Straitéis do litríocht na Gaeilge le foilsiú ag an gComhairle Ealaíon den chéad uair

Cur le líon na scríbhneoirí cónaithe Gaeilge mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíona litríocht na Gaeilge a chur chun cinn

Straitéis do litríocht na Gaeilge le foilsiú ag an gComhairle Ealaíon den chéad uair

Tá straitéis ar leith do litríocht na Gaeilge á ceapadh ag an gComhairle Ealaíon den chéad uair.

Mar chuid den straitéis, a fhoilseofar níos déanaí i mbliana, tá sé i gceist ag an gComhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil chun a thuilleadh scríbhneoirí Gaeilge a cheapadh ina scríbhneoirí cónaithe in institiúidí tríú leibhéal.

Faoi láthair, tá maoiniú á chur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon do sheachtar scríbhneoirí cónaithe, ach ní bhíonn ach duine amháin acu ag obair trí Ghaeilge – Sadhbh Devlin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus ionadaithe ón Chomhairle Ealaíon os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúradh go raibh beartais éagsúla ar na bacáin acu chun “litríocht na Gaeilge a dhéanamh níos infheicthe, agus níos lárnaí inár saol litríochta agus ár saol cultúrtha.”

Chuir an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ceist ar ionadaithe na Comhairle cén uair dheireanach a chuir siad maoiniú ar fáil do scríbhneoir cónaithe Gaeilge lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Mar fhreagra air sin, dúirt Sarah Bannan, Ceann na Litríochta sa Chomhairle, nach raibh sí cinnte ach gur mheas sí go mb’fhéidir go raibh duine éigin in Ollscoil na Gaillimhe thart ar 30 bliain ó shin. D’aontaigh Bannon le Catherine Connolly gur “bearna mhór” a bhí ansin.

Maidir le cuid de na beartais eile a bheidh sa straitéis, atá le foilsiú sa bhfómhar, dúirt Bannan go raibh sé i gceist ag an gComhairle Ealaíon “bunchaighdeáin” a leagan síos d’eagraíochtaí náisiúnta maidir leis an gcur chuige a bheadh acu i dtaobh na Gaeilge. Dúirt sí go dtabharfaí samplaí sa straitéis den dea-chleachtas ó thaobh na Gaeilge a bhí ar bun in áiteanna áirithe.

Dúirt Bannan gcuirfí in iúl d’eagraíochtaí nach “rud roghnach” a bheadh i gcur chun cinn na Gaeilge agus gur chóir go bhféachfaí uirthi mar “dhlúthchuid” dá n-obair.

Dúirt Bannan gur pléadh dualgas cinnte a chur ar irisí agus ar fhoilsitheoirí a bhíonn á maoiniú ag an gComhairle ábhar i nGaeilge a chur ar fáil.

“Tá eagarthóirí Gaeilge ag cuid mhaith de na hirisí agus na foilsitheoirí a thugann muid tacaíocht dóibh agus bíonn an Ghaeilge le feiceáil ina gcuid saothar ach tá muid ag iarraidh teacht ar bhealaí chun sin a mhéadú agus chun gur gnáthrud a bheadh ann an Ghaeilge a chur san áireamh.”

Dúirt Bannan gur údar misnigh a bhí ann dóibh le bliain go leith anuas go raibh eagraíochtaí a mbíonn an Chomhairle ag plé leo ag cur a bpolasaithe féin i bhfeidhm maidir leis an teanga a chur a chun cinn.

Dúirt sí go raibh Oifigeach Gaeilge fostaithe le deireanaí ag Leabhair Phaistí Éireann agus go raibh Éigse Éireann ag dul i bpáirt le hIMRAM maidir le comórtas filíochta a reáchtáil.

Beidh plean sa straitéis freisin maidir le comhairle a chur ar fhéilte ealaíona agus liteartha faoi conas an Ghaeilge a chur chun cinn.

“D’fhéadfadh go mbeadh spéis ag go leor de na féilte liteartha an Ghaeilge a bheith mar chuid den chlár, nó b’fhéidir nach mbeadh, ach tarlaíonn sé [faoi láthair] go gcuirtear ócáid fhánach amháin ar siúl i gcúinne éigin ag an am is measa,” a dúirt Sarah Bannan.

Dúirt Bannan gur cuidiú a bheadh ann do na féilte dá mbeadh duine éigin ann chun comhairle a chur orthu maidir leis an nGaeilge.

Fág freagra ar 'Straitéis do litríocht na Gaeilge le foilsiú ag an gComhairle Ealaíon den chéad uair'