SÚIL CHUN CINN: Cad a tharlóidh sa chogadh san Úcráin in 2023?

‘Titfidh Cív laistigh de chúpla lá!’ na tuar a bhí ag mórán in earrach na bliana seo caite. Tá ceachtanna foghlamtha ó shin…

SÚIL CHUN CINN: Cad a tharlóidh sa chogadh san Úcráin in 2023?

Scríobh mé a lán altanna faoin Úcráin i Tuairisc anuraidh. Ghlac mé cur chuige cúramach agus tomhaiste i dtaca le tairngreachtaí faoi cad a bhí le tarlú tar éis dom tráchtairí eile a fheiceáil ag déanamh amadáin díobh féin lena leithéid.

Ní shílfeadh ach amadán go ndéanfadh an Rúis ionradh ar an Úcráin! Titfidh Cív laistigh de chúpla lá! Níl ann ach ceist ama go dtí go ngabhfaidh an Rúis an Donbas ar fad!

Ach bhuel seo iad na laethanta ciúine idir dhá Nollaig agus bhí eagarthóir Tuairisc ag iarraidh altanna ag caitheamh súil chun cinn ar 2023. Mar sin táim chun géilleadh beagáinín níos mó do chleachtas na dtairngreachtaí.

Ach mar chosaint dom féin, seachas a thuar go cinnte go dtarlóidh ceann ar bith de na rudaí seo, tabharfaidh mé an dóchúlacht as 100% go dtarlóidh sé, dóchúlacht nach bhfuil bunaithe ar rud ar bith ach mo chuid staidéir agus anailíse teoranta fhéin.

An seans go gcríochnóidh an cogadh seo agus an Donbas ar fad i seilbh na Rúise. 5%.

An seans go gcríochnóidh an Rúis agus níos mó críocha de chuid na hÚcráine ina seilbh ná mar atá acu anois. 10%

Agus seo á scríobh, níl an Rúis ábalta dul ar an ionsaí áit ar bith seachas thart ar bhaile Bakmhut, áit a bhfuil an grúpa Wagner ag déanamh íobairtí de na mílte trodairí in iarracht a chruthú don Chreimil go bhfuil siad níos éifeachtaí ná an chuid eile d’fhórsaí armtha na Rúise.

Tá meanma fhórsaí na Rúise íseal, tá a lán dá saighdiúirí nua ar bheagán traenála, tá a stoc airm agus a gcórais lóisteála faoi bhrú. Is deacair a fheiceáil conas a chasfadh taoide an chogaidh mór go leor i bhfabhar na Rúise chun go n-éireodh leo ceachtar den dá aidhm sin a bhaint amach.

An seans go gcríochnóidh an cogadh a bheag nó a mór ag na frontaí atá ann faoi láthair. 30%

An seans go gcríochnóidh an Úcráin an cogadh agus níos mó tailte acu ná mar atá faoi láthair. 60%

Tá sé ag éirí níos deacra d’aon taobh dul chun cinn a dhéanamh. Tháinig na hÚcránaigh aniar aduaidh ar na Rúisigh i Kharkiv. Ba dheacair do na Rúisigh Kherson a chosaint agus é scoite amach ar an taobh thiar den Dnipro. Ar an dtaobh eile den scéal ó fuair an Úcráin córais airm nua ó Mheiriceá, ar nós na HIMARS, tá buntáiste ollmhór airtléire na Rúise curtha ar ceal.

Níl an chuma ar an scéal go bhfuil mórán cumas concais fágtha ag fórsaí na Rúise gan an buntáiste ollmhór sin. Mar sin caithfidh go bhfuil seans ann gur i dtreo sáinne a rachaidh an cogadh sa bhliain seo romhainn.

Ar an dtaobh eile den scéal mothaím gur dóichí ná a mhalairt nach dtarlóidh sé sin. Tá sé cruthaithe ag fórsaí na hÚcráine arís agus arís go bhfuil siad ábalta preab a bhaint as na Rúisigh, go bhfuil a gceannairí míleata níos cliste ná ceannairí na Rúise, agus go bhfuil siad níos diongbháilte ná a gcéile comhraic mar go bhfuil siad ag troid ar son a dtíre agus a muintire féin. Creidim gur dócha go n-éireoidh leis na hÚcránaigh ar a laghad sceilp nó dhó eile a bhaint as na tailte atá tógtha ag na Rúisigh.

An seans go n-éireoidh leis an Úcráin chuile orlach beo dá dtír a athghabháil, an Chrimé san áireamh. 10%

Mar a dúradh cheana tá sé ag éirí níos deacra dul chun cinn a dhéanamh sa chogadh seo.

Tá sé níos éasca don Rúis tailte a chosaint le saighdiúirí nach bhfuil traenáilte go maith ná mar atá sé dul ar an ionsaí. Is léir fiú ag breathnú ar mheáin stáit na Rúise nach gcreidtear i ndáiríre gur chuid den Rúis iad na críocha nua-ghafa in ainneoin na hionghabhála.

Scéal difriúil í an Chrimé – féachtar uirthi mar chuid den mháthairthír a bhí ‘tugtha’ don Úcráin de bharr botún stairiúil. Troidfear go fíochmhar ar a son.

Ní bheidh Meiriceá ag iarraidh tacú leis an Úcráin dul chomh fada leis an Chrimé a athghabháil mar ní ar a leas siúd é go dtitfeadh an Rúis as a chéile nó go mbeadh an baol ann go ndéanfadh Putin rud éigin díchéillí agus é ar an dé deiridh ar nós tír de chuid NATO a ionsaí nó buama núicléach a úsáid.

Ar an dtaobh eile den scéal creideann na hÚcránaigh go diongbháilte gur cuid dá dtír siúd í an Chrimé agus gur féidir leo í a athghabháil. Níor chóir a chur as an áireamh go mbainfidh siad stad asainn go léir arís mar atá déanta acu cúpla uair cheana. Agus ní féidir a chur as an áireamh ach oiread go dtitfidh fórsaí na Rúise as a chéile ar fad.

Níl an chuma ar an scéal faoi láthair go dtarlóidh sin, ach ní fheictear na rudaí seo ag tarlú go dtí go dtarlaíonn siad de ghnáth.

An seans go mbeidh Putin curtha as an gcumhacht faoi dheireadh na bliana seo. 15%

Má chailleann an Rúis an Chrimé, sin deireadh le Putin cinnte. Má chríochnaíonn siad an cogadh le níos lú ná mar a bhí acu ar an 24 Feabhra 2022 is dócha gur deireadh é sin leis freisin.

An seans go mbrisfear Cónaidhm na Rúise óna chéile. 5%

D’fhéadfadh teip iomlán don Rúis, ní hamháin deireadh a chur le réimeas Putin ach d’fhéadfadh todhchaí Chónaidhm na Rúise fhéin a bheith i mbaol. Beidh Meiriceá agus an tIarthar ag iarraidh é sin a sheachaint mar ní chun a leasa é go mbrisfeadh ollchumhacht ag a bhfuil 6000 stoc núicléach óna chéile, go háirithe mar gur dócha go mbeadh cogaíocht mar chuid den scéal.

Ach uaireanta cuireann abhainn na staire thar maoil agus ní féidir rud ar bith a dhéanamh chun stop a chur leis na tuilte ach fanacht go dtráfaidh siad agus go bhfeicfear cén cruth nua a bheas ar chúrsaí.

An seans go mbeidh an Úcráin san Aontas Eorpach laistigh de 20 bliain. 75%

Tá ionradh na Rúise tar éis deireadh a chur le tionchar mór na Rúise i stát neamhspleách na hÚcráine agus a chinntiú gur i dtreo an Aontais Eorpaigh a bheidh a todhchaí. Is i dtreo an Aontais a bhreathnaíonn formhór mhuintir na tíre sin anois dá dtodhchaí, go háirithe na glúine óga.

Leis na híobairtí atá déanta acu – mar a fheictear dóibhsean é – ag troid ar son idéal daonlathach liobrálach Eorpach – beidh ar an Aontas Eorpach sin a chúiteamh leo. Is cinnte go mbeidh caidreamh i bhfad níos dlúithe acu leis an Aontas Eorpach agus is é is dóichí ná a mhalairt gur mar lán-bhallstát a bheidh an tír i ndeireadh na dála.

An seans go mbeidh an Úcráin i NATO laistigh de 20 bliain. 10%

Tá tacaíocht ollmhór anois san Úcráin do bhallraíocht i NATO. Ach ní raibh mórán fonn riamh ar roinnt de phríomhthíortha NATO iad a scaoileadh isteach, go háirithe an Ghearmáin agus an Fhrainc.

Ní dócha go gcríochnóidh an cogadh seo agus gach orlach den Úcráin faoi sheilbh na hÚcráine agus ní dócha go nglacfaidh an Úcráin go hoifigiúil le seilbh na Rúise ar chuid ar bith dá dtír. Fágfaidh sin go mbeidh coimhlint teorainn fhadtéarmach idir an Úcráin agus an Rúis.

Ní scaoilfear tír a bhfuil coimhlint teorann reatha aici leis an Rúis isteach i NATO. Ach má theipeann go hiomlán ar an Rúis san Úcráin, is scéal eile ar fad a bheas ann.

An seans go mbainfidh an Rúis a bun-aidhm sa chogadh amach – deireadh a chur leis an Úcráin mar thír neamhspleách. 0.1%

Níor mhiste a rá go bhfuil daoine i rialtas na Rúise agus tráchtairí mór le rá a admhaíonn i gcónaí gurbh í an aidhm atá acu an Úcráin a ghlanadh den léarscáil, deireadh a cur leis an bhféiniúlacht Úcránach agus athoideachas a chur ar mhuintir na hÚcráine ionas go dtuigfidh siad gur Rúisigh iad i ndáiríre.

Agus pé bealach a chríochnóidh an cogadh seo, is dócha go mbreathnóidh na staraithe air mar bhua mór do náisiún na hÚcráine gur sheas sí an fód i gcoinne na Rúise agus nár lig sí dó sin tarlú.

Fág freagra ar 'SÚIL CHUN CINN: Cad a tharlóidh sa chogadh san Úcráin in 2023?'

  • Seán Mag Leannáin

    “Ach uaireanta cuireann abhainn na staire thar maoil agus ní féidir rud ar bith a dhéanamh chun stop a chur leis na tuilte ach fanacht go dtráfaidh siad agus go bhfeicfear cén cruth nua a bheas ar chúrsaí.” Seo í an bhunfhadhb sa gcoimhlint seo. Níl a fhios ag éinne cá háit nó cá huair a gcríochnóidh sé. Má chuireann amhainn na staire thar maoil tá an chuma air go nglacann Fachtna leis go mbeidh sé seo chun leas na hÚcráine ach sa chás ba mheasa d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh sé chun aimhleas gach tír sa gcoimhlint – an Úcráin, an Rúis agus na tíortha san Iarthar (muidne ina measc) a thugann tacaíocht don Úcráin. Seans go gcríochnóidh an choimhlint reatha i leamhsháinn a bheidh chun leas na hÚcráine ach tá seans eile ann go gcríodhnóidh sé le hollscrios a bheidh chun aimhleas an chine dhaonna ar fad. Sin an chontúirt mhór a bhaineann leis an gcoimhlint seo agus ní féidir é a chur as an áireamh. Mar a dúirt ár laoch féin John Hume i bhfad ó shin ‘tá sé éasca an chéad chloch a chaitheamh ach níl a fhios ag éinne cá dtitfidh an chloch sin’.

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Agus ar ndóigh seo mo thairngeacht á thuar (céad faoin chéad)
    ach ar dtús
    Ar aghaidh chun Bua, A Úchráin

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh go hiomlán.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.

    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall nuair a bheidh an costas ró-ard orthu agus an margadh ag cur focal ina gcluas ó thaobh boilscithe de.

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait, ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Bainfidh an Rúis úsaid as airm cheimiceachaí chomh luath agus a oireann sin dóibh nuair a bhíonn a cuid saighdiúirí bailithe as na críocha gafa acu agus muna n-oibríonn sin airm núicléacha ag léibhéal íseal.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Mór Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Árdán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************