‘Súil eile’ sa Taibhdhearc, dráma sa gCladach, club leabhar i nDoire agus preab-Ghaeltacht i Sciobairín

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘Súil eile’ sa Taibhdhearc, dráma sa gCladach, club leabhar i nDoire agus preab-Ghaeltacht i Sciobairín

AMHARCLANNAÍOCHT

Gailísigh is Freaslannaigh ag tuirlingt ar An Taibhdhearc

Beidh compántais amharclainne ag teacht go dtí an tSráid Láir i nGaillimh chun ócáid amharclainne idirnáisiúnta a chur ar bun. Is iad Fíbín sa Taibhdhearc atá ag óstáil na hócáide, Súil Eile, a bheidh ar bun ar an Aoine, an 26 Iúil. Níl aon táille ar an doras.

Dhá chompántas Eorpacha a bheidh ag glacadh páirt sa seó. Tryater ón bhFreaslainn san Ísiltír ceann acusan. Compántas ilteangach é seo atá ina chuid den infreastruchtúr cultúrtha náisiúnta san Ísiltír. Cuireann siad suas le 270 léiriú ar bun in aghaidh na bliana idir mhór agus bheag agus deir siad go mbíonn  thart ar 25,000 duine de lucht féachana acu. Tá an comhlacht lonnaithe i gcathair Leeuwarden, príomhchathair na Freaslainne, ach caitheann siad cuid mhaith ama ar camchuairt.

Is é an compántas amharclannaíocht eile a bheidh le feiceáil ag ‘Súile Eile’ sa Taibhdhearc ná Centro Dramático Galego ó cheantar na Gailíse sa Spáinn. Bunaíodh an comhlacht seo in 1984. Is é an Salón Teatro an baile atá ag an gcomplacht agus tá os cionn 70 léiriú curtha ar stáitse acu le fiche bliain anuas. Cuid thábhachtach dá gcuid oibre saothar le scríbhneoirí na Gailíse a chur chun cinn.

Is cuid de thogra an Aontais Eorpaigh Phōnē an ócáid amharclainne sa Taibhhearc. Gréasán amharclainne é Phōnē a bhfuil amharclanna réigiúnacha agus mionteangacha páirteach ann agus é d’aidhm aige éagsúlacht chultúrtha is teanga a chosaint is a chur chun cinn.

An Fear Liath dráma nua le Philip Doherty á léiriú sa gCladach

Beidh an dráma An Fear Liath le Philip Doherty á stáitsiú ón Déardaoin an 25 Iúil go dtí an Satharn an 27 Iúil i nGaillimh. Tá an dráma á léiriú ag Fíbín sa Taibhdhearc i gcomhpháirt le Centro Dramático Gaelego agus Tryater mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Scríofa ag Philip Doherty agus á stiúradh ag Fran Núnez, beidh an dráma á chur ar bun amuigh faoin aer sa gCladach i gCathair na Gaillimhe.

Scéal ón mbéaloideas faoi charachtar ar a dtugtar ‘an fear liath’ a spreag an dráma seo, agus é ag faire go fealltach ar dhaoine os cionn uisce. Baintear croitheadh as pobal beag iascaireachta nuair a imíonn trálaer áitiúil amú ar an bhfarraige. Filleann Joan, an iníon is sine ag muintir an trálaeir, abhaile ach ní fada go mbíonn sí gafa i ngréasán piseog, ceilge agus dúnmharaithe.

Taispeántas oíche amuigh faoin aer, a bheidh ann. Tá ticéid ar fáil anseo.

CLUB LEABHAR

Léigh agus Pléigh – club leabhar Gaeilge nua i nDoire

Tá Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhar le Little Acorns Bookstore ag cur tús le club leabhar Gaeilge i nDoire. Is í an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin, atá ina scríbhneoir cónaithe le Cultúrlann Uí Chanáin, a stiúrfaidh an seisiún.

Beidh an chéad chruinniú de chuid an chlub leabhair ar bun ar an Satharn, an 20 Iúil ag 1i.n ar feadh uair an chloig i siopa leabhar Little Acorns., 18 Great James’ Street, Doire. Is é seo an siopa leabhar neamhspleách is mó i gceantar thiar thuaidh na hÉireann. Cuireann siad béim ar leabhair Éireannacha agus tá rogha mhaith leabhair Ghaeilge ar fáil ann.

An leabhar a bheidh á phlé ná Súile Éisc agus Scéalta Eile, cnuasach gearrscéalta le Michelle Nic Pháidín. Tá an leabhar ar fáil le ceannach ó shiopa leabhar Little Acorns.

 

FÉILTE

Preab-Ghaeltacht ag Féile Ealaíon an Sciobairín

Féile bheag taobh istigh d’fhéile atá tugtha ar an rogha imeachtaí atá á reáchtáil mar chuid de Pop-Up Gaeltacht ag Féile Ealaíon an Sciobairín. Beidh na himeachtaí ar siúl ón Luan an 29 Iúil go dtí an Satharn an 3 Lúnasa ag 49 North Street i gcomhar leis an gclár ‘Resonate’. Níl aon táille ar na himeachtaí ach cuirfear fáilte roimh shíntiúis dheonacha.

Beidh cur i láthair ceoil agus filíochta le Thaddeus Ó Buachalla ar bun ar an Luan, an 29 Iúil ó 2–3:30pm. Scríbhneoir, úrscéalaí, file agus ceoltóir é Ó Buachalla arb as cathair Chorcaí ó dhúchas dó. Tá dhá leabhar curtha amach aige Clochán sa Scoilt (Coiscéim, 2019) agus El, (Coiscéim, 2022), úrscéal a bhuaigh Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge ag na An Post Irish Book Awards. Tá a sheó Immram an Phréacháin curtha i láthair aige ag ionaid éagsúla ar fud na tíre ó rinne sé an chéad léiriú air ag féile IMRAM i mBaile Átha Cliath.

Ar an Mháirt, an 30 Iúil ag a 2pm cuirfidh an t-amhránaí Máire Ní Chéilleachair ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós ar bun. Amhránaí as an bhFearann i gCo. Chorcaigh í Máire Ní Chéilleachair agus thug sí a grá don amhránaíocht óna muintir arbh as Cill na Martra i Múscraí iad ó dhúchas. Tá sí ag múineadh na hamhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga ó cuireadh tús leis an scéim ‘Aisling Gheal’ sa mbliain 2000. Beidh amhráin i nGaeilge agus i mBéarla á múineadh aici sa gceardlann, chomh maith le teicnící amhránaíochta agus stíle.

Leanfar leis na himeachtaí ar an gCéadaoin, an 31 Iúil agus siúlóid dhátheangach ar bun go dtí an charraig. San imeacht ‘Bilingual Walk to the rock’ cuirfidh an file, ceoltóir agus ealaíontóir Pól Ó Colmáin siúlóid threoraithe ar fáil agus lena linn roinnfear eolas faoi stair an cheantair chomh maith leis na radharcanna breátha a fheiceáil.

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí eile le fáil anseo.

CEARDLANN

Ceardlanna Scríbhneoireachta i Leabharlanna Phort Láirge

Beidh Leabharlanna Phort Láirge ag cur sraith ceardlanna scríbhneoireachta saor in aisce ar bun i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann le maoiniú ó Creative Waterford agus Dún Garbhán le Gaeilge.

Tá péire de na ceardlanna maoinithe i mbliana ag Dún Garbhán Le Gaeilge. Cuirfear ceardlann filíochta agus ceardlann ficsin ar fáil le scríbhneoirí Gaeilge mar chuid den chlár agus is i Leabharlann Dhún Garbhán a bheidh an dá cheardlann i nGaeilge.

Is é Colm Ó Ceallacháin a chuirfidh an cheardlann ficsin ar bun agus é dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil roinnt taithí acu. Beidh ‘Ficsean le Colm Ó Ceallacháin’ ar bun ar an 17 Lúnasa.

An file Joanne McCarthy a chuirfidh an cheardlann filíochta ar fáil agus feadfaidh na daoine a bheidh páirteach sa cheardlann a gcuid filíochta i nGaeilge a chur ar fáil agus a gcuid dánta féin a scríobh. Cuirfear ‘Filíocht le Joanne McCarthy’ ar bun ar an 23 Samhain.

Níl aon táille ar na ceardlanna ach tá líon teoranta spásanna ar fáil agus ní mór spás a chur in áirithe roimh ré. Is do dhaoine fásta amháin na ceardlanna seo. Is é Dé hAoine, 2 Lúnasa, an sprioclá d’iarratais ar na ceardlanna ar fad.

Tá na foirmeacha iarratais ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Súil eile’ sa Taibhdhearc, dráma sa gCladach, club leabhar i nDoire agus preab-Ghaeltacht i Sciobairín'