Súil chun cinn ar scannáin 2015

Ó Star Wars ar Sceilg Mhichíl go Klondike i gConamara, caitheann Breandán M Mac Gearailt a shúil ar na hiontais a bheidh ar an scáileán in 2015.

Daniel Craig - New James Bond movie Casino Royale

Déanann Hollywood craos air féin gach bliain le scannáin leantacha agus borradh a chur de shíor faoi sheanlaochra ach is bliain faoi leith é 2015 gan aon agó.

An seachtú gála do Star Wars, Jurrasic Park ar ais ar an bhfód, Bond ar a sheanléim, an dara scannán Avengers, an seachtú gála do Fast agus Furious, an séú gála de Mission Impossible, an tríú gála do Taken, an gála deireanach do The Hunger Games, léamh eile ar do The Fantastic Four maraon le Mad Max agus The Terminator ar ais i mbun maraithe.

Tá scannáin eile ann, gan na maisiúcháin agus na róbait, ar fiú féachaint orthu.

Seo blaiseadh díobh……

Star Wars VII: The Force Awakens: Seo hé an t-arrachtach ar íor na spéire agus ar mhullach Sceilg Mhichíl. Thosaigh daoine ag rith le brothall le déanaí nuair a seoladh an réamhbhlaiseadh don seachtú gála agus is cinnte go mbeidh fothragadh ann an tacaid seo an bhliain seo chugainn nuair a sheolfar an scannán é féin.

Tá na seanphlandaí ar fad tagtha thar n-ais; Carrie Fisher, Harrison Ford agus Marl Hamill maraon le leithéidí Andy Serkis agus Domhnall Gleeson na hÉireann earcaithe. Beidh na claimhte solais á láimhseáil agus dríodar cainte faoi The Force. An cheist ná an mbeidh Darth Vader le feiscint?

Saoirse Ronan is Pretty in Pink on the set of "Brooklyn" **USA ONLY**

Brooklyn: An fear sin Domhnall Gleesson arís; tá an t-ádh ina rith air ar na saolta seo.

Sa táirge seo, atá bunaithe ar leabhar Colm Tóibín den teideal céanna, tá sé fara Saoirse Ronan, bean eile atá in airde láin. Is é Nick Hornby a sholáthraigh an script scannáin.

Beidh an chéad taibhiú ag Féile Sundance an mhí seo chugainn, rud a thugann a léargas féin ar chaighdéan an tsaothair. Scéal mothúchánach, rómánsach atá idir chamáin agus é lonnaithe in Éirinn agus Brooklyn na gcaogaidí.

Klondike: Is sraith teilifíse ceithre chlár a bheidh anseo ach ba shuarach an mhaise a bheadh ann gan tagairt a dhéanamh do mhórshaothar drámaíochta TG4 in 2015.

Tá an tsraith bunaithe ar leabhar le Micheál Mac Gabhann agus díríonn sé ar thriúr deartháireacha a théann i muinéal a chéile agus in adharca piarda mór óir i rith fhuadar óir Alasaca ag deireadh na naoú haoise déag.

Tógadh seit mórthaibhseach i gConamara a fheidhmeoidh mar bhaile fuadar óir. Is iad Owen O’Donnell, Dara Devaney agus Seán T. Ó Meallaigh atá sna príomhrólanna.

Glassland: Scannán eile a bheidh le feiscint ag Féile Sundance.

Tá cad é caint faoin scannán seo cheana féin.

Tá carachtar Jack Reynor, Transformers (2014) agus What Richard Did (2012), ag strácáil leis ar imeall na coiriúlachta i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Ina chuid iarrachtaí teacht i gcabhair ar a mháthair, atá ina handúileach, déantar é a shú isteach tuilleadh i ndomhan na coiriúlachta. Toni Collette agus Will Poulter fairis.

Patrick’s Day: Tá cad é bús faoi thaispeántas Moe Dunford anseo agus carachtar scitsifréineach á léiriú aige. Cé go n-aitneoidh daoine é, b’fhéidir, ón tsraith Vikings, seo an chéad fadscannán uaidh. Nuair a théann sé i mbun caidrimh le haeróstach ar alcólach í le claontaí féinmharfacha, ní mó ná sásta atá a mháthair chosantach agus cuireann sí a ladar sa scéal.

Jurassic World: Murach Star Wars, is é an scannán móreachtraíochta seo a bheadh ag cur uisce le fiacla na saoithíní. Is deacair a shamhlú go bhfuil ceithre bliana déag caite ó bhí an gála deireanach os ár gcomhair agus cé gur measadh gurbh é Jurassic Park 3 buille maraithe na muice don tsraith, ní cheart Hollywood a mheas faoina chumas nuair a thagann sé go cúrsaí athbheochana.

Tá Steven Spielberg ina léiritheoir feidhmiúcháin agus is iad Chris Pratt agus Bryce Dallas Howard a bheidh ag tacú leis na dineasáir.

Selma: Táthar ag tuar go mbeidh an saothar seo ar thosach cadhnaíochta ar oíche Oscar i mí Feabhra. Inseofar scéal Martin Luther King agus é ag eagrú mháirseálacha Selma le linn ghluaiseacht na gceart sibhialta.

Le cliar cumasach (Tim Roth, Giovanni Ribisi, Tom Wilkinson, Martin Sheen, Cuba Gooding Jr., Oprah Winfrey) ag tacú leis an bpríomhaisteoir David Oyelowo, agus stiúrthóir anaithnid, is cinnte gur táirge faoi leith a bheidh anseo.

American Sniper: Is liosta le háireamh é na scannáin chumasacha, mhachnamhacha atá tagtha ó cheárta Clint Eastwood le deich mbliana anuas – Million Dollar Baby (2004), Letters from Iwo Jima (2006), Changeling (2008), Gran Torino (2008), Invictus (2009) srl.

Nuair a chuimhníonn tú go raibh an deich mbliana agus trí scór cnagaithe go maith aige nuair a dhein sé an chéad cheann acu sin, tuigfidh tú nach bhfuil aon teorainn leis an seanmhadra ná aon chuimhneamh aige a cheamra a leagadh uaidh. Sa scannán seo, léireoidh Bradly Cooper saol an snípéir S.E.A.L a bhfuil 150 marú deimhnithe aige.

Spectre: Tá sé chugainn arís, don cheathrú huair is fiche, le bheith pointeáilte faoi, agus tá an cúigiú gaisce is fiche á bheartú cheana féin.

Tá breis agus leathchéad bliain caite ó tháinig Séamas de Bond os ár gcomhair den chéad uair. Tar éis cúigear aisteoirí eile, tá Craig tar éis a lorg féin a fhágaint ar laoch MI6. Is é Christopher Waltz an bithiúnach.

Birdman: Is aisteoir é a Riggan (Michael Keaton) a bhfuil a chúlfhiacla go maith aige. Tráth dá raibh, ba é a dhein léiriú ar shárlaoch an teidil ach anois tá buille an laoich agus an aisteora tugtha.

Is aisteach an rud é gurb amhlaidh atá le Keaton féin ar shlí (cuimhnigh gurb é a bhí mar Batman sna nóchaidí). D’fhonn iarracht a dhéanamh a shaol aisteoireachta a athnuachan, tugannn sé faoi dhráma a léiriú ar Broadway ach tá a mhuintir féin agus a mheon féin ina dhris chosáin.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar scannáin 2015'