Stailc aon lae beartaithe ag píolótaí Ryanair an tseachtain seo chugainn

D’fhéadfadh an t-aighneas tionsclaíoch cur isteach ar na mílte daoine atá ag dul ar laethanta saoire

Stailc aon lae beartaithe ag píolótaí Ryanair an tseachtain seo chugainn

Tá stailc aon lae beartaithe ag píolótaí Ryanair don tseachtain seo chugainn.

Vótáil formhór mór de bhaill Ryanair i gCumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann dul ar stailc Déardaoin an 12 Iúil mar gheall ar aighneas tionsclaíoch i dtaobh téarmaí agus coinníollacha oibre.

Má théitear ar stailc an tseachtain seo chugainn beidh sé ar an gcéad stailc riamh ag píolótaí de chuid Ryanair atá lonnaithe in Éirinn.

Mairfidh an stailc atá beartaithe 24 uair an chloig ach thug lucht ceardchumainn le fios go bhféadfadh a thuilleadh stailceanna a bheith i gceist agus go gcuirfí an aerlíne ar aon eolas faoina leithéid dá mba gá.

Deir lucht ceardchumann go bhfuil siad sásta i gcónaí dul i mbun idirbheartaíochta faoin aighneas ach maíonn siad nach bhfuil Ryanair ag caitheamh go dáiríre leo ná lena gcuid éileamh agus go bhfuil easpa dul chun cinn i gceist maidir le feabhas a chur ar chúrsaí pá agus coinníollacha oibre eile.

Tá sé ina imní anois go bhféadfadh stailceanna agus aighneas tionsclaíoch san earnáil cur as go mór do dhaoine an chuid eile den samhradh.

Fág freagra ar 'Stailc aon lae beartaithe ag píolótaí Ryanair an tseachtain seo chugainn'