Straitéis Gaeilge á réiteach ag lucht Wikipedia in Éirinn

Is é seo an chéad uair i stair na ciclipéide a bheidh plean straitéiseach ann don Ghaeilge ar an Vicipéid

Straitéis Gaeilge á réiteach ag lucht Wikipedia in Éirinn

Tá súil ag lucht Wikipedia in Éirinn straitéis Gaeilge a réiteach don chiclipéid ar líne faoi dheireadh na bliana seo. Dúirt Amy Uí Ríordáin, Oifigeach Gaeilge Phobal Wikimedia Éireann, le Tuairisc go bhfuil an straitéis Gaeilge a ceapadh do Phobal Wikimedia Éireann – trínar cruthaíodh a post féin – curtha i bhfeidhm anois agus go bhfuil aird na heagraíochta á díriú ar an Vicipéid féin faoi láthair.  

Is é seo an chéad uair i stair na ciclipéide a bheidh plean straitéiseach ann don Ghaeilge ar an Vicipéid. Dúirt Uí Ríordáin go bhfuil súil aici go mbeidh an straitéis réitithe faoi dheireadh mhí na Nollag i mbliana.  

“An rud is mó ba mhaith liom a chur sa straitéis ná béim ar an traenáil. Níl na hacmhainní traenála ar fáil i nGaeilge agus bíonn orm féin ábhar a aistriú má bhíonn ceardlann á déanamh do chainteoirí Gaeilge.  

“An dúshlán is mó atá romhainn ná an easpa muiníne atá ag eagarthóirí reatha na Vicipéide as a gcuid Gaeilge féin. Nuair a rinneamar suirbhé anuraidh ar an ábhar, ba é sin an rud ba mhó a tháinig ar ais ó na daoine a bhíonn ag déanamh eagarthóireachta ar an Vicipéid in Éirinn – easpa muiníne leis an obair sin a dhéanamh d’ailt i nGaeilge,” a dúirt Uí Ríordáin.  

Bíonn idir “80-100” duine i mbun eagarthóireachta ar an Vicipéid gach mí, dar leis an Oifigeach Gaeilge. Agus cur i láthair á dhéanamh aici ar an gceist ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath le deireanas, taispeánadh go raibh 87 duine ina bhun an mhí seo.  

Is iad an 80-100 duine sin is cúis leis an 62,000 alt atá ar an leagan Gaeilge den chicipléid saor in aisce – an Vicipéid. Tá os cionn 282,000 alt sa Bhreatnais ar ‘Wicipedia’ agus os cionn 467,000 alt ar Txikipedia na Bascaise.  

Dúirt Uí Ríordáin nach bhfuil sprioc shonrach ann do líon na n-alt ar an Vicipéid go fóill ach go bhféadfadh a leithéid a bheith mar chuid den straitéis atá á réiteach, ach go raibh rudaí atá níos tábhachtaí ná an líon alt le cur ina gceart ar dtús.  

“Ba mhaith liom maoiniú a fháil le níos mó daoine a bhfuil Gaeilge acu a fhostú i bPobal Wikimedia Éireann. Tá fonn orainn chomh maith ranganna Gaeilge a chur ar fáil do Vicipéideoirí in Éirinn le go mbeidh níos mó muiníne acu féin ailt nua a scríobh i nGaeilge ar ábhair éagsúla agus eagarthóireacht a dhéanamh ar na hailt atá ann cheana féin,” a dúirt sí.  

Luaigh Uí Ríordáin freisin go raibh easnaimh sa phlean digiteach don Ghaeilge a sheol an rialtas le deireanas agus go bhfuil Pobal Wikimedia Éireann ag iarraidh teacht i gcabhair ar an rialtas leis na bearnaí sin a líonadh.  

“Níl aon rud sa phlean don Ghaeilge faoi na meáin dhigiteacha, na meáin shóisialta, ná faoi ábhar ar líne i nGaeilge. Baineann an plean ar fad le huirlisí i nGaeilge. Tá muid ag iarraidh cabhrú leis an Roinn na rudaí sin a chur san áireamh chomh maith, mar tá siad an-tábhachtach do phobal na Gaeilge ar líne,” a dúirt sí.  

Ag tús na bliana seo dúirt an saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar líne, an tOllamh Kevin Scannell, gur ó lámh beirt úsáideoirí “nach bhfuil Gaeilge mhaith acu” a tháinig formhór na n-alt atá ar an Vicipéid. Dúirt sé gur “síolta” (nó stub i mBéarla) an chuid is mó de na hailt atá ar an Vicipéid agus nach bhfuil an Ghaeilge chomh maith sin i gcás a bhformhór.  

Fág freagra ar 'Straitéis Gaeilge á réiteach ag lucht Wikipedia in Éirinn'