Straitéis timpeallachta nua á beartú a bhféadfadh tionchar mór a bheith aici ar an nGaeltacht

D’fhéadfadh Conamara agus áiteanna eile in iarthar na hÉireann a bheith ar intinn go láidir i straitéis cosanta timpeallachta níos déine atá á múnlú ag an AE

Straitéis timpeallachta nua á beartú a bhféadfadh tionchar mór a bheith aici ar an nGaeltacht

D’fhéadfadh sé go mbeadh coinníollacha cosanta timpeallachta a bheadh i bhfad níos géire ná córas na gceantar caomhnaithe dá gcur i bhfeidhm i gcuid de na contaetha Gaeltachta as seo go ceann beagán blianta.    

San Eoraip atá múnlú dá dhéanamh ar an gcóras seo a thagann faoi scáth na straitéise cosanta dúlra agus nádúir.  Straitéis go dtí 2030 atá i gceist chun “an nádúr a chur ar ais inár saol”.

D’fhéadfadh Conamara agus áiteacha eile in iarthar na hÉireann a bheith ar intinn go láidir ag na háisíneachtaí timpeallachta mar go bhfuil talamh portaigh fairsing i gcontaetha an iarthair agus an iarthuaiscirt.   

De réir straitéis na hEorpa, chaithfeadh 30% de thailte na hÉireann, agus thíortha eile an Aontais, a bheith istigh sna réigiúin speisialta nua atá le marcáil amach ar na mapaí timpeallachta. Bheadh na réimsí nua cosanta seo ceithre chéim níos airde ar runga na cosanta san Eoraip ná an Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, nó SAC. Tá na limistéir SAC áirithe ar a bheith sa gceathrú háit ó thaobh rialacha cosanta ach faoin straitéis nua timpeallachta d’fhéadfadh sé go gcuirfí ceantair áirithe sa ngrád is airde agus is déine uilig.  Chiallódh an chéad áit cosaint fhíordhaingean don dúlra agus don nádúr ach, ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh sé cosc iomlán a chur ar mhórán chuile chineál forbartha agus feilméireachta sna háiteacha a gcuirfí i bhfeidhm na rialacha nua. Bheadh achar roinnt ciliméadar amach ó theorainn na gceantar seo faoi scáth na rialacha caomhnaithe freisin.

Tá talamh portaigh ar an réimse tíreolaíochta is mó a d’fhéadfadh teacht faoin gcóras nua agus is i gcontaetha atá le himeall an Atlantaigh is mó atá an cineál sin tírdhreacha.

“Ní mór a bheith airdeallach,” a deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuiv as Gaillimh Thiar/Maigh Eo Theas. “Bheadh an baol ann go gcuirfí ceangal na gcúig gcaol ar cheantair thuaithe.”

Deir Éamon Ó Cuív go bhfuil “contúirt” ann don tír seo mar go bhféadfadh muid a bheith “inár gcadhain aonraic ag snámh in aghaidh easa san Eoraip” de bharr an Bhreatimeachta.

“Bhí an Bhreatain ar an gcara ab fhearr a bhíodh againn sa gcúirt i gcásanna mar seo san Eoraip,” a deir an Teachta Ó Cuív, ar iar-aire Gaeltachta agus iar-aire talmhaíochta é.

“Bhí níos mo tuisceana ag an mBreatain ar cheisteanna tuaithe agus timpeallachta de bharr iad a bheith ag plé le ceantracha in Albain agus sa mBreatain Bheag. Ar ndóigh, bhí tábhacht pholaitiúil ag baint leis na hábhair sin dóibhsean chomh maith.”

Níl an Bhruiséil ag cur thar maoil le feidhmeannaigh as státseirbhís na hÉireann agus ba mhór an cúnamh dóibh scaití go raibh státseirbhísigh as Westminster ag roinnt eolais leo faoi cheisteanna talún agus timpeallachta, a deir Ó Cuív.

“Ní tráth suí é,” a deir an Teachta Dála Michael Fitzmaurice as toghcheantar Ros Comáin agus Ghaillimh Thoir.

“D’fhéadfadh ceantracha ar nós Chonamara, iarthar Mhaigh Eo agus cuid de Dhún na nGall a bheith dá gcur san áireamh sa gcóras nua grád a haon seo.  Bheadh Conamara, áit a bhfuil os cionn 70% den áit faoi chosaint cheana féin, plúchta uilig dá gcuirfí srianta géara eile timpeallachta i bhfeidhm ann. Ach ní gá go mbeadh sé mar sin,” arsa Michael Fitzmaurice.

Creideann an Teachta Dála neamhspleách nach gá go gcuirfí talamh príobháideach ar bith – mar atá i bhformhór na gcoimíní sléibhe in iarthar na hÉireann – faoi scáth na straitéise nua.

“Tuige nach bhfuil Páirc an Fhionnuisce, mar shampla, dá cur isteach san réimse daingean cosanta timpeallachta seo?” arsa   Fitzmaurice. Deir sé go bhfuil 80,000 heicteár faoi chúram Bhord na Móna anois gan fód ná spairteach dá bhaint as.   

“Níl cúis mhaith ar bith ann nach dtabharfaí a leithéid sin de réimsí talún isteach sna ceantair fhíorthábhachtacha agus gan bacadh le talamh na bhfeilméaraí, bíodh sé ina thalamh glas nó ina chriathrach.”

Fág freagra ar 'Straitéis timpeallachta nua á beartú a bhféadfadh tionchar mór a bheith aici ar an nGaeltacht'