Suim ag 50% d’oibrithe an státchórais tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim

De réir torthaí shuirbhé an phlean náisiúnta earcaíochta a fhoilseofar go luath deir duine as gach ceathrar oibrithe sa tseirbhís phoiblí gur mhaith leo obair trí Ghaeilge ach breis oiliúna a fháil

Suim ag 50% d’oibrithe an státchórais tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim

Ba mhaith le 50% d’oibrithe na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc ó Roinn na Gaeltachta dúirt leath den 35,000 fostaí i gcomhlachtaí poiblí a ghlac páirt i suirbhé mór go mbeadh suim acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim.

De réir torthaí an tsuirbhé, a rinne Ollscoil na Gaillimhe mar chuid d’fhorbairt an phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, bheadh suim ag 23% de na rannpháirtithe obair trí Ghaeilge dá bhfaighidís breis oiliúna agus tacaíochta.

5% den 35,000 a dúirt go mbíonn siad ag obair trí Ghaeilge cheana féin nó go bhféadfaidís obair trí Ghaeilge.

Foilseofar torthaí an tsuirbhé mar chuid den Phlean Náisiúnta Earcaíochta atá le foilsiú as seo go ceann cúpla seachtain.

Is é seo an plean atá ullmhaithe chun príomhsprioc an Rialtais i dtaobh earcú cainteoirí Gaeilge a bhaint amach – is é sin go mbeidh 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2023.

I mí an Mheithimh a cuireadh faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin acht teanga, a d’ullmhaigh an plean. Beidh an plean á chur faoi bhráid an rialtais go luath.

Tá tús le cur ag Roinn na Gaeltachta go luath an bhliain seo chugainn le feachtas feasachta náisiúnta chun aird daoine a tharraingt ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ann amach anseo.

Mar chuid den phlean náisiúnta, níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos freisin faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Is cosúil go nglacfar sa bplean náisiúnta leis nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an bpríomhsprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí amach anseo.

Léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc níos túisce i mbliana go bhfuil brí nua á baint as príomhsprioc an Rialtais ionas gur féidir daoine atá ag obair sa chóras cheana a chur san áireamh sa 20%.

Fág freagra ar 'Suim ag 50% d’oibrithe an státchórais tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim'