Súil siar ar 2014 le….Máirtín Ó Muilleoir

Labhair Tuairisc.ie le Máirtín Ó Muilleoir, Comhalta Tionóil ó thuaidh, faoi na cuimhní cinn atá aige ar an mbliain 2014.

Ceistneoir-Mairtin O Muilleoir

1.Caidé an chuimhne is mó atá agat ar 2014? Cad iad na buaicphointí?

Halla na Cathrach i mBéal Feirste ag caitheamh dathanna an tuar ceatha don Fhéile ‘Bród’ i Meitheamh 2014.

2. Caidé an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Caidé an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?

Conamara agus Boston – Anonn is anall le tríocha bliain, le Máirtín Ó Catháin an leabhar Gaeilge is fearr atá léite agam.

A Nun on the Bus: How All of Us Can Create Hope, Change, and Community leis an tSiúr Simone Campbell an ceann Béarla is fearr atá léite agam.

 3. An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2014?

Tá – gur chuir mé bliain eile le m’aois!

4. Caidé an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?

Ag cluinstin an ghrúpa stáidéar Bíobla ón tSeanchill ag guí ar son an Ard-Mhéara.

5. Caidé an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?

Lucht bratacha ag tabhairt íde na muc is na madaí do Anna Lo, CTR Éireannach-Síneach as Béal Feirste, agus í ag labhairt ag léirsiú taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal              Feirste ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.

6. Caidé an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?

Gur uirlis pholaitiúil í an fhlaithiúlacht.

7. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?

Ta a fhios agat an ceann sin fán dóigh le Dia a chur ag gáirí: inis do phleananna dó. Sin mise agus Eisean agus 2014.