chéad abairt den scéal ‘Cancer’ a léadh dúinn an tráthnóna sin. Scéal faoi fhear atá á thiomáint ag comharsa leis chuig an ospidéal in Inis Ceithleann, áit a bhfuil a dheartháir go dona tinn. Ar an mbealach, stopann siad ag pub le haghaidh deoch a ól, ach tuigeann siad ar an bpointe nach bhfuil aon fháilte rompu.

Ag an gcuntar, ordaíonn an tiománaí ‘two halfs, please’.

‘What kind?’

‘Irish.’

‘What kind of Irish?’

‘Any kind.’

Insíonn an comhrá gairid sin go leor don léitheoir.

Bhí a dhráma cumhachtach King of the Castle feicthe ag cuid againn ar an teilifís nó ar stáitse, ach cuireadh ar ár súile dúinn an lá sin cé chomh cumasach is a bhí McCabe freisin mar scríbhneoir próis.

Rugadh Eugene McCabe i nGlaschú na hAlban sa mbliain 1930. Ba as Fear Manach a mháthair agus tháinig a athair as an gCabhán. D’fhill teaghlach McCabe ar Éirinn i 1939 agus chuadar i mbun feilméarachta gar do Chluain Eois agus chaith Eugene formhór a shaoil ag feilméaracht.

In agallamh a rinne sé le RTÉ i 1978, dúirt sé gur sa tréimhse ó dheireadh an fhómhair go tús an earraigh ba mhó a dhéanadh sé a chuid scríbhneoireachta. An chuid eile den bhliain bhíodh sé cruógach ar an bhfeilm.

Ní raibh sárú McCabe ann i measc scríbhneoirí Béarla na tíre maidir le caint na ndaoine a chur ar an leathanach, mar a léirítear i scéalta amhail ‘Music at Annahullion’ agus ‘Roma’ atá ar fáil sa chnuasach Heritage, a foilsíodh den chéad uair i 1978. Níor chuir sé focal amú ina chuid scríbhneoireachta agus mar thoradh air sin bhí sé in ann teannas a chruthú ar an leathanach.

Bheadh trí bliana eile ann sula bhfoilseofaí a shár-úrscéal Death and Nightingales i 1992.

Bhásaigh Eugene McCabe in 2020 agus 90 bliain slánaithe aige.

An Cháisc úd i 1989, bhí cáil ar John McGahern as a chuid úrscéalta agus a ghearrscéalta ó foilsíodh an chéad leabhar leis The Barracks sna 1960idí, ach ní go dtí an bhliain dár gcionn, 1990, nuair a tháinig an t-úrscéal Amongst Women ar an saol, a thuill sé mórán airgid ar a chuid scríbhneoireachta.

Ach an oiread le John McGahern agus Eugene McCabe, bhí mórshaothar eile idir lámha ag duine den deichniúr againne a bhí suite chun boird an lá úd in Ionad Tyrone Guthrie. B’in í an Gaillimheach Patricia Burke Brogan a bhí ag obair ar dhráma bunaithe ar a taithí agus í ina nóibhíseach le Siúracha na Trócaire sa neachtlann Maigdiléana ar Shráid Forster i nGaillimh. Pléadh an saothar ag na seisiúin a bhí ann le McGahern le linn na ceardlainne agus bhí sé soiléir go raibh spéis faoi leith aige ann.

Trí bliana níos deireanaí, i 1992, a léiríodh an dráma sin – Eclipsed – den chéad uair. An compántas Punchbag a chuir ar stáitse é i gcathair na Gaillimhe. Bhain Eclipsed cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach agus is iomaí gradam a bronnadh air ó shin.

Bhí 90 bliain slánaithe ag Patricia Burke Brogan í féin nuair a chuaigh sí ar shlí na fírinne Meán Fómhair na bliana seo caite. Chomh maith le bheith ina scríbhneoir den scoth, ba dhuine lách suáilceach gnaíúil a bhí inti. Ar dheis Dé go raibh a hanam.

An oíche sin shiúlamar chuig an teach ósta ag an Black Kesh. Agus muid ag filleadh ar ais, bhí an ghealach ag lonrú ar an sneachta sna páirceanna mórthimpeall orainn, amhail is gur leathanaigh bhána a bhí iontu. Níor thuig cuid againn an oíche úd cé chomh dúshlánach is a bheadh sé sna blianta amach romhainn saothar fiúntach ar bith a chur ar na leathanaigh chéanna.

Fág freagra ar 'Suite chun boird le Eugene McCabe agus John McGahern, Aoine an Chéasta, 1989…'