Stiúrthóir ar chomhlacht ollmhargaíochta briste as a phost tar éis dó ‘gibiris’ a thabhairt ar an mBreatnais

Tá ráite ag an iarstiúrthóir cheana gur cúis aiféala dó go bhfuil ceannáras Iceland suite cúpla céad slat taobh istigh de theorainn na Breataine Bige, rud a fhágann nach bhfuil sé in ann a rá nár fhág sé Sasana riamh

Stiúrthóir ar chomhlacht ollmhargaíochta briste as a phost tar éis dó ‘gibiris’ a thabhairt ar an mBreatnais

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá comhlacht ollmhargaí tar éis stiúrthóir de chuid an chomhlachta a bhriseadh as a phost tar éis dó a bheith ag caitheamh anuas ar an mBreatnais agus ar an mBreatain Bheag.

Bhí leithscéal gafa cheana féin ag Iceland as an méid a bhí le rá ag Keith Hann, stiúrthóir gnóthaí corparáideacha an chomhlachta, ach tá deimhnithe anois acu go bhfuil bata agus bóthar tugtha dó. Deir an comhlacht nach dtagann na tuairimí a léirigh sé le dearcadh Iceland, a bhfuil a gceannáras lonnaithe sa Bhreatain Bheag. Bhí breis is £100,000 de thuarastal á shaothrú ag Keith Hann ar a chúraimí mar stiúrthóir gnóthaí corparáideacha ag Iceland.

I mblag pearsanta, dúirt Hann gur “gibiris” a bhí sa Bhreatnais agus go sílfeá gur “ag cur réama aníos le casacht” a bhíonn duine agus é ag labhairt na teanga.

Ghabh Iceland leithscéal le haon duine a bhí maslaithe ag an méid a scríobh Hann ach, ina ainneoin sin, tá ráite ag daoine ar na meáin shóisialta nach ndéanfaidh siad siopadóireacht in ollmhargaí an chomhlachta níos mó.

Keith Hann

Bhí Hann tar éis an blag agus a chuntas Twitter a dhéanamh príobháideach.

Ní hé seo an chéad uair ag Hann a bheith ag caitheamh anuas ar an mBreatnais. In 2014, dúirt sé go raibh fógraí Breatnaise in ollmhargaí “dothuigthe” agus go raibh teanga mharbh á múineadh do leanaí.

Tá ráite aige freisin gur cúis aiféala dó go bhfuil ceannáras Iceland suite cúpla céad slat taobh istigh de theorainn na Breataine Bige, rud a fhágann nach bhfuil sé in ann a rá nár fhág sé Sasana riamh. Mar sin féin, mhaígh Hann nár leag sé féin cos in Albain riamh cé go raibh teach aige gar don teorainn.

Dúirt Hann go bhfuil an ghráin ag daoine atá ina gcónaí “ar imeall Ceilteach na Ríochta Aontaithe” ar chuairteoirí. 

Fág freagra ar 'Stiúrthóir ar chomhlacht ollmhargaíochta briste as a phost tar éis dó ‘gibiris’ a thabhairt ar an mBreatnais'

  • S. Mac Muirí

    Níl mé ag rá go n-íocfadh an fronta náisiúnta ná an ukip chomh flaithiúil é ach is dóigh go bhfeilfidh a ndearcadh chos ar bolg, a gciníochas 7 a gcomhluadarsan ní ba mhó leis nuair a rachaidh sé abhaile go Sasain.

  • Liam

    Tá an Breatnais ar fáil ar DuoLingo agus bím ag foghlaim beagán i m’am saor. Ní teanga ghaelach í mar atá i nGaeilge na hAlbain ach tú cuid de na focail cosúil le Gaeilge
    “ty” = tigh agus “da” = dea.

    Teanga álainn í agus léiríonn an eachtra sin go bhfuil dímheas ag roinnt daoine do gach mhionteanga, cé go bhfuil 16% de dhaoine sa Bhreatain Bheag ag labhairt Breatnais mar a bpríomhteanga chuile lá.

  • S. Mac Muirí

    Yn wir i ti a Liam.
    Is fíor duit a Liam.
    Mae’r ddwy iaith yn debyg i’w gilydd.
    Tá an dá theanga cosúil lena chéile.
    (gwir : fíor ; ti : tú ;
    dwy : dhá ; cilydd : chéile)