Stephen Hawking – an t-eolaí ab aitheanta ó bhí Einstein ann – ar shlí na fírinne

Tá go leor eolaithe maithe ann nach mbíonn iomrá ar bith orthu ach bhí tréithe eisceachtúla breise ag Stephen Hawking

Stephen Hawking – an t-eolaí ab aitheanta ó bhí Einstein ann – ar shlí na fírinne

Tá an matamaiticeoir ab aitheanta ó bhí Einstein ann tar éis bháis.  Dála Einstein, ‘íocón’ ab ea Stephen Hawking.

Rugadh Hawking in Oxford i 1942 agus bhain sé céim amach ansin san Fhisic san ollscoil ansin.  Chuaigh sé as sin go Cambridge chun taighde a dhéanamh faoi thús na cruinne.  Chaith sé an chuid eile dá saol ansin. 

Ceapadh ina Ollamh Lucas le matamaitic in Ollscoil Cambridge é i 1978, post a bhí aige go dtí gur éirigh sé as in 2009.  Bhí an post céanna ag Isaac Newton idir 1669 agus 1702.

Cé go raibh saol oibre bisiúil aige, tá cuid dá chuid fionnachtana níos tábhachtaí ná a chéile.

Tá tuiscint dhomhain againn ar dhúphoill agus ar thús na cruinne a bhuíochas lena chuid taighde.

Rinne sé tuar go mbeadh fuinneamh ag éalú as dúphoill. Radaíocht Hawking a tugadh ar an radaíocht seo.  Roimhe sin, measadh nár éalaigh rud ar bith – fiú solas – amach as dúphoill.

Chun teacht ar an eolas seo bhí air cur chuige úr a fhorbairt.

Bhain sé úsáid as teoiric ghinearálta na coibhneasachta agus an mheicnic chandamach in éineacht.

Baineann teoiric ghinearálta na coibhneasachta leis an dóigh a chuireann an domhantarraingt isteach ar réada móra, cosúil le réalta agus pláinéid ar fud na cruinne.

Rialaíonn an mheicnic chandamach an t-idirghníomhú idir an solas agus leictreoin taobh istigh d’adaimh.

Anuas air sin, fuair sé amach gur shíolraigh an chruinne ina hiomláine as ponc beag bídeach – an tsingilteacht. An ollphléasc, nó an ‘Big Bang’ a thugtar ar an eachtra sin.

Díreach sular thosaigh sé ag staidéar in Cambridge i 1963, fuair sé amach go raibh scléaróis chliathánach amatrófach, nó galar Lou Gehrig, air. Cuireann an galar seo isteach ar an chóras néarógach agus cailltear neart na matán dá bharr.  Níorbh fhada gur chaill Hawking lúth na gcos agus cuid eile dá luaineacht.

Bhí sé 21 bliain d’aois.  Measadh go raibh dhá bliain aige sula bhfaigheadh sé bás.  Chaith sé an chuid eile dá shaol ag cur cuid de na ceisteanna ba mhó agus ba thábhachtaí a cuireadh riamh.  Chaith sé 55 bliain ag cuardach na bhfreagraí.

Cén fáth go raibh oiread sin aithne ar Stephen Hawking?  Is léir gur eolaí mór le rá a bhí ann a fuair freagraí ar chuid de na ceisteanna ba mhó a bhí ag an duine ariamh.  Cad é an dóigh ar tháinig an chruinne ar an fhód, cad is dúpholl ann agus ceisteanna eile nach iad.

Ach ní leor sin mar mhíniú ar a chlúití is a bhí sé.  Tá go leor eolaithe maithe ann nach mbíonn iomrá ar bith orthu.  Bhí tréithe sa bhreis ag Hawking.  Bhí glór aisteach aige a tháinig amach as gléas a bhí ceangailte dá chathaoir rothaí. B’fhurasta é a aithint, díreach cosúil le Einstein.

Anuas air sin, eolaí a bhí ann a scríobh leabhar a raibh mórán ráchairte air agus díoladh 111 milliún cóip de. Ba é an sprioc a bhí aige le A Brief History of Time ná go dtabharfadh sé tuiscint don phobal faoi na fionnachtana maidir leis na fórsaí bunúsacha a rialaíonn an chruinne.

Fág freagra ar 'Stephen Hawking – an t-eolaí ab aitheanta ó bhí Einstein ann – ar shlí na fírinne'

  • Barbara Nic D

    Níl a dóthain i nGaeilge léite nó cloistí agam faoi Stephen Hawking.. Buíochas leis an alt seo tá rud éigin ar líne