Srianta nua curtha as an áireamh, tástálacha antaigine á ndáileadh

Tá imní á léiriú faoin ardú mór ar líon na gcásanna den ghalar ach deir na Taoiseach nár cuireadh aon chomhairle ar an Rialtas srian a chur ar imeachtaí leanaí taobh amuigh den scoil

Srianta nua curtha as an áireamh, tástálacha antaigine á ndáileadh

Níl aon ghlacadh ag an Taoiseach Micheál Martin leis an moladh go gcuirfí dianghlasáil ghearr ghéar i bhfeidhm ar feadh scaithimh, ‘scoradán ciorcaid’ mar a thugtar air, le líon na gcásanna Covid-19 i measc leanaí scoile a chur faoi smacht arís.

Faoin moladh sin chuirfí síneadh le saoire seo na Samhna ach tá an Rialtas ar a mine ghéire ag iarraidh na scoileanna a choinneáil oscailte, a deir an Taoiseach.

D’admhaigh sé áfach nach bhfeadfaí aon rud a chur as an gcomhaireamh sna míonna amach romhainn.

Agus é ag trácht ar an ardú tobann atá le sonrú i measc leanaí idir 5 bliana agus 12, dúirt an Taoiseach gurb é an saineolas atá ag teacht ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Poiblí (NPHET) gur sa bpobal atá an víreas ag scaipeadh.

Tá imní á léiriú le laethanta beaga anuas faoin ardú mór ar líon na gcásanna den ghalar. Dúirt an Taoiseach nár cuireadh aon chomhairle ar an Rialtas gur chóir srian a chur ar imeachtaí leanaí taobh amuigh den scoil.

Dúirt Micheál Martin gur theastaigh uaidh cultúr nua a spreagadh ina ndéanfadh daoine iad féin a thástáil agus chuige sin go mbeadh teacht níos éasca ar thástálacha antaigine.

Ón lá inniu ar aghaidh seolfar tástálacha antaigine saor in aisce amach chuig aon duine a ainmníodh mar ghartheagmhálaí do dhuine ar deimhníodh an Covid-19 a bheith air.

Aon ghartheagmhálaí a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair air nó nach bhfuil an vacsaín iomlán faighte aige, cuirfear le haghaidh gnáth-thástáil PCR é.

Cuirfear bosca cúig thástáil antagaine chugat más gartheagmhálaí thú a bhfuil an vacsaín iomlán faighte agat.             Caithfidh tú trí thástáil a dhéanamh – an chéad cheann ar fháil na tástála duit, an dara ceann dhá lá ina dhiaidh sin agus an tríú ceann i gceann dhá lá eile.

Sa gcás go mbeidh an tástáil antaigine sin deimhneach caithfidh tú tástáil PCR a chur in áirithe. Más diúltach an toradh, cuir sin in iúl d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) ar a láthair ghréasáin.

D’fhógair an Taoiseach go raibh sé i gceist ag an Rialtas feachtas cumarsáide a sheoladh maidir le ceartúsáid na dtástálacha antaigine.

“Ag an tráth seo den fheachtas táimid ag díriú ar na gartheagmhálaithe. Ba chóir dúinn cultúr na féintástála a fhorbairt, rud a dhéanfadh daoine go rialta agus ag an am ceart agus ar an gcomhairle cheart.”

Fág freagra ar 'Srianta nua curtha as an áireamh, tástálacha antaigine á ndáileadh'