Stephen Donnelly leis an HSE a cheistiú faoi easpa ionad vacsaínithe i gConamara

Tharraing an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cúiv raic faoin easpa ionad vacsaínithe i gConamara ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil an tseachtain seo

Stephen Donnelly leis an HSE a cheistiú faoi easpa ionad vacsaínithe i gConamara

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly le ceist a chur ar an HSE an bhfuil sé i gceist acu ionad vacsaínithe a bhunú i nGaeltacht Chonamara agus cén fáth nach bhfuil a leithéid ann.

Dúirt an tAire Sláinte go bhfiosródh sé an scéal i ndiaidh don iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cúiv raic a tharraingt faoi ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil an tseachtain seo.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ag an gcruinniú go raibh sé “náireach” go gcaithfeadh daoine ón nGaeltacht “go háirithe daoine atá amach san aois” dul go cathair na Gaillimhe chun vacsaín a fháil.

Is i mBaile an Bhriotaigh ar imeall thoir na cathrach atá an t-ionad vacsaínithe a n-iarrtar ar mhuintir Chonamara freastal air.

Deir Éamon Ó Cuív gur cheart go mbunófaí ionad nó ionaid vacsaínithe i gConamara láithreach.

“Tá mé sásta go bhfuil an tAire [Sláinte] le ceist a chur ar an HSE cén fáth go bhfuil turas 100 ciliméadar ann agus 100 ciliméadar as le déanamh ag daoine as Conamara chun vacsaín a fháil ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe. 

“Agus i gcás mhuintir Inis Bó Finne, mar shampla, smaoinigh go bhfuil turas isteach agus amach ón oileán le déanamh acu anuas air sin.”

Fág freagra ar 'Stephen Donnelly leis an HSE a cheistiú faoi easpa ionad vacsaínithe i gConamara'

  • S. Mac Muirí

    Níl aon bhaint agam le Gaillimh ach chuir an t-aistear so le teacht ar imdhíonadh dubhiontas orm. Tá mé ag leagan amach go mbeadh sé ina raic in oithear na tíre dá gcuirfí d’iachall ar mhuintir Dhún Dealgan taisteal go deisceart BÁC. Sin an t-achar bealaigh atá le tiomáint aniar as iarthar Chonamara, turas atá fíoraisteach.