Stíl nua bróg is féidir a chaitheamh mar shála arda nó mar bhróga ísle

Rogha nua do té a shantaíonn a bheith faiseanta ach compordach 

Stíl nua bróg is féidir a chaitheamh mar shála arda nó mar bhróga ísle

Is breá liom féin sála arda; cuireann siad slacht breise ar fheisteas de ghnáth, go háirithe d’ócáid shóisialta nó fhoirmeálta. Ar chúis éigin, is minic nach tuilleadh airde amháin a thugann na sála do bhean ach tuilleadh misnigh freisin.

Níl ach fadhb bheag amháin leo – is minic nach mbíonn siad compordach nó fiú go ngortaíonn siad na cosa. Dá fhaide na sála arda á gcaitheamh ag duine is mó seans go ngortóidh siad. Is ar an gcúis sin gur minic a sheachnaítear iad agus go roghnaítear bróga ísle nach bhfuil oiread stíle ag baint leo.

Ach d’fhéadfadh nach fada go mbeidh athrú ar an bport sin.

Tá stíl bhróige nua curtha ar an margadh ag comhlacht Meiriceánach ar féidir iad a chaitheamh mar shála arda nó mar bhróga ísle.

 

Pashion Footwear atá ar an gcomhlacht seo agus is cónascadh idir na focail ‘Fashion’ agus ‘Practical’ atá mar bhunús leis an ainm sin. Tá deis teicneolaíochta forbartha ag an gcomhlacht ar a dtugann siad Pashion Stelo faoinar féidir na sála arda a bhaint de na bróga agus péire compordach bróga ísle a bheith agat. Tá tú in ann an dá shaol a thabhairt leat leis na bróga seo – sála arda don fhaisean agus sála ísle nó cuaráin don chompord. “Created by women, for women” an mana atá luaite ag bunaitheoir an chomhlachta lena cuid bróg.

Ceithre bliana ó shin a bhunaigh Haley Pavone an comhlacht Pashion Footwear agus ó shin i leith tá neart duaiseanna buaite aici agus infheistíocht go leor meallta aici dá cuid tionscnamh.

A cos a ghortú nuair a bhain sí di a cuid sála arda agus í ag damhsa a spreag Pavone le dul i mbun taighde agus laistigh de chúpla mí bhí réiteach an scéil aimsithe aici – an teicneolaíocht sin a dhéanfadh cuaráin de shála arda.

Chuaigh sí i bpáirt le saineolaithe bróg as Portland Mheiriceá le bailchríoch a chur ar an dearadh agus chuathas i mbun táirgeadh na mbróg nua sa tSín.

Tá sé thar a bheith éasca na sála a bhaint de na bróga seo. Casann tú na sála de bheagáinín é agus ansin tarraingíonn tú amach as na bróga iad. Tagann stopalláin bheaga leis na bróga a chuireann tú in áit na sála arda le go mbeidh siad compordach agus le go mbeidh tú in ann siúl i gceart.

Is féidir ansin na sála arda a chur i dtaisce sa mála beag síoda a thagann leo atá cosúil go maith le mála spéaclaí gréine agus iad a shá isteach i do mhála láimhe. Tá sé chomh simplí lena bhfaca tú riamh.

Tá roinnt stíleanna éagsúla le fáil ón gcomhlacht faoi láthair, ina measc bróga le blocshála trí horlaí nó ceithre horlaí nó stilettos agus cuaráin le strapaí agus dathanna difriúla. Beidh bróga pumpaí á seoladh acu níos deireanaí i mbliana.

An diamhasla a rá go bhfuil siad seo ar na chéad bhróga a bhí á dtuar sa mBíobla? Nach ann a deirtear ‘Gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é’?

Idir €131.95 agus €162.95 atá ar na bróga nua seo a thabharfaidh an rogha do dhuine a bheith ard nó íseal.

 

Fág freagra ar 'Stíl nua bróg is féidir a chaitheamh mar shála arda nó mar bhróga ísle'