Sraith shlachtmhar shnoite é Kin ach ní haon Love/Hate é

Tá RTÉ agus Aidan Gillen chugainn arís le saothar faoi choirpigh Bhaile Átha Cliath

Sraith shlachtmhar shnoite é Kin ach ní haon Love/Hate é

Cé go bhfuil dorn blianta ann ó craoladh an gála deireanach de Love/Hate tá a lorg fós le braistint. D’éirigh an lucht féachana gafa le gníomhartha buile Nidge is a chairde breis is deich mbliana ó shin agus cé go raibh na comparáidí le The Sopranos áiféiseach ba shraith chumasach, thathagach í. Is ait liom ar shlí go rachadh RTÉ ag rómhar arís in iomaire na coiriúlachta agus go dtabharfadh siad Aidan Gillen, duine de phríomhcharachtair Love/Hate sna séasúir thosaigh, ar ais le tabhairt faoi ról mar ceannaire coirpeach in athuair. 

Cé nach bhfuil feicthe againn ach gála amháin de Kin (RTÉ1, Dé Domhnaigh) tá comparáidí le rianú le Love/Hate agus gníomhartha buíon coirpeach i mBaile Átha Cliath á leanúint againn. Dream meánaicmeach iad muintir Kinsella agus iad buailte fúthu in D4 (BÁC4) agus iad gléasta go péacógach amhail is go bhfuil siad ag dul chun na hoifige. Is léir áfach go mbeidh siad chomh foréigneach brúidiúil le Nidge agus a chomhghuaillithe. De réir scéil tá an saothar bunaithe ar mhuintir Kinihan agus féach go bhfuil na trí litir chéanna sa teideal agus atá i dtosach an dá shloinne. 

Sé Frank (Gillen) ceann feadhna an teaghlaigh agus tá a mhac Eric (Sam Keeley) agus a bheirt nianna Jimmy (Emmett J Scanlan) agus Michael (Charlie Cox) mar ghiollaí aige. Tá a dheirfiúr Bridget (Maria Doyle Kennedy) agus bean Jimmy, Amanda (Clare Dunne) sáite sa chúram go maith. 

Is léir gur sraith shlachtmhar shnoite a bheidh anseo agus tá taispeántais bhreátha ón gcliar ar fad. Scaoil an chéad ghála sonraí chugainn bolgam ar bholgam agus is léir go bhfuil go leor uisce fé thalamh. Feicimid Michael á shaoradh ón bpríosún agus níl a fhios cad a chuir ann é nó cad ba chúis leis na poill philéir ina thigh. Táimid in amhras go mb’fhéidir go raibh gaol de shaghas éigin aige le bean a dhearthár agus táimid in amhras go bhfuil Bridget níos casta agus níos dainséaraí ná mar a tuigeadh dúinn ar an gcéad fhéachaint.  

Táim ag súil le tuilleadh a fheiscint de Chiarán Hinds, céile comhraic mhuintir Uí Chinseala. Is carachtair théagartha shuimiúla iad Bridget agus Amanda agus seans gurb iad siúd is mó a dhealóidh an saothar seo óna réamhtheachtaí cáiliúil. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Michael lárnach sna heachtraí atá le teacht agus go bhfuil taobh brúidiúil ag baint leis an bhfear ciúin, beagfhoclach seo. Déanann an Sasanach Cox iarracht bhreá canúint Átha Cliath a tharraingt chuige féin. 

Tá suan na muice bradaí ann ón tús agus sinn cinnte go bpléascfaidh rudaí idir muintir Kinsella agus buíon Eamon Cunningham (Hinds). Ní haon iontas go bhfuil dúnmharú ag an deireadh ach ábhar iontais, agus cor cinniúnach, an té a mharaítear. Is i dtosach an tsléachta atáimid. 

Sraith shlachtmhar shnoite ach ní haon Love/Hate í. 

Fág freagra ar 'Sraith shlachtmhar shnoite é Kin ach ní haon Love/Hate é'

  • Diarmaid

    Róluath a rá nach mbeidh sé chomh maith le Love/Hate déarfainn tar éis clár amháin. Bhí L/H lag go maith ag an tús más buan mo chuimhne. An cuid agus iad ag damhsa sa séipéal !!!! Beidh le feiceáil