Stoirm Hannah – rabhadh stoirme dearg eisithe do Chiarraí

Beidh breis is 80 ciliméadar san uair leis an ngaoth aniar aduaidh agus siotaí tréana idir 130 agus 150 ciliméadar san uair léi

Stoirm Hannah – rabhadh stoirme dearg eisithe do Chiarraí

Tá rabhadh stoirme dearg eisithe do Chiarraí agus do chontae an Chláir.

Dúirt Met Éireann tráthnóna go mairfeadh an rabhadh dearg do Chiarraí ó 6pm go dtí 8pm tráthnóna agus gaoth láidir aniar aduaidh ann de bharr Stoirm Hannah.

Cósta thiar na hÉireann ba thúisce a bhuail Stoirm Hannah tráthnóna.

Ar maidin d’eisigh Met Éireann rabhadh dearg stoirme do chontae na Chláir óna hocht a chlog go dtí a haon déag a chlog anocht. Ach oiread le Ciarraí i gcontae an Chláir beidh breis is 80 ciliméadar san uair leis an ngaoth aniar aduaidh agus siotaí tréana idir 130 agus 150 ciliméadar san uair léi.

Tá rabhadh oráiste i bhfeidhm i gcontaetha na Gaillimhe, Chorcaí agus Luimnigh.

Ceantair chósta is measa a gheobhaidh tuargaint as seo go dtí breacadh an lae amárach. 

Tá rabhadh buí gaoithe eisithe don chuid eile de Chúige Mumhan, do Chúige Chonnacht agus do dheisceart Chúige Laighean agus beidh an rabhadh buí sin i bhfeidhm go dtí a naoi a chlog maidin amárach.

Bhí Met Éireann ag tuar ar maidin go neartóidh an ghaoth athraitheach le cósta go fórsa gála 8 nó fiú go gála láidir fórsa 9 ó Bheann Éadair to Ceann Ros Eoin tráthnóna inniu. D’fhéadfadh sé a bheith ina stoirm fórsa 10 ar an gcósta ó dheas idir Ceann an Chairn agus Carn Uí Néid agus siotaí stoirme fórsa 11 idir Carn Uí Néid agus Ceann Léime na Gaillimhe.

Cé gur gaoth láidir is mó a thiocfaidh le Stoirm Hannah, beidh ráigeanna troma báistí i mbéal na stoirme.

Lagóidh an ghaoth maidin amárach agus glanfaidh an chuid dheireanach den bháisteach throm ón tuaisceart agus ón oirthear. Beidh ropadh deas gaoithe aniar aduaidh againn amach sa lá amárach agus múraíl scaipthe agus paistí gréine ina teannta. 

Beidh Met Éireann ag déanamh athbhreithniú ar an aimsir go rialta idir an dá linn agus ba chóir do dhaoine súil a choinneáil ar aon fhógraí aimsire.

Soir ó Thalamh an Éisc a bhí an stoirm ag am lóin inné sula ndearna sí a bealach aniar trasna an Atlantaigh. Bhíothas á thuar an tráth sin go mbeadh Hannah 200 ciliméadar siar ó Cheann Léime na Gaillimh ag a 4.00 tráthnóna inniu sula ndéanfadh sí a bealach ó dheas go deisceart na tíre san oíche anocht. 

Déanfaidh an stoirm ar Shasana ina dhiaidh sin ach beidh a neart ídithe go mór faoi mhaidin. 

Iarrtar ar dhaoine a bheith faoi réir don stoirm seo agus cuimhneamh go bhféadfadh línte aibhléise a bheith as ord.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag iarraidh ar thiománaithe é ‘a thógáil go deas réidh’ ar an mbóthar agus fad breise a fhágáil idir iad féin agus feithiclí eile. Dúirt siad chomh maith gur chóir do thiománaithe an aimsir agus cúrsaí bóithre a sheiceáil sula dtabharfaidh siad faoi aistear ar bith go dtí go mbeidh an stoirm seo imithe tharainn.

“Ba chóir do choisithe agus do rothaithe a bheith fíorchúramach mar go bhféadfadh siota gaoithe thú a shéideadh amach i mbealach na tráchta,” a deirtear i bhfógra an RSA.

Is mó an chontúirt le linn na drochaimsire, go háirithe nuair a bhíonn earraí á séideadh le gaoth agus crainnte á leagan. Is mó an baol atá ann an tráth seo bliana go ndéanfaí dochar do chrainnte nó go leagfaí iad ó tharla iad faoi bhrat duilliúr. 

De bharr na dea-aimsire a bhí againn le tamall, d’fhéadfadh go bhfuil troscán gairdín agus trealamh fulachta nó BBQ taobh amuigh agus iarrtar ar dhaoine iad a thabhairt isteach mura bhfuil siad ceangailte nó i bhfostú go daingean. 

D’fhéadfadh go gcuirfí as do chúrsaí taistil agus iompair mar go bhfuiltear ag tuar go mbeidh maidhmeanna móra contúirteacha ag lascadh chósta an iardheiscirt. 

Fág freagra ar 'Stoirm Hannah – rabhadh stoirme dearg eisithe do Chiarraí'