Súil le foilsiú bille teanga i dtús 2018, ach tuilleadh plé agus comhairliúcháin ar dtús

Cuireadh fáilte mhór roimh cheannteidil Bille leasuithe Acht na dTeangacha ar ghlac an Rialtas leo i mí Bealtaine, ach tá sé tugtha le fios ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil tuilleadh plé le déanamh faoin reachtaíocht nua

Súil le foilsiú bille teanga i dtús 2018, ach tuilleadh plé agus comhairliúcháin ar dtús

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfoilseofar an Bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú i dtús na bliana seo chugainn.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh gá le tréimhse chomhairliúcháin le ranna rialtais faoina bhfuil beartaithe sa Bhille agus faoi na dualgais a leagfar ar chomhlachtaí poiblí. Thug McHugh le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil na moltaí reachtaíochta le plé chomh maith ag dhá choiste rialtais idir seo agus deireadh na bliana. Luaigh sé go sonrach an plé atá le déanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí faoi cheist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís, agus thug an tAire le fios gur plé “deacair” a bheadh ansin. Suas le trí mhí a mhairfidh an tréimhse chomhairliúcháin leis na ranna rialtais eile.

Tá sé bliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasuithe eile in 2014 le linn do Dinny McGinley a bheith ina Aire Stáit Gaeltachta ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i mí Bealtaine go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Thug McHugh le fios tráthnóna go bhfuil sé i gceist chomh maith an Bille a chur faoi bhráid dá fhochoiste rialtais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu.

Cuireadh deireadh i mí Iúil leis an gcoiste Rialtais don Ghaeilge, an coiste is sinsearaí sa státchóras a bhíodh ag plé le cás na teanga.

Fógraíodh go mbeadh cúram na Gaeilge feasta ar an gcoiste a bheidh ag déileáil le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí agus an coiste a bheidh ag déileáil leis an Gheilleagar, Fostaíocht, an Breatimeacht agus an Plean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe.

Fág freagra ar 'Súil le foilsiú bille teanga i dtús 2018, ach tuilleadh plé agus comhairliúcháin ar dtús'