Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar cén chaoi ar éirigh le foirne na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Rory Kavanagh and Peter Lynch 9/11/2014
Rory Kavanagh (Naomh Adhamhnáin) agus Peter Lynch (Ros Liath) i gcluiche ceathrú ceannais Uladh an Domhnach seo caite. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Naomh Adhamhnáin tríd go cluiche leathcheannais Uladh

Agus iad ag imirt a seachtú gcluiche le seacht seachtaine anuas, bhí bua sách bog ag seaimpíní Dhún na nGall ar churaidh Fhear Manach, Ros Liath, i bPáirc Uí Dhomhnaill inné. Bhí an cluiche buaite acu ag leath-am agus iad ocht bpointe chun cinn, 1-5 in aghaidh 0-0.

Is é Caoimhín Ó Raifeartaigh a fuair an chéad phointe den chluiche gan ach cúpla nóiméad caite. As sin go deireadh an chéad leath, is é Conal Ó Duin a d’aimsigh na scóranna uile do Naomh Adhamhnáin. Is ó chiceanna saora agus ón imirt a fuair Ó Duin a chuid pointí agus fuair sé an cúl nóiméad roimh leath-am nuair a bhuaigh Seán Ó hEaráin cic pionóis. Bháigh Ó Duin í san eangach.

Níor aimsigh Ros Liath a gcéad phointe go dtí an 41 nóiméad, cic saor ó Shéamus Ó Coigligh, agus cé nach raibh aon róiarracht ar bun ag Naomh Adhamhnáin, bhí siad fós in ann an bhearna a mhéadú, 1-8 in agaidh 0-1, sa cheathrú uaire deireanach. Agus an cluiche buaite ag Naomh Adhamhnáin, thapaigh Ros Liath an deis cúpla pointe a chur ar chlár na scór ach ba léir cén toradh a bheadh ar an gcluiche seo i bhfad roimh an bhfeadóg dheireanach. Chríochnaigh sé 1-9 in aghaidh 0-6. An lá a bhí ann d’fhoireann Maxi Curran agus tabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Éanna as an Omaigh an Domhnach seo chugainn.

Éacht déanta ag Cloch Cheann Fhaola an deireadh seachtaine seo

Tar éis dóibh cluiche ceannais idirmhéanach Dhún na nGall a bhuachan ar an Satharn, ní mórán ceiliúradh a rinne peileadóirí Cloch Cheann Fhaola an oíche sin.

An chúis leis sin ná go raibh orthu cluiche ceathrú ceannais Uladh a imirt an lá dar gcionn in aghaidh an tSeanphobail

Ní hamháin go raibh orthu dhá chluiche a imirt taboh istigh de 20 uair an chloig ach bhí ar Chloch Cheann Fhaola am breise a imirt sa chluiche ceathrú ceannais cúige.

Dá ainneoinn sin ar fad, tháinig fir na Gaeltachta slán sa dá chluiche.

Ar an Satharn, bhuail siad Bun Chranncha 0-15 in aghaidh 0-8 i bPáirc Uí Dhomhnaill. Ag leath-am bhí Cloch Cheann Fhaola chun cinn, 0-7 in aghaidh 0-5, agus cé nach raibh ach trí phointe eatarthu tar éis 50 nóiméad, ní raibh Bun Chranncha in ann an bhearna a laghdú agus chríochnaigh sé 0-15 in aghaidh 0-8.

An lá dár gcionn san Abhainn Bheag i nDoire, bhí ar fhir Chloch Cheann Fhaola teacht aniar iontach a dhéanamh agus iad naoi gcúilín chun deiridh leath bealaigh tríd an gcéad leath. Níor ghéill seaimpíní idirmheánacha nua Dhún na nGall agus tar éis dóibh dhá cúl a aimsiú, ceann agus an fheadóg ar tí a bheith séidte, theastaigh am breise chun na foirne a scaradh.

Is iad Cloch Cheann Fhaola ba láidre a sheas an fód sa fiche nóiméad breise, ag scóráil 0-3 le linn tréimhse nár aimsigh a gcéilí comhraic pointe ar bith. Chríochnaigh sé 2-14 in aghaidh 2-11.

 

Pic3-SdePaor
Captaen An Seanphobal, Shane de Paor (sa lár), a fuair an cúl a chothromaigh an scór i gcluiche ceannais Soisear Phort Láirge.

Lá eile a bhuí leis an bPaorach

Tar éis deich nóiméad agus iad ag cailleadh 1-4 in aghaidh 0-0, bhreathnaigh sé go raibh an Seanphobal i dtrioblóid. Gan ach deich nóiméad fághta agus iad fós seacht gcúilín chun deiridh, 1-7 in aghaidh 0-4, bhí an chuma ar an scéal go raibh a rás rite.

Is dóigh nach bhfuil a fhios ag an gCill fós cén chaoi nár bhuaigh siad an cluiche seo ach beidh athimirt ag teastáil tar éis críoch dhochreidte i gcluiche ceannais soisear Phort Láirge an Satharn seo caite.

D’aimsigh an Seanphobal dhá chúl sna nóiméid dheireanacha, ceann acu, le Shane de Paor, sa cheathrú nóiméad d’am cúitimh, chun iad a tharraingt ar ais ar comhscór.

Agus cabhair na gaoithe acu sa chéad leath, rinne An Chill an dul chun cinn go luath sa chluiche. Bhí siad seacht bpointe chun tosaigh tar éis deich nóiméad, Seán Ó Síosta ag aimsiú an chúil, agus bhí an bhearna chéanna idir na foirne ag leath-am, 1-5 in aghaidh 0-1.

Cé go raibh an ghaoth leo tar éis an bhriseadh, ní raibh An Seanphobal in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh go dtí go raibh siad ag tarraingt ar dheireadh an chluiche. Thug cúl Graham Ó Gadhra misneach dóibh agus is é de Paor, captaen na foirne, a fuair an cúl ciniúnach chun an athimirt a chinntiú.

Thomas Flynn 3/8/2014
Idirdea-thorthaí agus drochthorthaí d’fhoirne Gaeltachta Chonamara i gcluichí ceannais na sraithe

Idir dea-thorthaí agus drochthorthaí d’fhoirne Gaeltachta Chonamara i gcluichí ceannais na sraithe

Tá Maigh Cuilinn tríd go dtí cluiche ceannais contae Sraith 6 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Na Piarsaigh in Uachtar Ard an Satharn seo caite. D’imir na buaiteoirí le trí dhuine dhéag don dara leath uile tar éis gur cuireadh beirt dá n-imreoirí ón bpáirc.

Nuair a fuair Seosamh Ó Conaire cúl do Na Piarsaigh sa dara leath, bhreathnaigh sé go mbeadh an bua acu ach ba é Niall Ó Mainnín laoch Mhaigh Cuilinn. D’aimsigh sé 1-2 sular séideadh an fheadóg sa deireadh, rud a chinntigh an bua do Mhaigh Cuilinn, 2-8 in aghaidh 1-9.

I gcluiche ceannais an Iarthair i Sraith 5, bhí bua cumasach ag Mícheál Breathnach in aghaidh Rinn Mhaoile i Ros Muc inné. Bhí Rinn Mhaoile 2-8 in aghaidh 1-4 chun cinn ag leath-am ach bhí ceannasaíocht iomlán ag fir Chois Fharraige sa dara leath.

D’aimsigh Brian Ó Maoileoin agus Ronán Mac Donncha na cúil do na Breathnaigh agus scóráil Sean Ó Feinneadha 0-7 chun an scór a fhágáil ag 2-8 in aghaidh 1-9 d’fhoireann Mícheál Breathnach.

Is i dTuaim a bhí cluiche ceannais Sraith 4 inné ach theip ar an Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Baile Átha an Rí i gcluiche a chríochnaigh 1-13 in aghaidh 2-6 i bhfabhar foireann oirthear na Gaillimhe.

Scóráil Baile Átha an Rí 1-5 i lár an chéad leath chun iad féin a chur chun tosaigh, agus níor aimsigh an Spidéal scór ar bith le linn n tréimhse céanna.

Rinne an Spidéal rudaí níos deacra dóibh féin ag tús an dara leath nuair a cuireadh a lanchúlaí den pháirc agus cé gur tháinig siad ar ais beagán sa gcoimhlint roimh dheireadh an chluiche, bhí an iomarca le déanamh acu.