Súil siar ar 2022 – mórscéal amháin agus go leor scéalta móra agus beaga fite fuaite leis

An t-ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin mórscéal na bliana seo, gan dabht – ach bhí dlúthbhaint ag an gcogadh sin leis an ardú a tháinig ar fud an domhain ar phraghsanna an bhia agus an fhuinnimh

Súil siar ar 2022 – mórscéal amháin agus go leor scéalta móra agus beaga fite fuaite leis

Cupán caife ‘americano’ ar €5.80 a bhí á thuar agam an tráth seo anuraidh agus súil chun cinn á caitheamh agam do Tuairisc.ie ar an mbliain 2022. An raibh mé i bhfad ón marc?

Is cuimhin liom gur stad mé den chlóscríobh ar feadh nóiméid nó dhó, agus an t-alt céanna á chur le chéile agam, chun mo mhachnamh a dhéanamh faoi thairngreacht eile: ní raibh mé cinnte an gcuirfinn isteach tagairt do rabhadh a bhí á thabhairt ag seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag an am sin go raibh ionsaí ar an Úcráin á bheartú ag Vladimir Putin. An raibh scéal chailleach an uafáis á dhéanamh ag an CIA agus an mbeinn féin páirteach ina gcuid bolscaireachta dá ndéanfainn tagairt don rabhadh céanna? Sa deireadh, shocraigh mé paragraf beag a thabhairt dó.

Ar ndóigh ba é an t-ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin ar an 24 Feabhra mórscéal 2022, agus tá iliomad scéalta móra agus beaga eile a tharla i mbliana fite fuaite leis an gcogadh sin – nach bhfuil an chuma air, faraor, go mbeidh sé thart inniu nó amárach.

Agus an t-alt seo á scríobh meastar go bhfuil os cionn 200,000 duine, idir shibhialtaigh agus saighdiúirí ar an dá thaobh, tar éis bháis. Meastar gurbh éigean do nach mór 16 milliún Úcránach a mbaile a fhágáil agus gur theith díreach faoi bhun a leath acu sin thar teorainn, an chuid is mó acu go dtí an tAontas Eorpach.

Chuaigh bratach na hÚcráine in airde ar fud na mór-roinne agus ar go leor pictiúirí próifíle ar na meáin shóisialta. Seoladh airm agus armlón. Glacadh go réasúnta fonnmhar le teifigh ón Úcráin. Agus, cé nach raibh mórán ag súil leis thiar i mí Feabhra, sheas Volodymyr Zelenskyy agus muintir na hÚcráine an fód.

Bhí agus tá tacaíocht fhorleathan san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh don Úcráin ach bheadh dul amú ar an té a cheapfadh gur amhlaidh atá sa chuid eile den domhan. Tá baint mhór aige sin le dara mórscéal na bliana, atá fite fuaite, gan dabht, leis an gcogadh san Úcráin: an t-ardú mór atá tagtha ar phraghsanna an bhia agus an fhuinnimh.

Ó thús an chogaidh i leith tá úsáid á baint ag Vladimir Putin as soláthar an gháis agus na hola mar arm, agus gan dabht tuigeann sé, leis, go bhfuil cuid mhór den domhan ag brath ar chruithneacht agus ar tháirgí bia eile ón Úcráin.

Chuir rialtais na hEorpa liúntais fuinnimh ar fáil dá gcuid saoránach ach sa domhan ó dheas, áit a bhfuil ardú mór millteach ar phraghsanna an fhuinnimh agus an bhia freisin ach nach bhfuil cúnamh den chineál céanna ar fáil, b’fhearr le go leor go mbeadh an cogadh thart – cuma cén taobh ag a mbeidh an bua.

Pé toradh a bheidh ar an gcogadh san Úcráin sa deireadh, fothoradh amháin nach raibh coinne leis, b’fhéidir, ná an borradh mór millteach a tháinig faoin bhfuinneamh inathnuaite. D’fhonn gan a bheith spleách feasta ar ghás agus ar ola na Rúise tá droim láimhe á tabhairt ag mórchuid tíortha san Eoraip do bhreoslaí iontaise i bhfad níos sciobtha ná mar a bhí súil leis. Más fíor do mheastachán na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (IEA) beidh fáil ar 2,400 gigeavata breise d’fhuinneamh inathnuaite as seo go ceann cúig bliana – sin 30 faoin gcéad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo. Más fíor do mheastachán an IEA, foinsí inathnuaite a chothóidh 40 faoin gcéad de sholáthar leictreachais an domhain faoin mbliain 2027.

Dea-scéilín é sin, óir arís eile (cúiteamh éigin don dochar a dhéanfaidh an t-athrú aeráide do thíortha bochta as an áireamh) níor cuireadh i gcrích mórán ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27), a eagraíodh in Sharm-El-Sheikh san Éigipt i mí na Samhna.

Idir an dá linn tá an domhan ag téamh leis. De réir na staitisticí, fuair na scórtha míle duine thar mar is gnáth bás san Eoraip sna míonna inar bhuail tonnta teasa agus triomach an mhór-roinn an samhradh seo; i mí Iúil, bhain an teocht 47 gcéim Celsius amach sa Phortaingéil. Sa Phacastáin, fuair nach mór 1,800 duine bás sna tuilte a bhuail an tír sin idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair agus arbh iad oighearshruthanna na Himiléithe, atá ag leá, ba chúis leo.

Cé nár imigh an coróinvíreas uainn go hiomlán, is cosúil – a bhuíochas sin do na vacsaíní gan dabht – go bhfuil ag éirí linn ‘maireachtáil leis an víreas’, nó go bhfuil an ‘imdhíonacht tréada’ chonspóideach úd bainte amach againn faoi dheireadh. I mí Mheán Fómhair chuaigh uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, chomh fada lena rá go raibh an phaindéim thart. Ní raibh ardstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO), Tedros Adhanom Ghebreyesus, ar aon intinn leis. ‘Tá muid gar dó – ach níl muid ann fós,’ a dúirt sé siúd.

Idir an dá linn bhí víreas eile, an víreas bolgaí moncaí, tar éis sceon a chur ionainn. Ar ámharaí an tsaoil ní raibh an víreas sin leath chomh contúirteach ná chomh tógálach leis an gcoróinvíreas, ach bhí conspóid dá chuid féin ag baint leis: an t-ainm, a raibh blas an chiníochais air, agus na síorthagairtí sna tuairiscí nuachta don Afraic agus d’fhir aeracha. I mí na Samhna, mhol an WHO ‘mpox’ a thabhairt ar an ngalar feasta.

Cé go bhfuair nach mór 700,000 duine bás ó Covid-19 sa Bhrasaíl ní raibh oiread tionchair agus a shílfeá aige sin ar thacaíocht Jair Bolsonaro, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl nuair a bhris an phaindéim amach agus a leanfaidh ar aghaidh sa phost sin go dtí deireadh na bliana seo. I mí Dheireadh Fómhair, d’éirigh le Luiz Inácio da Silva (Lula) an lámh in uachtar a fháil ar Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta – ach ní raibh eatarthu, sa deireadh, ach níos lú ná 2 faoin gcéad de na vótaí.

An mhí dár gcionn, ní raibh mórán idir an dá thaobh i dtoghcháin lár téarma na Stát Aontaithe ach oiread – ach d’éirigh níos fearr leis an bPáirtí Daonlathach ná mar a bhíothas ag súil leis. Cé go bhfuil móramh beag i dTeach na nIonadaithe anois ag an bPáirtí Poblachtánach, d’éirigh leis na Daonlathaigh a móramh sa Seanad a mhéadú oiread na fríde, le suíochán breise amháin. Ceann de na ceisteanna a luaitear leis an rath a bhí ar na Daonlathaigh sna toghcháin lár téarma ná an imní fhorleathan sna Stáit maidir lena bhfuil i ndán do chearta ban agus cearta LADT+ i ndiaidh don Chúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh i mí an Mheithimh nach é bunreacht feidearálach na tíre a shocrós cearta ginmhillte feasta, ach na stáit iad féin; ó shin, tá an ginmhilleadh mídhleathach i roinnt mhaith stát.

An eite fhíordheis a bhí i dtreis san Iodáil in olltoghchán i mí Mheán Fómhair, a tharla toisc gur thit comhrialtas Mario Draghi i mí Iúil. Ag an bpáirtí nuafhaisisteach Fratelli d’Italia agus roinnt páirtithe eile de chuid na heite deise a bhí an bua agus toghadh Giorgia Meloni mar phríomh-aire ar an tír – an chéad bhean riamh sa phost sin.

Bhí bua suntasach ag an eite fhíordheis sa tSualainn freisin, áit a bhfuil comhrialtas atá i bhfad amach ar an eite dheis i réim ó mhí Dheireadh Fómhair; sa Fhrainc, bhí rás an-teann idir Emmanuel Macron agus Marine Le Pen i dtoghchán uachtaránachta mhí Aibreáin. Ar an lámh eile, bhí buanna gan choinne ag an eite chlé in olltoghcháin sa Danmhairg agus sa Phortaingéil.

Cá bhfios cén tionchar a bhí ag na meáin shóisialta ar na toghcháin sin ar fad ach is cinnte gur mhéadaigh an chaint faoin mbagairt atá sna meáin chéanna sin don daonlathas, dar le roinnt mhaith daoine, tar éis don bhilliúnaí Elon Musk Twitter a cheannach i mí Dheireadh Fómhair. Tháinig meath ar an ardán sóisialta sin agus borradh dá bharr ardáin eile, Mastodon na Gearmáine agus Koo na hIndia ina measc.

I mí na Samhna seachas sa Samhradh a eagraíodh Corn an Domhain agus is iomaí caint a rinneadh san Eoraip faoi líon na ndaoine a fuair bás i dtógáil staideanna nua as an bpíosa sa ghaineamhlach agus faoi chearta daonna i gCatar i gcoitinne. Ní dhearnadh an oiread céanna cainte faoi na daoine a bhí ar a dteitheadh ó dhrochdhálaí saoil san Afraic agus a fuair bás i mbáidíní beaga ar an Meánmhuir, nó faoin gcaoi a gcaitheann an tAontas Eorpach leo siúd ar éirigh leo cóstaí na hEorpa a bhaint amach ina mbeatha.

D’fhéadfaí go leor a rá faoi shochraid Bhanríon Shasana Eilís II, a d’éag i mí Mheán Fómhair in aois a 96 – ach ní fhéadfaí a rá ina taobh nach ndearnadh caint ar an searmanas. Bhí móruaisle an domhain i láthair – rud nach raibh coicís roimhe sin nuair a cuireadh mórphearsa stairiúil eile i Moscó. De bharr an chogaidh san Úcráin, ba bheag ceannaire domhanda a d’fhreastail ar shochraid Mikhail Gorbachev, iarcheannaire deireanach an Aontais Shóivéadaigh agus an fear a chuir tús le glasnost agus perestroika, a d’éag in aois a 91.

I measc na ndaoine aitheanta eile a d’imigh ar shlí na fírinne i mbliana bhí príomh-aire na Seapáine, Shinzo Abe, a dúnmharaíodh i mí Iúil; an t-amhránaí agus an t-aisteoir Olivia Newton-John, an t-aisteoir agus an stiúrthóir scannán Sidney Poitier agus an t-aisteoir Angela Lansbury.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2022 – mórscéal amháin agus go leor scéalta móra agus beaga fite fuaite leis'