Ba í an bhean a bhí os comhair cúirte ar an Ómaigh Dé Luain an chéad duine a cúisíodh i dtaobh shrianta na paindéime, Covid-19, a shárú i dTuaisceart Éireann. Cuireadh i leith Sinéad Corrigan ón tSrath Bán go raibh trí chóisir tí aici cé go bhfuil bac ar a leithéid agus gur sháraigh sí ordú toirmisc.
Dúradh sa chúirt gur eisigh póilíní an t-ordú toirmisc ar an 2 Deireadh Fómhair nuair a cuireadh fios orthu go dtí an scéim sciath-thithíochta ina bhfuil cónaí uirthi; bhí cúigear cuairteoirí ó cheithre sheoladh éagsúla eile i láthair ina hárasán. Ceithre huaire fichead ina dhiaidh sin bhí cóisir eile ar siúl nuair a d’fhill an PSNI, agus ochtar cuairteoirí i láthair.
Dúradh sa chúirt gur mhaígh sí gur chuma faoi shrianta na paindéime agus go leanfadh sí ag fáiltiú roimh dhaoine chuig cóisirí. Gheall a dlíodóir áfach go gcloífeadh sí leis na rialacha feasta. Cuireadh siar ar bannaí í go dtí deireadh na míosa ach thug an giúistís foláireamh go mbeadh príosún i ndán di dá leanfadh sí ag sárú na srianta mar go raibh áitritheoirí eile agus foireann na scéime á gcur i mbaol aici.
Fíneáil an t-aon phionós atá ceadaithe faoi láthair ar na cionta a cuireadh i leith na mná. Tá an chaint faoi fhorfheidhmiú na srianta ag treisiú áfach. Tá an PSNI chun tuarascáil sheachtainiúil ar fhíneálacha a eisiúint. Agus táthar ag dréim le fógra ó Aire Cirt Stormont, Naomi Long inniu faoi phionóis níos déine as sárú na srianta.
Cháin roinnt daoine, tráchtaire nó dhó ina measc, an PSNI ag cur ina leith go raibh faillí á déanamh acu ina ndualgas toisc nach raibh siad gníomhach in aghaidh na ndaoine a bhí ag sárú na rialacha maidir le mascanna aghaidhe agus cóisirí. Más é an cáineadh a ghríos chun cainte iad nó an phráinn faoi scaipeadh rábach na haicíde bhris an PSNI a dtost. D’eisigh siad cuntas Dé Luain ar a ngníomhartha maidir le forfheidhmiú na rialacha ó Mhárta agus eiseoidh siad tuairisc gach Luan as seo amach.
Gearradh 1,156 fíneáil (idir £60 agus £960) ó thús na paindéime ar dhaoine os cionn 18 agus eisíodh 800 fógraí pobail do dhaoine faoi 18. Is as sárú na rialacha maidir le féin-aonrú a gearradh an pionós is déine -£1,000 an duine ar sheachtar is fiche ar fad. Fuair 64 gnólacht agus 139 teach cónaithe orduithe toirmisc. I mBéal Feirste a gearradh an líon ba mhó fíneálacha, 615 go dtí seo.
Ó tá an t-eolas seo ag an bpobal anois an dtabharfar níos mó airde ar na srianta? Gach seans gur mó éifeacht a bheadh ag rialacha dá mbeadh a fhios ag daoine a bhí sleamchúiseach go gcaithfí an téiléireacht a íoc. Cé gurb é tolgadh an víris an praghas is mó, níor léir gur leor faitíos roimhe sin mar choscán ar gach duine. Cé gur iomaí duine a fuair Covid-19 d’ainneoin a bheith cúramach agus umhal do na treoracha, cheap roinnt go bhféadfaidís a rogha rud a dhéanamh mar nach raibh smachtbhannaí de chineál ar bith á gcur i bhfeidhm as sárú na rialacha.
Baineadh croitheadh as na hAirí in Stormont agus as an bpobal fré chéile nuair a chuala siad moltaí NPHET faoi Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm ar fud na Poblachta. (Ní foláir nó go raibh siad buíoch beannachtach gur annamh a chloiseann an pobal mionsonraí na comhairle faoi shláinte phoiblí abhus). Faoiseamh éigin dóibh ab ea cinneadh an rialtais ó dheas an chluas bhodhar a thabhairt don gcomhairle, go fóill pé scéal é.
Díol suntais dóibh – agus faoiseamh – ab ea gur fágadh ceantair cois teorann, contaetha Dhún na nGall agus Mhuineacháin ar shrianta Leibhéal 3. Dá mbeadh Leibhéal 4 nó 5 curtha i bhfeidhm ansin bheadh brú mór ar Stormont comhordú leo.
Ba í an fhadhb nach raibh Stormont in acmhainn dianghlasáil a dhéanamh. Bhí siad ag achainí ar Michael Gove agus ar Sheansailéir an Státchiste, Rishi Sunak, a thuilleadh maoine a sholáthar le déileáil leis na riachtanais i gceantar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin de bharr na srianta ar ghnólachtaí an tseachtain seo. Dá mbeadh orthu treisiú ar shrianta i gceantair eile gan tacaíocht ó Whitehall bheidís i bponc.
Seans maith gur gearr uathu na crua-chinntí sin – i gcomhar leis an bPoblacht go luath b’fhéidir. Beifear ag súil gur féidir é sin a sheachaint, le dea-thoil, comhoibriú agus, an focal faire nua, forfheidhmiú na rialacha. Murar leor mealladh, seo chugaibh bagairt agus más gá, pionós. Bhí sé thar am.
Fág freagra ar 'Srianta na paindéime, an leor an mealladh?'