Sraith a mheabhraíonn dúinn suaithinseacht Bhoirne mar aon le réchúis shaol na tuaithe

Saghas scannánaíocht ar an láthair ar feadh bliana atá i gceist le An Bhoirinn ar TG4 agus an tsraith ceithre chlár roinnte de réir na séasúr

Sraith a mheabhraíonn dúinn suaithinseacht Bhoirne mar aon le réchúis shaol na tuaithe

Ceantar suaithinseach faoi leith é ceantar Bhoirne. Tírdhreach dhraíochtúil mar aon le flóra agus fána eisceachtúil. Ní hé an nádúr atá i lár an aonaigh sa tsraith An Bhoirinn (TG4, Dé Céadaoin), ach na daoine, ó chian is ó chóngar, atá buailte fúthu sa cheantar. Amhail sraitheanna Bliain ar Oileán Acla ’sé an cur chuige a ghlacann an saothar seo chuige féin ná saghas scannánaíocht ar an láthair ar feadh bliana agus an tsraith ceithre chlár roinnte de réir na séasúr.

An t-earrach teideal an chéad chláir mar sin agus buailimid le daoine éagsúla, is iad ag cur síos ar a saol agus a nasc leis an áit is an talamh. Gaeilge a labhraíonn tuairim is a leath acu linn agus cuirtear abhaile orainn arís is arís eile gur saol níos réchúisí atá i ndán duit anseo (agus i gceantair thuaithe eile is dócha) agus gach duine ag treabhadh leo ar a mbogstróc.

Is fada seo ó ghriothal agus tarraingt shaol na cathrach is an bhaile mhóir.

Is cinnte go mbainfidh radharcanna Bhoirne agus an cheantair mháguaird d’anáil díot agus an tráchtaire Diarmaid de Faoite, ón Inis ó dhúchas, ag cur cogar inár gcluas go binn.

Uaireanta is geall le fógraíocht do chontae an Chláir atá againn agus ní haon iontas go bhfuil an tsraith urraithe ag Comhairle Contae an Chláir. Deirtear linn nach mbíonn an talamh torthúil seo riamh as bláth agus go bhfuil flóra de chuid na nAlp, an Artaigh agus na Meánmhara le fáil ann. Déantar trácht ar bhláthanna cosúil leis an gconrós, an magairlín, lus an chrúbáin agus an crobh éin atá ag fás i gcreaga agus i scoilteanna na haolchloiche.

Déantar tagairtí do stair Bhoirne agus an lorg a d’fhág an duine uirthi leis na mílte bliain. Labhraítear faoin tseoid seandálaíochta Poll na mBrón, cromleac a tógadh 3600 RCh agus áit a meastar a bhfuil tuairim is beirt is fiche curtha. Theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoi stair Bhoirne agus cé nach aon luibheolaí mé, ná an oiread sin spéise agam sa chúram, theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoin nádúr chomh maith.

Faoi mar a dúrt thuas, áfach, is ar na daoine daonna atá ag maireachtaint san áit atá an tsraith dírithe agus buailimid le meascán mearaí de dhaoine ó Chinn Mhara go dtí an Leacht. Feirmeoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí, iriseoirí agus lucht déanta cáise.

Ag siúl Bhoirne a bhí Pádraig Ó Máirtín, ó Chontae na hIarmhí ó dhúchas, agus a theaghlach. Lorg na haimsire is na mblianta ar na carraigeacha ag meabhrú do Phádraig gur fánach an t-achar ama a chaitheann an duine ar an saol seo. Tugann seo dearcadh saoil faoi leith duit.

Tá an dearcadh céanna le sonrú i gcaint mhórán de na haíonna – an t-iriseoir Michael McCaughan a mhothaíonn nasc leis an áit/talamh agus muintir Nagle atá ag saothrú na talún leis na glúnta. Táim ag súil lena thuilleadh a fheiscint den iascaire Rainer Krause, Gearmánach ó dhúchas a bhuail fé i gCinn Mhara 50 bliain ó shin agus a thug a bhád leis anall óna thír dhúchais.

Is mó de bhlas an Chláir atá le sonrú ina chuid cainte ná blas na Gearmáine.

Sraith mhachnamhach a mheabhraíonn suaithinseacht Bhoirne dúinn mar aon le réchúis shaol na tuaithe.

Fág freagra ar 'Sraith a mheabhraíonn dúinn suaithinseacht Bhoirne mar aon le réchúis shaol na tuaithe'