Súil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a gcéad Oifigeach Gaeilge a fhostú roimh dheireadh mhí Feabhra 2018

Tá an Chomhairle anois ag obair chun an cinneadh a rinneadh an mhí seo caite Oifigeach Gaeilge a fhostú a chur i bhfeidhm

Súil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a gcéad Oifigeach Gaeilge a fhostú roimh dheireadh mhí Feabhra 2018

Tá súil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Oifigeach Gaeilge a cheapadh sa chomhairle roimh dheireadh mhí Feabhra na bliana seo chugainn.

Thug urlabhraí de chuid na Comhairle le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an Chomhairle anois ag obair chun an cinneadh a rinneadh an mhí seo caite Oifigeach Gaeilge a fhostú a chur i bhfeidhm.

Tá an maoiniú don phost le cinntiú go fóill, chomh maith le cur síos beacht ar an obair a bheidh ar an Oifigeach nua a dhéanamh agus an scála pá a bheidh i bhfeidhm don ról.

Níl an post fógartha ag an gComhairle Cathrach go fóill ach dheimhnigh an t-urlabhraí do Tuairisc.ie go bhfuil súil ag an gComhairle duine a bheith fostaithe agus i mbun oibre roimh dheireadh mhí Feabhra na bliana seo chugainn.

Tá geallta ag Foras na Gaeilge cheana féin go gcuirfidh an eagraíocht teanga leath an airgid a theastaíonn ar fáil don Chomhairle Contae le hOifigeach Gaeilge a fhostú trí Scéim na nOifigeach Gaeilge.

Mí Bealtaine a vótáil na comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste ar son an rúin go gceapfaí na t-oifigeach sa Chomhairle. Lean próiseas comhairliúcháin phoiblí an cinneadh sin, agus léiríodh gurbh é an rogha ab fhearr leis an bpobal ná go gceapfaí beirt oifigeach, duine amháin a bhreathnódh i ndiaidh cúrsaí Gaeilge agus duine eile a bheadh ag plé le teangacha eile, an Ultais ina measc.

Níl aon eolas ar fáil go fóill faoin oifigeach teangacha a moladh.

Fág freagra ar 'Súil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a gcéad Oifigeach Gaeilge a fhostú roimh dheireadh mhí Feabhra 2018'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cé gur tús atá ann, ní leor é.

    Tá Aonad Gaeilge le foireann oibrithe a dhith, rud, dála an scéil, nach bhfuil ag tarlú ar an taobh eile den teorainn. Barúil agam go mbíonn an tOifigeach Gaeilge fágtha ag déanamh aistriúcháin agus níl am ar bith acu le rud ar bith eile a dhéanamh, i. an fhoireann oibre a spreagadh le meas agus comhionannas a thabhairt don Ghaeilg, chan amháin nuair a bhíonn siad ag plé leis an pobal, ach fosta lena gcomhghleacaithe agus le rannóga stáit eile.