Stair ó bhéal ar ionradh na hIaráice agus ar tháinig ina dhiaidh

Sraith thábhachtach chumhachtach a thugann cuntas ar thréimhse thragóideach fhuilteach í Once Upon A Time in Iraq

Stair ó bhéal ar ionradh na hIaráice agus ar tháinig ina dhiaidh

Is deacair a shamhlú go bhfuil seacht mbliana déag gafa tharainn ó dhein fórsaí na Stát Aontaithe agus a gcomhghuaillithe ionradh ar an Iaráic. Tá an tír agus an réigiún suaite sin ag déileáil le hiarmhairtí an chinnidh úd ó shin.

Is éard a chuireann an tsraith cúig chlár Once Upon A Time in Iraq (BBC2, Dé Luain) roimhe ná scéal an chogaidh, agus ar lean é, a insint trí shúile na ndaoine a ghabh tríd – saighdiúirí, iriseoirí agus gnáthdhaoine.

In ábhar cartlainne ag tosach an chéad ghála chonacthas agus chualathas George W. Bush agus Tony Blair ag cosaint a gcinnidh ionradh a dhéanamh ar an Iaráic.  Chosnóidís fós é. Tá a fhios ag an saol Fódlach anois, áfach, go raibh an fhianaise maidir le hairm ollscriosta na hIaráice, mar aon le ceangal na tíre le hionsaithe 9/11 lochtach, curtha as a riocht nó bréagach.

Le barr neamhthuisceana cheap na comhghuaillithe go raibh an beart déanta nuair a bhí an phríomhchathair gafa agus Saddam curtha de dhroim seoil. Ní mar a síleadh a bhí. Faoi mar a dúirt an grianghrafadóir Astrálach Ashley Gilbertons linn, tá sé furasta a bheith ag cogaíocht, an rud atá deacair ná cad a dhéanann tú nuair a bhuann tú. Faoi mar a dúirt iriseoir eile, agus ní le drochmheas é, níor éirigh leis an ionradh aon ní a bhaint amach ach “na doirse a bhaint de thigh na ngealt”.

Sa chéad ghála díríodh ar an tréimhse díreach roimh an gcogadh agus na chéad laethanta den ionradh. Is é Waleed Nesyif a bheir barr bua ar gach duine eile. Agus é ag caitheamh, ag vápáil agus ag diúgadh ar chaife d’inis sé a scéal le deisbhéalaíocht, le greann agus le tuiscint.

Ní raibh sé ach ocht mbliana déag ag an am, Béarla breá aige agus é ina bhall de bhanna miotal trom. Dúil thar na bearta aige i saol an Iarthair. Go deimhin cuireadh abhaile orainn go raibh Baghdad ar cheann de na cathracha ba liobrálaí agus ba ilchultúrtha sa réigiún. Bhí Waleed sásta nuair a thosaigh an t-ionradh, mheas sé go raibh a gcóta bán déanta. I radharc suaite amháin chonaiceamar an t-athrú intinne ag teacht air agus é (ina phost mar aistritheoir dos na húdaráis) i bhfochair fir a bhí ag tochailt i ngaineamh an fhásaigh tar éis do dhiúracáin na gcomhghuaillithe a theaghlach a mharú. Bábóg agus leabhar tíreolaíochta á láimhseáil go brónach aige.

Cinnte ba dheachtóir brúidiúil é Saddam Hussein agus meabhraíodh seo dúinn go minic. Mharaigh sé 80,000 míle duine dá chomhthírigh tar éis an chéad ionraidh ar an Iaráic i 1991. Ina dhiaidh sin féin meabhraíodh dúinn gur choimeád sé na hantoiscigh reiligiúnda fé chois agus cinntíodh seasmhacht de shaghas éigin. Ba dhia beag é ag mórán agus labhair iarchomhairleoir le Saddam go maoithneach faoin bhfear agus a thréimhse i gcumhacht.

Níl a fhios agam an bhfuil Rudy Reyes as a mheabhair, dainséarach, cruálach nó suaite ag a bhfuil sé gafa tríd. Smut de gach ceann b’fhéidir. Lena chuid matán breá ar taispeáint, chaith sé siar cúpla bolgam tequila sara gcuaigh sé i mbun cainte. Bhí sé siúd i measc na gcéad mhuirshaighdiúirí a thuirling san Iaráic. “Capable violent professionals,” a thug sé air féin agus a chomhshaighdiúirí, daoine a bhí “sytematically programmed to kill”. Dhein sé cur síos ar an marú, sibhialtaigh neamhchiontacha san áireamh. Tá aithreachas air agus níl. Tá sé suaite ach tá sé bródúil. Ba dheacair léamh air.

Sraith thábhachtach chumhachtach a thugann cuntas ar thréimhse thragóideach fhuilteach í Once Upon A Time in Iraq.

Fág freagra ar 'Stair ó bhéal ar ionradh na hIaráice agus ar tháinig ina dhiaidh'