Srianta nua le tabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, 484 cás nua den ghalar deimhnithe

Déanfar cinneadh faoi na srianta nua atá molta ag NPHET Dé Máirt seo chugainn

Srianta nua le tabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, 484 cás nua den ghalar deimhnithe

Tabharfar srianta nua isteach roimh dheireadh na bliana, a deir an Taoiseach Michéal Martin.

Déanfar cinneadh faoi na srianta nua atá molta ag NPHET Dé Máirt seo chugainn, ach thug an Taoiseach le fios go mbeadh srianta níos déine á thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana.

484 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus triúr eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Ní chuirfidh na srianta as do thréimhse na Nollag agus meastar gur ar an 31 Nollaig a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

Ar na moltaí atá déanta ag NPHET tá go gcuirfí deireadh níos luaithe leis an tsaoirse taistil a bheidh ag daoine ón lá amárach go dtí an 6 Eanáir agus go gcuirfí srianta níos déine i bhfeidhm ar earnáil an fháilteachais. Tá siad ag moladh chomh maith nach mbeadh cead ach ag teaghlach amháin eile cuairt a thabhairt chun an tí.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go raibh tuairiscí ann faoi dhrochráigeanna den ghalar in ionaid oibre agus de thoradh ócáidí sóisialta, cóisirí Nollag agus sochraidí.

Mura gcuirfeadh daoine teorainn le líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu bheadh ardú as cuimse ar líon na gcásanna i mí Eanáir, bheadh ardú suntasach ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus chuirfí beatha daoine i mbaol, a dúirt an Dr Holohan.

“Tá an víreas á scaipeadh go sciobtha tríd an tír, i measc chuile aoisghrúpa,” a dúirt sé.

Agus é faoi agallamh ag RTÉ dúirt an Taoiseach go bhfuil “imní” air faoin ardú ar líon na gcásanna. 400 cás ar an meán in aghaidh an lae a bhí ann le cúig lá anuas.

Idir 1.1 agus 1.3 atá ráta atáirgthe an ghalair anois. Gar do 1 a bhí sé seachtain ó shin. Dúirt an tAire Sláinte go bhféadfadh líon na gcásanna ardú “an sciobtha go deo” má bhíonn an ráta os cionn 1.2.

Tá rabhadh tugtha ag an bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan do dhaoine go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh scaipeadh an ghalair.

Bhí comharthaí soiléire ann a dúirt sé go raibh drochbhail ag teacht ar chúrsaí. Bhí ardú tagtha ar ráta an ghalair, ar líon na gcásanna laethúla den Covid-19 agus ar an gcéatadán de dhaoine a mbíonn toradh dearfach ar a dtástálacha don ghalar, ar sé.

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh an galar imeacht ó smacht an-éasca go háirithe agus idir shean is óg ag meascadh le chéile aimsir na Nollag.

D’impigh sé ar dhaoine cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí agus teorainn a chur le líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, níos túisce inniu go mbeadh daoine ag cur beatha a muintire i mbaol le linn na Nollag mura mbeidís cúramach an deireadh seachtaine seo.

Bhain 40 den 484 cás a fógraíodh inniu le Corcaigh, 32 cás a bhí i nDún na nGall agus 25 cás a bhí i gCiarraí.

17 cás a bhí i gcontae na Mí, 11 cás a bhí i bPort Láirge, deich gcás a bhí i Maigh Eo agus ocht gcás a bhí i nGaillimh.

150 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

207 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát  imithe os cionn 90 arís. Ráta 94.2 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist anois.

Ráta 247 atá i nDún na nGall i láthair na huaire, 113 atá i Maigh Eo, 79 atá i bPort Láirge agus 70 atá i gcontae na Mí. Tá an ráta i gCiarraí imithe suas go dtí 58 ó 42 in aon lá amháin, 50 atá i nGaillimh, agus 34 atá i gCorcaigh.

Deimhníodh 12 duine eile a bheith básaithe ó thuadh inniu de bharr an víris – sin 1,154 curtha den saol aige ansin go dtí seo. Tá an galar tolgtha ag breis is 60,000 duine ó thuaidh faoin tráth seo agus cuireadh 656 cás eile leis an líon sin inniu.

Tá 460 othar sna hospidéil agus an galar tolgtha acu, tá 32 acusan in aonad dianchúraim agus 26 acu ar aerálaithe. Tá na hospidéil plódaithe agus bhí cruinniú ag an bhFeidhmeannas chun an ghéarchéim is déanaí a phlé agus gach cosúlacht ar an scéal gur dianghlasáil eile a bheidh i ndán don oirthuaisceart tar éis na Nollag.

3,295 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,143 duine ó dheas den teorainn agus 1,154 duine ó thuaidh di.

137,965 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 77,678 cás ó dheas agus 60,287 ó thuaidh.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin ag fanacht amach ó dhaoine ó deimhníodh go raibh an víreas tolgtha ag Uachtarán na Fraince Emmanuel. Bhí an Taoiseach ag cruinniú de Chomhairle na hEorpa i dteannta Macron an tseachtain seo caite, 10-11 Nollaig. Chuir an Taoiseach cruinnithe ar athlá go dtí go bhfaigheadh sé scéal faoin tástáil don Covid-19 a cuireadh air agus fógraíodh tráthnóna nach raibh an víreas tolgtha ag an Taoiseach. Tá féin-aonrú seacht lá á dhéanamh ag Uachtarán na Fraince.

Tá Príomh-Aire na Spáinne ar coraintín go dtí oíche Nollag de bharr go raibh sé i bPálás Elysee i gcomhluadar Macron níos túisce an tseachtain seo. Ia amhlaidh an cás ag Príomh-Aire na Portaingéile. Dúirt urlabhraí ar son Angela Merkel gur chloígh sí le rialacha sláinte an Covid-19 ag cruinniú na Bruiséile agus go raibh masc uirthi an t-am ar fad. Toradh diúltach a bhí ar thástáil víris a cuireadh uirthi i ndiaidh an chruinnithe.

Ón lá amárach, beidh criúnna otharchairr ón tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr an taobh seo den teorainn ag cuidiú leis an tseirbhís ó thuaidh agus an tseirbhís sláinte ansin faoi bhrú mór. Iarradh cúnamh orthu le freastal ar chuid den bhrú sin i mBéal Feirste, Lios na gCearrbhach agus Craigavon as seo go ceann ceithre lá.

 

Fág freagra ar 'Srianta nua le tabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, 484 cás nua den ghalar deimhnithe'