SRAITH PICTIÚR: Filleann an Fón

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar an uair a chaill tú rud nó gur goideach rud éigin uait. Cum scéal más gá.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Cuardaigh focail agus briathra nua ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan cur síos, tabhair comhairle, tabhair rabhadh, cuir míshástacht in iúl, cuir fear in iúl.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.


Filleann an fón

(Téacs an fhíseáin)

1) An tseachtain seo caite chuaigh Niamh, Dáithí, Cliodhna agus Breandán chuig bialann Iodálach.
Chuir an freastalaí fáilte ghroíúil rompu agus threoraigh chuig bord iad.
Tá an-cháil ar an mbialann seo, Pasta Blasta, agus bhí an ceathrar acu ag súil go mór leis an mbéile.

2) Bhreathnaigh siad ar an mbiachlár agus cuireadh uisce lena bhfiacla.
Pasta na Róimhe ba ea an sladmhargadh don deireadh seachtaine.
An fhaid is a bhí siad ag bhreathnú ar an mbiachlár, thug Dáithí faoi deara go raibh fón ar an úrlár.
Caithfidh sé go raibh sé caillte ag duine éigin.

3) Chuaigh sé chomh fada leis an bhfreastalaí agus mhínigh sé an scéal dó.
Ghabh an freastalaí buíochas le Dáithí agus dúirt sé go gcoinneodh sé an fón don té ar leis é.
Bhí Dáithí bródúil as féin mar go raibh an rud ceart déanta aige.

4) Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig a mbéilí.
Bhí píotsa agus pasta acu.
Bhí Coke agus uisce acu le n-ól.*
Cheap siad go raibh sé an-bhlasta agus réasúnta ó thaobh an phraghais.
Sílim go raibh cuid acu sa mbialann cheana.
Ag an am céanna, bhí fear tar éis a thabhairt faoi deara go raibh a fhón caillte aige agus d’fhill sé ar an mbialann.

5) Lig sé osna faoisimh nuair a dúirt an freastalaí go raibh an fón aige.
Chuaigh sé anonn chuig Dáithí le buíochas ó chroí a ghabháil leis.
Dúirt sé go raibh an fón an-tábhachtach dá chuid oibre agus go mbeadh sé i bponc ceart gan é.

6) Bhí sé chomh buíoch sin gur thóg sé nóta €20 as a phóca agus d’ordaigh sé milseog don cheathrar.

D’ith siad go léir milseog bhlasta d’uachtar reoite.

Is iad a bhí sásta!

*Cé go scríobhtar ‘le hól’, cloistear ‘le n-ól’ ina lán de na canúintí beo Gaeltachta.

Ceisteanna:

  • Cén sórt bialainne ba ea é?

  • Cé mhéad a chosain an béile, meas tú?

  • Cén sórt duine é Dáithí, meas tú?

  • An raibh mórán daoine sa bhialann?

  • Cé mhéad a chosain an mhilseog, meas tú?