Sraith díospóireachta Gaeilge le filleadh ar an BBC anocht

Cuirfear tús le sraith de ‘An Focal Scoir’ ar BBC Two NI anocht agus plé le déanamh ar an drochíde a d’fhulaing mná óga in ionaid máithreacha agus leanaí ó thuaidh agus ó dheas

Sraith díospóireachta Gaeilge le filleadh ar an BBC anocht

Beidh oidhreacht na nIonad Máithreacha agus Leanaí faoi chaibidil sa chéad chlár den tsraith díospóireachta Gaeilge, An Focal Scoir, ach a fhillfidh sí ar BBC Two NI anocht.

Cuirfear tús leis an tsraith ag 10pm agus déanfar plé sa chéad chlár ar an ndrochíde a d’fhulaing mná óga sna hionaid ó thuaidh agus ó dheas. Mar chuid de chlár na hoíche anocht, beidh agallamh le Marie Arbuckle, ar tógadh a leanbh uaithi gan cead nuair a bhí sí i gceann de na hinstitiúidí seo.

Máire Bhreathnach a chuirfidh An Focal Scoir i láthair gach seachtain agus beidh painéal iriseoirí agus tráchtairí ann, ina measc Póilín Ní Chiaráin, Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Eimear McGovern, Dónall Mac Ruairí, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Lisa Nic an Bhreithimh, agus Gearóid Ó Muilleoir.

Beidh an Téist Aistrithe, tionchairí na meán sóisialta agus pornagrafaíocht an díoltais i measc na n-ábhar eile a bheas faoi chaibidil le linn na sraithe. 

Ba é Below The Radar TV a léirigh an tsraith ceithre chlár do BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir na sraithe  gur ceisteanna tráthúla “ríthábhachtach dúinn uilig” a bheadh idir chamáin agus gheall sé gur “sraith mhealltach” a bheadh inti “a gcuirfeadh daoine as gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra spéis inti”.

Fág freagra ar 'Sraith díospóireachta Gaeilge le filleadh ar an BBC anocht'