Súil le líon na gcainteoirí Manainnise a dhúbailt faoi phlean nua

Tá an straitéis nua ag iarraidh go mbeadh 5,000 cainteoir Manainnise ann faoin mbliain 2032

Súil le líon na gcainteoirí Manainnise a dhúbailt faoi phlean nua

Tá straitéis nua seolta chun breis is a dhá oiread a chur le líon na gcainteoirí Manainnise ar Oileán Mhanann taobh istigh de dheich mbliana.

De réir an daonáirimh is deireanaí, tá thart ar 2,200 duine ar an oileán atá in ann Gaeilge Mhanann a labhairt, a léamh nó a scríobh ach táthar ag súil go mbeidh 5,000 cainteoir ann faoi 2032. Breis is 84,000 duine ar fad atá ina gcónaí ar an oileán.

Sheol rialtas Oileán Mhanann Straitéis Teanga na Manainnise 2022-2032 an tseachtain seo agus iarracht á déanamh leas a bhaint as acmhainní ar líne agus feachtais feasachta chun foghlaim na teanga a spreagadh agus chun béim a chur ar an teanga mar ghné thábhachtach de chultúr an oileáin.

Tagann an straitéis nua sa mhullach ar phlean cúig bliana a cuireadh i bhfeidhm in 2017 le cur le líon na leanaí a bhí á dtógáil le Manainnis agus a bhí ag freastal ar ranganna Manainnise. Deirtear go bhfuil breis is 1,800 dalta ar an oileán anois atá ag foghlaim na Manainnise ar scoil.

Ag seoladh na straitéise nua, dúirt an tAire Oideachais Julie Edge go dtugann an Mhanainnis “tuiscint níos doimhne do dhaoine ar a bhféiniúlacht féin”.

Dúirt sí freisin go bhféadfaí úsáid a bhaint as an teanga chun an t-oileán a chur chun cinn ar fud na cruinne.

Tá sé leagtha amach sa straitéis gur chóir úsáid a bhaint as na meáin chun úsáid na teanga a spreagadh agus straitéis chuimsitheach a fhorbairt don chraoltóireacht sa Mhanainnis.

Deirtear freisin go dtabharfar deiseanna do pholaiteoirí sa pharlaimint an teanga a fhoghlaim agus a chur chun cinn agus go n-aistreofar ar a laghad píosa amháin reachtaíochta go Manainnis gach bliain agus go bhfoilseofar ar líne í.

Fág freagra ar 'Súil le líon na gcainteoirí Manainnise a dhúbailt faoi phlean nua'