SRAITH PICTIÚR: Tionscadal ar Fhéilte na hÉireann

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá le strainséir faoi fhéile a bhíonn ar siúl i do cheantar.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Déan cur síos ar an bhféile a bhíonn ar siúl, cuir taitneamh in iúl, déan cur síos ar thuairimí daone faoi, tabhair moltaí.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Tionscadal ar Fhéilte na hÉireann

(Téacs an fhíseáin)

1) Ag tús na scoilbhliana thug an múinteoir Gaeilge tionscnamh do scoláirí an chúigiú bliain.
Thug na scoláirí cluas le héisteacht dó.
Mhínigh sé dóibh go mbeadh an tionscnamh bunaithe ar fhéilte na hÉireann.
Dhíreodh na tionscnaimh ar na féilte is tábhachtaí.
Roinneadh an rang i mbeirteanna.

2) Bhí Seán agus Máire ag obair le chéile.
Bheartaigh siad agallamh a chur ar theaghlach amháin faoi na féilte éagsúla.
Shocraigh siad tosú ar an bpointe boise.
“Tús maith leath na hoibre,” a dúirt siad leo féin.
Bheadh tuairisc le scríobh acu ag an deireadh.

3) Ar dtús labhair siad faoi lá fhéile Pádraig.
Chuaigh siad isteach go lár na cathach le féachaint ar an bparáid.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhain siad lán na súl as na hiontais a bhí le feiceáil.
Ina theannta sin chuaigh siad go teach tábhairne.

4) Mhaisigh siad an teach ó bhun go barr d’Oíche Shamhna.
Bhí na páistí gléasta ó bhun go barr.
Bhí páistí na comharsanachta ag teacht ag an doras ag lorg sólaistí.
Bhí muintir an tí an-fhlaithiúil.

5) Chuaigh siad isteach go dtí an baile mór roimh an Nollaig.
Bhí an saol agus a mháthair ag siopadóireacht.
Cheannaigh siad go leor bronntanas agus ní raibh pingin rua fágtha acu.
Nuair a bhí an oíche tite lasadh an crann Nollag agus thosaigh cór ag canadh carúil Nollag.

6) Ghabh siad buíochas ó chroí leis an teaghlach.
Rinne Seán agus Máire tionscnamh den scoth.
Bhí obair na gcapall déanta acu.
Chuir siad i láthair an ranga é.
Mhol an múinteoir go hard na spéire iad.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Céard faoi a bhfuil siad ag caint sa rang i mbosca 1?
  • Cén fhéile atá á plé i mbosca 3?
  • Cad iad na himeachtaí atá ag tarlú i mbosca 3?
  • Cén fhéile atá á plé i mbosca 4?
  • Cad atá ag tarlú ag an gcrann Nollag i mbosca 5?