Súil i dtuarascáil nua le léargas ar an gcultúr a chothaigh an DUP agus Sinn Féin

Is fada daoine ag fanacht leis an tuairisc faoi scannal an RHI a fhoilseofar inniu, tuairisc a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici don pholaitíocht i dTuaisceart Éireann

Súil i dtuarascáil nua le léargas ar an gcultúr a chothaigh an DUP agus Sinn Féin

Póilín Ní Chiaráin

Sa Ghailearaí in Stormont inniu ag 2pm foilseoidh an Breitheamh, Sir Patrick Coghlin tuarascáil an fhiosraithe faoin RHI an scéim fuinnimh inathnuaite a chuir Stormont dá bhonn i mí Eanáir 2017. Is fada daoine ag fanacht leis an tuairisc a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici don pholaitíocht i dTuaisceart Éireann.

Chuir an-chuid den fhianaise a tháinig chun solais ag éisteachtaí poiblí an fhiosraithe alltacht ar dhaoine faoi chomh mífheidhmiúil is a bhí Stormont faoi réim an DUP agus Sinn Fein. Ba é an DUP an páirtí ba mheasa a tháinig as ach tógadh ceisteanna faoi Shinn Féin freisin. Rinneadh dochar mór do cháil na státseirbhíse a bhí ag géilleadh do chultúr rúndachta an DUP/SF agus bhain an fhaisnéis faoi cheapadh, iompar agus cumhacht mhór na gcomhairleoirí neamhthofa croitheadh as an bpobal.

Bhí ceannaire an DUP, Arlene Foster sáite sa chonspóid. Ba ise, mar Aire Fiontair in 2012, a bhunaigh an scéim do lucht gnó ar mhaithe le hastacháin charbóin a laghdú. Ba ise an Céad-Aire nuair a bhris an scéal faoin bpraiseach a bhí déanta den scéim fuinnimh inathnuaite agus dhiúltaigh sí seasamh i leataobh fad is a bheadh ‘imscrúdú’ teoranta ar siúl.

Ba é a mhalairt de thoradh a bhí ar an scéim mar baineadh ró-úsáid aisti toisc go raibh brabach le déanamh. Murab ionann agus an scéim sa Bhreatain níor cuireadh srianta caiteachais ar dheontas ar an scéim in Stormont. Bheadh £1.60 as gach £1 a chaithfí ar an gcóras teasa inathnuaite le fáil, gan laghdú, go ceann fiche bliain. D’imigh caiteachas ó smacht agus áiríodh go gcosnódh sé £500 milliún ar sparán Stormont.

Thairis sin cuireadh moill ar bheartais leasaithe chun róchaiteachas a cheansú.

Nuair a bhí clabhsúr á chur ag an mBreitheamh Coghlin ar na héisteachtaí bliain agus ráithe ó shin, dúirt sé gur dhócha go mbeadh diancháineadh ina thuarascáil ar dhaoine ar leith agus nó ar fhorais i ngeall ar ghníomhartha nó easpa gnímh. Mar sin féin, bhí sé diongbháilte de nach gcaithfí go héagórach le héinne.

Tá a fhios cheana féin ag na daoine agus na forais a cháinfear cé hiad féin agus cén breithiúnas a thabharfar orthu. Chuir an fiosrú litreacha chucu breis is leathbhliain ó shin agus bhí deis acu aighneachtaí a dhéanamh. Ní fhoilseofar na haighneachtaí.

Cuirfear suim mhór i mbreithiúnas an Bhinse ar iompar Arlene Foster, bunaitheoir an RHI, a dúirt leis an bhfiosrú nach raibh an bille chun an scéim a bhunú léite aici nuair a mhol sí í don Tionól, Deir sí freisin nár cuireadh ar an eolas í faoi easnaimh i ndréachtú na scéime agus nár ghlac sí freagracht as iompar a chomhairleora neamhthofa, an Dr Andrew Crawford. Beidh suim freisin i ndearcadh an Bhinse ar na líomhaintí gur chuir an Dr Crawford agus Ard-Rúnaí an DUP Timothy Johnston moill ar cheartú agus cealú na scéime. Shéan an Dr Crawford líomhaintí gur mhol sé ‘go líonfaí a mbuataisí’ le hairgead ón RHI mar gur Londain a d’íocfadh as.

Beidh scagadh á dhéanamh freisin ar a bhfuil sa tuarascáil faoi chás beirt atá éirithe as an Tionól, Simon Hamilton an DUP, a sceith cáipéisí in iarracht chun a theacht i gcabhair ar an DUP agus Jonathan Bell, an t-iar-aire a thit amach leis an DUP agus a rinne líomhaintí faoi Arlene Foster agus comhairleoirí an DUP.

Liosta le háireamh iad na daoine eile a mbeifear san airdeall féachaint cén bharúil a nochtfaidh an fiosrú fúthu, idir pholaiteoirí, státseirbhísigh agus comhlachtaí seachtracha a fostaíodh le hanailís a dhéanamh. Beidh léargas ann freisin ar an gcultúr a chothaigh an DUP agus Sinn Féin le linn na ndeich mbliana nach mór ar roinn siad cumhacht go dtí Eanáir 2017.

Beifear ag faire freisin ar bhreithiúnas an fhiosraithe ar Mháirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, atá éirithe as an Tionól, a chuir cinneadh san Roinn Airgeadais faoi bhráid daoine neamhthofa.

Díol suntais is ea é tuarascáil a bhfuil an pobal ag dréim léi le bliain a bheith á foilsiú san iarnóin ar an Aoine. An t-am ceart le drochscéal a cheilt a dúirt go leor, ina measc an Teachta Tionóil de chuid an SDLP Matthew O’Toole a bhíodh ina fheidhmeannach in Uimhir 10 Sráid Downing. Is é an Breitheamh Coghlin agus ní hiad an DUP nó Sinn Féin a shocraigh an dáta agus an t-am. Dúirt sé gurb in an uain a d’fheil dó féin agus a bheirt chomhghleacaithe, na saineolaithe a bhí ar phainéal an fhiosraithe, Dame Úna O’Brien agus an Dr Keith MacLean.

Fág freagra ar 'Súil i dtuarascáil nua le léargas ar an gcultúr a chothaigh an DUP agus Sinn Féin'