Sraith nua Laochra Gael le dul píosa maith thar na línte bána

Is é iarnaoscaire Thiobraid Árann, Lar Corbett, a bheidh faoi chaibidil ar an gcéad chlár de shraith nua Laochra Gael ar TG4 anocht

Sraith nua Laochra Gael le dul píosa maith thar na línte bána

Tá sé i gceist sa tsraith nua de Laochra Gael cothrom na Féinne a thabhairt do scéalta pearsanta na n-aíonna, chomh maith leis na héachtaí a bhain siad amach ar pháirc na himeartha.

Agus tús á chur anocht ar TG4 leis an séú séasúr déag den tsraith CLG mór le rá, beidh leagan amach nua ar an gclár. Uair an chloig a mhairfidh na cláir an tEarrach seo, in áit 30 nóiméad mar a bhíodh, chun deis, a deirtear, a thabhairt dúinn léargas níos fearr a fháil ar na laochra.

Táthar ag súil go mbainfidh lucht léirithe na sraithe leas as an am breise sin agus iad ag díriú ar chúigear de na pearsana is suimiúla i saol CLG. Idir seo agus deireadh mhí an Mhárta, beidh cláir againn faoi Graham Geraghty na Mí, imreoir camógaíochta Chorcaí, Aisling Thompson, rí na hiomána, Henry Shefflin agus bainisteoir peile Thír Eoghain, Mickey Harte.

Is é iarnaoscaire Thiobraid Árann, Lar Corbett, a bheidh faoi chaibidil ar an gcéad chlár Laochra Gael anocht. Dar leis féin, ba gheall leis an ‘Tour de France’ na laethanta a chaith sé i ngeansaí an chontae agus é thuas seal, thíos seal.

Ar ndóigh, déanfar trácht ar bhuaicphointe a laethanta le Tiobraid Árann, sin é cluiche ceannais na hÉireann 2010 nuair a d’aimsigh sé trí chúl in aghaidh Chill Chainnigh, ach déanfar plé ar na laethanta crua a bhí aige chomh maith, cluiche leathcheannais na hÉireann 2012 san áireamh.

Bhí sonas agus donas i saol pearsanta Corbett chomh maith. Luaitear ar an gclár na deacrachtaí a bhí aige ar scoil nuair nár tugadh faoi deara go raibh disléicse air agus chuir an geilleagar isteach go mór air agus é ag oibriú mar leictreoir in 2008. Mar sin féin, tá sé anois sáite i ngnóthaí éagsúla eile agus tá teach tábhairne aige i lár a bhaile dúchais, Durlas.

Clár 1: Lar Corbett

Céadaoin 28 Feabhra (Athchraoladh: 2 Márta @11:25in)

Clár 2:  Graham Geraghty

Céadaoin 7 Márta ag  21.30 i.n  (Athchraoladh: 9 Márta @ 11:25in)

Clár 3:  Aisling Thompson

Céadaoin 14 Márta ag 21.30 i.n.  (Athchraoladh: 16 Márta @ 11:25in)

Clár 4:  Henry Shefflin

Céadaoin 21 Márta ag 21.30 i.n.  (Athchraoladh: 23 Feabhra @11:30in)

Clár 5:  Mickey Harte

Céadaoin 28 Márta ag  21.30 i.n (Athchraoladh: 30 Márta @ 11:25in)

Fág freagra ar 'Sraith nua Laochra Gael le dul píosa maith thar na línte bána'