Sraith cruinnithe á n-eagrú chun eolas a chur ar fáil do mhuintir Chois Fharraige faoi ionad nua

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go mbeadh forbairt ionaid oideachais agus óige i gceantar Chois Fharraige ‘ar leas na Gaeilge agus gheilleagar an cheantair trí chéile’

Sraith cruinnithe á n-eagrú chun eolas a chur ar fáil do mhuintir Chois Fharraige faoi ionad nua

Tá sraith cruinnithe beartaithe ag Údarás na Gaeltachta chun eolas a chur ar fáil do mhuintir Chois Fharraige faoina bhfuil ar siúl maidir leis an bplean Ionad Oideachais agus Óige a thógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go rabhthas chun bualadh le heagraíochtaí éagsúla sa cheantar le “tuiscint níos fearr a chothú i measc phobal na háite faoina bhfuil ar bun agus beartaithe ag an Údarás faoin togra go ginearálta”.

Thug an tAire Stáit le fios chomh maith go raibh sé curtha in iúl do Choláiste Lurgan go n-íocfadh an stát as “an trealamh sainiúil stáitse agus fuaime” a bheadh ag teastáil uathu san fhoirgneamh. Tá cáil mhór ar Choláiste Lurgan as na físeáin cheoil Ghaeilge ar ardchaighdeán a dhéanann siad i nGaeilge.

Agus ceist á freagairt aige ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Mairéad Farrell, dúirt an tAire Stáit gur cinneadh an trealamh a cheannach don choláiste chun go mbeadh sé níos éasca “na chéad chéimeanna eile maidir leis an togra a ghlacadh gan tuilleadh moille”. Tá easaontas le tamall idir na húdaráis agus Coláiste Lurgan faoi ghnéithe éagsúla den togra agus bhí Coláiste Lurgan ag iarraidh go gceapfaí eadránaí chun plé leis an scéal.

Dúirtan tAire Stáit go mbeadh forbairt an ionaid i gceantar Chois Fharraige “ar leas na Gaeilge agus gheilleagar an cheantair trí chéile”. Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra. Dúirt an tAire Stáit, áfach, go bhfuil forbairt an fhoirgnimh ar cheann de “thosaíochtaí straitéiseacha” a Roinne agus Údarás na Gaeltachta.

“Séard atá beartaithe a dhéanamh ná áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach a thógáil in áit an foirgneamh ina bhfuil Coláiste Lurgan Teo., ag feidhmiú faoi láthair, atá in úinéireacht an Údaráis.

“Déanfar seo sa chaoi is go mbeadh an foirgneamh nua in ann freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais an choláiste samhraidh é féin chomh maith le bheith ar fáil lasmuigh den samhradh mar áis oideachais, óige agus phobail, ar leas foriomlán an phobail.”

Dúirt an tAire Stáit go gcaithfeadh an stát talamh a cheannach ó Choláiste Lurgan ar an dá thaobh den fhoirgneamh chun tús a chur leis an bhforbairt.

“Tá plé ar bun, dá réir, le Coláiste Lurgan Teo. le tamall, faoi seo uile.

Ós rud é go mbeadh infheistíocht shuntasach airgead poiblí i gceist, is gá a chinntiú go ndéantar gach rud faoi réir na rialachán agus na dtreoirlínte ábhartha a bhaineann le caiteachas poiblí.

“Aithnítear dá réir, go mbeadh gá le comhaontú ceangaltach a bheith comhaontaithe ann idir Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan Teo., a chuimseoidh gach gné den scéal.”

 

Fág freagra ar 'Sraith cruinnithe á n-eagrú chun eolas a chur ar fáil do mhuintir Chois Fharraige faoi ionad nua'