Súil le gaisce stairiúil eile ó ‘An Cailín Ciúin’ agus na hainmniúcháin Oscar á bhfógairt

Tá an fadscannán Gaeilge i measc 15 scannán atá ag súil le ceann de na cúig ainmniúchán a fháil don Ghradam Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr

Súil le gaisce stairiúil eile ó ‘An Cailín Ciúin’ agus na hainmniúcháin Oscar á bhfógairt

Gheofar amach inniu an turas chuig na gradaim Oscar an chéad chor eile in aistear míorúilteach ‘An Cailín Ciúin’.

Tá an fadscannán Gaeilge i measc 15 scannán atá ag súil le ceann de na cúig ainmniúchán a fháil don Ghradam Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Beidh cuid de chliar agus de chriú an scannáin ag bailiú le chéile tráthnóna chun féachaint ar an bhfógra beo i bpictiúrlann an Stella i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt di le Tuairisc aréir, dúirt léiritheoir an scannán, Cleona Ní Chrualaoi, gur “meascán ceart de mhothúcháin” a bhí i gceist agus iad ag fanacht ar an bhfógra mór.

“Táimid dóchasach agus neirbhíseach agus ar bís agus go leor eile ag an am céanna! Cinnte, bheadh sé iontach an t-ainmniúchán a fháil, ní hamháin dúinn féin ach don tír agus don teanga.”

An Cailín Ciúin ar an gcéad scannán Gaeilge a bhain áit amach ar an ngearrliosta do na hainmniúcháin sa rannóg don scannán idirnáisiúnta ar fad.

Bheadh sé ar an gcéad scannán as Éirinn chun ainmniúchán a fháil don Ghradam Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Maidir leis an ainmniúchán a fháil, níl An Cailín Ciúin ina rogha mhór na coitiantachta ag gach iris agus saineolaí a bhíonn i mbun tairngreachta, ach má tá aon scannán chun a bhfuil á thuar a bhréagnú gach seans gurb é saothar Choilm Bairéad é.

Stiúrthóir agus léiritheoir ‘An Cailín Ciúin’, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi

Údar mór dóchais é don scannán Gaeilge, a deineadh faoin scéim Cine 4, go bhfuil sé roghnaithe ag an iris siamsaíochta mór le rá Variety i measc na gcúig scannán a mheasann siad atá chun ainmniúchán a fháil. B’amhlaidh an scéal i gcás The Holywood Reporter.

Tá na saineolaithe go léir den tuairim go bhfuil dianchoimhlint do na hainmniúcháin áirithe seo i mbliana.

Táthar ag déanamh talamh slán de go mbeidh ainmniúchán ag All Quiet on the Western Front na Gearmáine. Tá scannán Edward Berger faoi uafás an chéad chogaidh dhomhanda á lua go láidir chomh maith le hainmniúchán don Oscar don Scannán is Fearr.

Údar mór iontais a bheadh ann leis mura mbeadh ceann de na cúig ainmniúcháin ag Argentina, 1985, scannán ina dtroideann lucht dlí in aghaidh na deachtóireachta míleata brúidiúla a bhí san Airgintín.

Ar na scannáin eile a mheastar a mbeidh An Cailín Ciúin á fhéachaint leo d’ainmniúchán tá Close na Beilge, Decision to Leave na Cóiré Theas, EO na Polainne agus Bardo, False Chronicle of a Handful of Truths Mheicsiceo.

An Cailín Ciúin sa Táin cheana féin mar an scannán Gaeilge is mó rath riamh agus mar gheall ar na duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta go léir atá buaite aige.

Bhí an scannán sé mhí sna pictiúrlanna cheana agus tá sé á thaispeáint arís faoi láthair i 40 ceann ar fud na tíre. Díoladh amach faoi thrí é san IFI an deireadh seachtaine seo caite féin. €1.1 milliún ata gnóthaithe ag An Cailín Ciúin ag Oifig na dTicéad in Éirinn agus i Sasana.

Deir Cleona Ní Chrualaoi gur geall le “liathróid sneachta ag éirí níos mó agus níos mó” a bhí an scannán ó bhí a chéad léiriú aige ag Féile Scannán Bheirlín bliain ó shin.

Bhuaigh lucht an scannáin gradam mór ag an bhféile sin agus tá gaisce i ndiaidh gaisce déanta ó shin acu, agus dea-scéal i ndiaidh dea-scéil faighte acu.

Buntáiste mór a bhí i ngné na Gaeilge den scéal a chuir borradh faoin bpoiblíocht go léir a fuair an saothar, a deir an léiritheoir.

“Sheas sé amach mar gur i nGaeilge a bhí an scannán seo a raibh ag éirí go maith leis sna tíortha eile seo ar fad. Braithimid go bhfuil tírghrá ag baint leis an rud ar fad agus go bhfuil muintir na tíre ar fad taobh thiar dúinn. Is rud álainn an mothú sin.”

Ba é stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad, fear Chleona, a scríobh an script chomh maith don scéal teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil le páiste.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh dhá ainmniúchán BAFTA faighte ag An Cailín Ciúin – ceann don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus ceann don script scannán is fearr a aistríodh ó shaothar eile.

Tá an scannán bunaithe ar scéal le Claire Keegan, Foster.

Beidh a fhios inniu chomh maith cé mhéad ainmniúchán Oscar a bheidh ag The Banshees of Inisherin, scannán a deineadh an bhliain seo caite ar dhá oileán Gaeltachta – Inis Mór agus Acaill.

Meastar go mbeidh ainmniúchán ag The Banshees of Inisherin d’fhormhór na ngradam mór Oscar.

Is é Martin McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, a scríobh agus a stiúir an scannán.

Gabhadh buíochas le muintir Árann agus muintir Acla ag bronnadh na ngradam Golden Globes níos luaithe an mhí seo in Los Angeles, áit ar bhuaigh saothar McDonagh trí ghradam.

Colin Farrell, a bhuaigh gradam aisteoireachta dá ról in The Banshees of Inisherin, a ghabh buíochas le muintir na n-oileán Gaeltachta ar ar taifeadadh an scannán.

Fág freagra ar 'Súil le gaisce stairiúil eile ó ‘An Cailín Ciúin’ agus na hainmniúcháin Oscar á bhfógairt'