SRAITH PICTIÚR: Caillte sna Sléibhte

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Caillte sna Sléibhte

Físeán

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá le do chara agus sibh i ndainséar ar chúis éigin.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Déan cur síos ar cén fáth a bhfuil sibh i ndainséar, cuir eagla agus imní in iúl, bíodh argóint eadraibh, cuir milleán iúl, inis cén chaoi a tháinig sibh slán.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Caillte sna Sléibhte

(Téacs an fhíseáin)

1) An Samhradh seo caite bheartaigh Cumann Sléibhteoireachta na Gaillimhe Cruach Phádraig a dhreapadh.
Bhuail siad bóthar ag breacadh an lae agus shroich siad ceann scríbe ag a naoi a chlog.
Bhí an ceo tite faoin tráth sin.
Cé gur mheas roinnt daoine go raibh sé dainséarach, chinn siad leanúint ar aghaidh.

2) Leathuair an chloig ina dhiaidh sin bhí siad leathbhealach suas.
Bhí siad ag éirí imníoch mar go raibh an ceo éirithe níos troime.
Bhí Seán agus Pól ar chúl an ghrúpa.
Is ar éigean go raibh siad in ann aon ní a fheiceáil.

3) Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh an grúpa imithe i bhfad chun cinn ar Sheán agus Pól.
Chuaigh siad sin amú agus ní raibh a fhios acu ó thalamh an domhain cá raibh siad.
Bhí siad in umar na haimléise.
Bhí siad ag éirí tuirseach ag an bpointe sin.

4) Thug an grúpa faoi deara nach raibh Seán agus Pól leo.
Scread siad in ard a gcinn is a ngutha ach ní bhfuair siad aon fhreagra.
“Is snámh in aghaidh easa é a bheith á lorg sa cheo seo,” a dúirt ceannaire an ghrúpa.
Chuireadar fios ar na seirbhísí éigeandála ar an bpointe.

5) I bpreabadh na súl bhí na seirbhísí éigeandála tagtha ar an láthair.
Ba ar éigean Dé gur aimsigh siad Seán agus Pól.
Thuirling beirt fhear den héileacaptar le cóir leighis a chur ar Sheán agus Pól.
Buíochas le Dia ní raibh marc ná máchail orthu.
Bhí a gcosa tugtha leo acu.

6) Lig gach duine osna faoisimh astu nuair a chuala siad go raibh Seán agus Pól slán sábháilte.
Rinne siad an gabhar a róstadh an oíche sin.
Thuig siad ar fad go ndearna siad botún mór trí dhul amach sa cheo.
Bhí an t-ádh glan orthu.
Bhí ciall cheannaithe acu.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cá bhfuil an grúpa daoine i mbosca 1?
  • Cén sórt aimsire atá ann?
  • Bosca 4 – Cé air atá siad ag glaoch?
  • Céard atá le feiceáil san aer i mbosca 5?
  • Cad a deir na buachaillí i mbosca 6?