Sraith Pictiúr: Madra ar Strae

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 04). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Sraith Pictiúr: Madra ar Strae

Físeán

 

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoin bpeata/peataí atá agat. An dtaitníonn ainmhithe leat?

  • Ar chaill tú rud éigin luachmhar riamh.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Cuir imní in iúl, tabhair cur síos, abair gur iarr tú cabhair ar dhaoine, cur grá in iúl, cuir buíochas in iúl, gabh leithscéal.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.


 

Madra ar Strae

(Téacs an fhíseáin)

1) Tráthnóna Dé Luain seo caite bhí Seán suite ar an tolg ar a sháimhín só nuair a tháinig téacs óna chara Síle.
Baineadh geit as nuair a chonaic sé céard a bhí sa téacs.
Bhí gadhar Shíle imithe ar strae agus bhí cabhair á lorg aici.

2) Nuair a shroich Seán an teach bhí Síle ag gol go faíoch.
Dúirt Seán léi gan a bheith buartha agus d’iarr sé uirthi an scéal a inseacht.*
D’inis sí an scéal ar fad dó.
Bhí an madra fágtha sa gháirdín cúil aici ar maidin agus bhí sé imithe nuair a tháinig sí abhaile ón obair tráthnóna.
Smaoinigh Seán ar phlean.

3) Bhain siad leas as na meáin leis an scéal a chur os comhair an phobail.
Craoladh fógra ar an raidió áitiúil.
Chruthaigh said leathanach speisialta ar Facebook.
Sheol said téacsanna chuig chuile uimhir a bhí acu ina ngutháin.

4) Chuardaigh siad an baile ar fad.
Bhéic siad ainm an ghadhair in ard a gcinn is a ngutha.
Ní raibh tásc ná tuairisc air.
Bhí siad in ísle brí.
Go tobann bhuail guthán Shíle.

5) D’fhiafraigh an duine ar an taobh eile den líne an raibh madra caillte aici.
Thosaigh croí Shíle ag preabadh ina thintreach.
Dúirt an fear go raibh an gadhar aige.
Bhí áthas an domhain ar Shíle.
D’inis sí an dea-scéal do Sheán.

6) Bhuail said leis an bhfear in ionad siopadóireachta.
Dúirt sé gur lean an gadhar ansin é.
Ghabh siad buíochas ó chroí leis.
Bhí tuismitheoirí Shíle an-sásta go bhfuair sí an madra ar ais.
Síleann an t-athair go mba cheart di aire níos fearr a thabhairt don mhadra.

* ‘a inseacht’ a deirtear i nGaeilge Chonamara. Is ionann é agus ‘a insint’.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

Cén dáta a raibh an cheolchoirm ar siúl?
Céard a bhí siad a dhéanamh ag an gceolchoirm?
Céard a cheap siad den cheolchoirm?
Cén gaol atá idir Seán agus Síle?
An raibh siad ag ceolchoirm cheana, meas tú?

Fág freagra ar 'Sraith Pictiúr: Madra ar Strae'