Súil Eile TG4 ag gliúcaíocht mar gur cheart di a bheith ag an Oireachtas

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bíonn TG4 os cionn a bhuille nuair a bhíonn ábhar cosúil leis an Oireachtas idir lámha acu – craoltóireacht nádúrtha agus éifeachtach a bhíonn ann

Seo linn

Cairpéad draíochta, stéibh d’amhrán in omós do Julia Roberts, steipeadaíol an tsean-nóis agus sleaischéimeanna an rugbaí. B’shin an meascán mearaí d’ábhar a bhí os ár gcomhair ar dheireadh seachtaine na Samhna agus an Oireachtais, gan trácht ar an marcach mistéireach ar mhuin capaill!

Bhí TG4 luite amach orthu féin lena gclúdach Oireachtais is cláracha beo Nuacht TG4, uair an chloig ar fad, ag teacht ó Óstán an City West ar an Déardaoin agus an Aoine. B’fhéidir go mbeadh sé níos oiriúnaí an craoladh a bheith ann ar an Aoine agus an Satharn ach pé acu scéal é, bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar Eimear Ní Chonaola bocht agus í ina seasamh ar feadh uair an chloig ag iarraidh caint a chur ar go leor aíonna difriúla beo ar an aer. Dar liom go mba cheart go mbeadh comhghleacaí ina teannta le lámh chúnta a thabhairt di le hamhábhar nach bhfuil sé chomh fuirist sin a ionramháil.

Is geall le heagrán do Féilte é clár mar seo seachas clár sollúnta nuachta, agus ní mar cháineadh a deirim sin. Dá bhrí sin, caithfear atmaisféar réchúiseach, éadromchroíoch a choiméad sa tsiúl. Dhein Eimear seo go paiteanta, gaisce nach beag óir is in iomaire na nuachta a bhíonn sí ag rómhar de ghnáth.

Cé gur nós anois é bheith ag craoladh ó fhorsheomra an óstáin, n’fheadar an smaoineamh maith é. Nuair a bhí muintir Uí Cheallaigh ag caint is ag canadh, is ar éigean go rabhas in ann iad a chlos. Ina theannta sin, chonac fógra de chuid Newstalk ag stepadaíol tríd an slua. Bhain amhrán Antaine Ó Farracháin gáire asam agus mé ag cuimhneamh ar cad déarfadh duine nach raibh aon chur amach aige ar an Oireachtas lena leithéid.

Bhí míreanna beaga deasa faoi stair an Oireachtais agus Diarmaid Mac an Adhastair fite fuaite leis an gceol, caint agus cuileachta. Baineadh gáire dóite asam agus mé ag féachaint ar an tuairisc a bhí ar Six One (RTÉ, Déardaoin). Ba dhóigh leat gur ag caint faoi fhéile allúrach éigin i dtír i bhfad i gcéin a bhíothas. Bhí clúdach beo ar an gcomórtas rince ar an sean-nós (Steip, TG4, Dé Sathairn) agus bainim súp i gcónaí as stepadaíol na mbuaiteoirí tar éis bhronnadh na ngradam.

Is dóigh liom go mbíonn TG4 os cionn a bhuille nuair a bhíonn ábhar cosúil leis an Oireachtas idir lámha acu. Craoltóireacht nádúrtha agus éifeachtach, mar a bhíonn gach bliain ón Oireachtas ag Raidió na Gaeltachta. An tSúil Eile sin ag gliúcaíocht mar gur cheart di a bheith.

Timpeall an ama chéanna leis seo, bhí Corn an Domhain sa rugbaí (Rugby World Cup 2015, TV3) ag tarraingt ar cheann scríbe agus sleaschéimeanna de shaghas eile againn. Dar liom gur imigh an ghaoth as seolta an chomórtais seo do mhuintir na hÉireann nuair a chuir an Airgintín de dhroim seoil sinn. Maítear go raibh comórtas na bliana seo ar cheann de na cinn is fearr le blianta. Measaim féin go mbíonn briathar móra ag lucht an rugair go minic agus t-aon rud atá fanta liomsa ná gur chacamar ar na huibheacha arís nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Dhein an Aimsir Láithreach gaisce ar na meáin shóisialta ar oíche Shamhna nuair a thug Caitlín Nic Aoidh réamhfhaisnéis na haimsire amhail is go raibh sí ar chairpéad draíochta. Tugtar cur síos ar a gcuntas Twitter ar conas mar a d’éirigh leo Caitlín a chur ar foluain. Seans go bhfuil roinnt daoine eile fós ‘ar foluain’ inné agus iad tagtha abhaile ó iarthar Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Súil Eile TG4 ag gliúcaíocht mar gur cheart di a bheith ag an Oireachtas'