Sraith teilifíse Gaeilge díolta le seirbhís sruthaithe san Eoraip

Tá Corp + Anam, a léirigh Magamedia do TG4, anois ar fáil ar ‘SOONER’, seirbhís sruthaithe físe sa Ghearmáin, san Eilvéis agus san Ostair

Sraith teilifíse Gaeilge díolta le seirbhís sruthaithe san Eoraip

Tá sraith drámaíochta Gaeilge díolta le seirbhís sruthaithe ar líne.

Corp + Anam, a léirigh Magamedia do TG4, anois ar fáil ar ‘SOONER’, seirbhís sruthaithe físe, amhail Netflix, a bhíonn ar fáil sa Ghearmáin, san Eilvéis agus san Ostair.

Tugadh ardmholadh don choirdráma nuair a craoladh an chéad séasúr in 2011 agus an dara ceann in 2014. Bhuaigh Corp + Anam gradaim IFTA agus fuair moladh ó na léirmheastóirí.

Is iad Diarmuid de Faoite (Cathal Mac Iarnáin) agus Maria Doyle Kennedy (Mairéad Mhic Iarnáin) a bhí sna príomhpháirteanna sa tsraith a d’inis scéal iriseora a bhí ag iarraidh comhcheilg choiriúil a thabhairt chun solais.

Dúirt Paddy Hayes, príomhfheidhmeannach Magamedia, go raibh ríméad air go raibh an tsraith le dul i gcion ar phobal níos leithne.

Seoladh ‘SOONER’ an mhí seo caite agus tá an tseirbhís ar fáil faoi láthair sa Ghearmáin, san Eilvéis, san Ostair, sa Bheilg agus i Lucsamburg. Tá an tseirbhís le seoladh sa Fhrainc níos deireanaí i mbliana.

Fág freagra ar 'Sraith teilifíse Gaeilge díolta le seirbhís sruthaithe san Eoraip'

  • Mickey

    Iontach. Is léir go bhfuil Tg4 i bhfad níos fearr ná RTÉ ó thaobh sraitheanna teilifíse agus rudaí. Agus níos tábhachtaí ar gach uile bhealach!