Súil le 4,000 ag mórimeacht ‘Beo’ i mBaile Átha Cliath inniu

Deir Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge gur deis í mórimeacht Bhliain na Gaeilge do phobal na Gaeilge ‘bród agus mórtas’ a léiriú don saol mór

Súil le 4,000 ag mórimeacht ‘Beo’ i mBaile Átha Cliath inniu

Táthar ag súil go mbeidh breis agus 4,000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath inniu don mhórfhéile shráide ‘BEO – Gaelach agus Bródúil’, príomhimeacht Bhliain na Gaeilge.

Beidh busanna ag tabhairt aghaidh ar an ardchathair ar maidin ó chuile chearn den tír agus daltaí scoile, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, teaghlaigh agus daoine eile á dtabhairt chomh fada leis an gceiliúradh.

Cuirfear tús leis an imeacht i gCearnóg Parnell i lár na cathrach ag meán lae, agus ansin, tosóidh an slua ag siúl síos Shráid Uí Chonaill i dtreo dheisceart na cathrach ag a aon a chlog.

Déanfaidh an mórshiúl a bhealach trasna na cathrach agus baileoidh daoine le chéile ag ardán ‘Beo’ i gCearnóg Mhuirfean ag a 2pm, tráth a gcuirfear tús le hóráidí, ceol agus siamsaíocht eile. 

I measc na n-aíonna a thabharfaidh caint uathu inniu, beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn agus an triúr ambasadóirí atá ag Bliain na Gaeilge 2018: Bláthnaid Ní Chofaigh agus Eoghan McDermott ó RTÉ, agus Lynette Fay ón BBC. 

Cuirfidh na grúpaí ceoil Scannal, Kíla agus Delorentos siamsaíocht ar fáil agus leanfar le cluichí, taispeántais lámhchleasaíochta, Púca Puppets, ceardlanna ióga agus damhsa ar an sean-nós mar aon le himeachtaí teaghlaigh eile sa chearnóg ina dhiaidh sin ag a 3in. 

Deir Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge gur deis í mórimeacht Bhliain na Gaeilge do phobal na Gaeilge “bród agus mórtas” a léiriú don saol mór.

“Is deis álainn í seo bród agus mórtas a léiriú mar phobal, agus le neart phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl don saol mór.

Dúirt Ní Ruairc go dtarraingeofaí suntas fosta ar “na héachtaí” a baineadh amach ó cuireadh tús leis an athbheochan 125 bliain ó shin agus ar “na dúshláin” atá le sárú ag pobal na Gaeilge go fóill.

Fág freagra ar 'Súil le 4,000 ag mórimeacht ‘Beo’ i mBaile Átha Cliath inniu'

  • Damien

    Is foghlaimeoir mé ach bhí sé sin lá speisialta é.Tá súil agam go mbeidh na imeachtaí cosúil le seo,taisteal ar thimpeall na tíre, cothrom go baile mór nó beag agus cuir chun cinn bhur teanga gaeilge.