Súil ag Cló Iar-Chonnacht freastal ar scríbhneoirí Chois Life nuair a dhúnfaidh sé

Deir Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht Micheál Ó Conghaile le Tuairisc.ie go bhfuil súil ag an gcomhlacht idir 8-10 leabhar breise a fhoilsiú sa mbliain i bhfianaise imeacht Chois Life

Súil ag Cló Iar-Chonnacht freastal ar scríbhneoirí Chois Life nuair a dhúnfaidh sé

Tá súil ag Cló Iar-Chonnacht freastal ar scríbhneoirí Chois Life agus  “leanacht ar aghaidh den chuid is mó” le leabhair a fhoilsiú sna seánraí céanna a luaitear le Cois Life. 

Fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le scor ag deireadh na bliana seo chugainn agus go raibh sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta Chois Life a thógáil ar láimh.

Dúradh an uair sin go ndéanfadh Cló Iar-Chonnacht cúram de riar an stoic sin agus gurb iadsan a bheidh ag plé feasta le ceadanna athfhoilsithe leabhar Chois Life agus “eisiúint athchlónna de réir chúinsí an mhargaidh”.

Ach dúirt Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht Micheál Ó Conghaile le Tuairisc.ie go bhfuil súil ag an chomhlacht chomh maith freastal ar scríbhneoirí Chois Life “chomh fada agus is féidir” agus idir 8-10 leabhar breise a fhoilsiú sa mbliain dá réir.

I measc na scríbhneoirí is mó atá luaite le Cois Life tá leithéidí Alex Hijmans, comhfhreagraí leis an suíomh seo, Áine Ní Ghlinn, Antain Mac Lochlainn agus Orna Ní Choileáin.

Beidh bliain go leith eile ann sula ndúnfaidh Cois Life agus dúirt Ó Conghaile go mbraitheann “go leor” ar na tograí a bheas ar bun ag scríbhneoirí faoin am sin.

Mar chuid den socrú atá déanta idir Cois Life agus Cló Iar-Chonnacht, tá sé i gceist go bhfoilseoidh Cló Iar-Chonnacht trí theideal de chuid Chois Life roimh dheireadh 2019.

I measc na seánraí is mó a luaitear le Cois Life tá an neamhfhicsin agus leabhair úrscríofa do dhaoine óga. Is nós leis an fhoilsitheoir chomh maith treoirleabhair a chur ar fáil, leithéidí an leabhair faoi chúrsaí iriseoireachta Ar an Taifead le Breandán Delap agus leabhair le leithéidí Antain Mhic Lochlainn faoi cheartúsáid na Gaeilge.

Ag trácht ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge le himeacht Cois Life, dúirt Feidhmeannach Foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR, Caitríona Ní Dhúnáin, go mbeidh “tionchar” ag na bearnaí sin ar chinntí an chomhlachta amach anseo.

“Thug an caighdeán ard a bhain le foilseacháin Cois Life spreagadh d’fhoilsitheoirí eile agus ba eiseamláirí iad ar an fhoilsitheoireacht i seánraí áirithe,” ar sí.

Dúirt Ní Dhúnáin go bhfuil freastal á dhéanamh ag LeabhairCOMHAR “ar chuid de na seánraí sin cheana féin” agus go raibh sé beartaithe acu cheana féin tuilleadh leabhar neamhfhicsin neamhacadúil don ghnáthléitheoir agus leabhair fhicsin nuascríofa do dhaoine óga a fhoilsiú amach anseo.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, Stiúrthóir Futa Fata go raibh pleananna acu féin, beag beann ar scéal Chois Life, breis ficsin, bunsaothair Ghaeilge, do pháistí idir 9-12 bliain d’aois sna blianta amach romhainn agus go ndéanann siad cinneadh faoi leabhar a fhoilsiú bunaithe ar an saothar féin seachas ar an údar.

Dúirt Pádraig Ó Snodaigh, ceannasaí Coiscéim nach gcuireann an teach foilsitheoireachta sin “srianta” ar bith i bhfeidhm maidir leis “na cineál saothar” a fhoilsíonn agus go bhfuil leabhair curtha i gcló acu “i seánraí nárb ann dóibh sa Ghaeilge riamh roimhe”. Bheadh Coiscéim “lán sásta”, a dúirt sé, “amharc ar shaothar aon scríbhneora chun é a mheas”.   

Dúirt Darach Ó Scolaí, Stiúrthóir Leabhar Breac, go gcuireann an comhlacht sin fáilte roimh “scríbhinní ó gach údar agus i ngach seánra — ach iad a bheith ar ardchaighdeán”.

Dúirt sé go raibh sé i gceist ag Leabhar Breac údair eile a fhoilsiú “bídís sin le Cois life nó ná bíodh”. Dúirt Ó Scolaí go raibh gort an fhicsin do dhaoine óga á threabhadh cheana féin ag Leabhar Breac agus 15 leabhar do pháistí foilsithe acu le deich mbliana anuas.

Fág freagra ar 'Súil ag Cló Iar-Chonnacht freastal ar scríbhneoirí Chois Life nuair a dhúnfaidh sé'

  • leitheoir

    Sin 5 eagras foilseacháin luaite agaibh beag beann ar Cois Life! Lichán beag agus an iomad breac b’fhéidir?