Súil ag an Aire Hazzard comharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach ar bhusanna Dhoire faoi Bhealtaine

Taispeántar cinn scríbe i nGaeilge agus i mBéarla ar bhusanna áirithe de chuid Translink i mBéal Feirste cheana féin. Dúirt Hazzard gur mhaith leis an rud céanna a dhéanamh i nDoire

Súil ag an Aire Hazzard comharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach ar bhusanna Dhoire faoi Bhealtaine

Tá sé fógartha ag an Aire Infreastruchtúir, Chris Hazzard, go mbeidh próiseas comhairliúcháin ann maidir le comharthaíocht dhátheangach a bheith ar bhusanna áirithe i gcathair Dhoire. Tá súil ag an Aire an chomharthaíocht a thabhairt isteach ag tús an tsamhraidh.

Taispeántar cinn scríbe i nGaeilge agus i mBéarla ar bhusanna áirithe de chuid Translink i mBéal Feirste cheana féin. Dúirt an tAire Hazzard gur cuireadh fáilte roimh an gcomharthaíocht dhátheangach sin agus gur mhaith leis an rud céanna a dhéanamh i nDoire.

“Creidim go gcuirfeadh go leor daoine fáilte roimh eolas dátheangach i nDoire agus go gcabhródh sé le cainteoirí Gaeilge teacht ar sheirbhísí poiblí.

“Chuige sin, tá iarrtha agam ar Translink próiseas poiblí comhairliúcháin a chur ar bun faoin gceist, agus é mar aidhm aige an chomharthaíocht a thabhairt isteach i mBealtaine na bliana seo,” a dúirt sé.

Cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin i mí Mhárta na bliana seo i ndiaidh measúnacht tionchar comhionannais a dhéanamh. Tá an tAire Hazzard ag iarraidh ar an bpobal a dtuairimí faoin gcomharthaíocht nua a chur in iúl do Translink le linn an phróisis.

Ní hí seo an chéad uair a ndearnadh iarracht comharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach ar bhusanna Dhoire. D’fhógair an Comhairleoir Cathrach de chuid Shinn Féin, Kevin Campbell, dhá bhliain ó shin gur chas sé le bainistíocht shinsearach Translink chun an chomharthaíocht a bhrú chun cinn.

“Téann na céadta dalta chuig scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus tá na céadta eile, idir óg agus aosta, ag freastal ar ranganna Gaeilge ar fud na cathrach agus ag glacadh páirte in imeachtaí cultúrtha agus spóirt trí Ghaeilge. Ba dhearfach agus b’fhorásach an beart é comharthaíocht dhátheangach a chur ar roinnt bealaí bus sa chathair seo,” a dúirt Campbell in 2015.

Cháin comhairleoir eile an cruinniú sin agus dúirt nach raibh aon ghá an chomharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach agus gur bheag duine sa chathair a thuigfeadh í.

Dúirt an Comhairleoir Hilary McClintock ón DUP le Tuairisc.ie ag an am gur rún “naimhdeach” a bhí ann Gaeilge a chur ar chomharthaí na mbusanna i nDoire agus nach raibh an t-airgead ann “an féar a lomadh sa chathair” gan trácht ar chomharthaíocht dhátheangach.

“Ní bheadh ann sa deireadh ach costas eile orainn. Chaithfí aistritheoirí a fhostú agus an córas taispeána ar na busanna a athrú. Bheadh imní orm fosta go mbeadh cuid de na busanna ag tiomáint trí cheantair a gcuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge isteach ar an bpobal,” a dúirt sí.

Tá comharthaíocht dhátheangach ar sheirbhísí bus Translink ó 2011, chomh maith le heolas dátheangach do phaisinéirí ag stopanna bus áirithe.

Fág freagra ar 'Súil ag an Aire Hazzard comharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach ar bhusanna Dhoire faoi Bhealtaine'