‘Speak English or go home foreigners.’
Tuairiscítear go bhfuil ardú tagtha ar líon na n-eachtraí ciníocha sa Bhreatain i ndiaidh vóta Brexit, ach ní i Manchain nó i Londain a dúradh an méid thuas, ach le foireann peile a bhí ag labhairt as Gaeilge ar pháirc na himeartha i mBaile Átha Cliath.
Bhí idir olc agus iontas ar dhaoine nuair a rinne duine d’imreoirí Na Gaeil Óga, cumann CLG lán-Ghaeilge na hardchathrach, cur síos ar na meáin shóisialta ar chaint mhaslach a chualathas ón slua le linn cluiche peile aréir.
Ba í Maria Brosnan, a bhí ag imirt do na Gaeil Óga ar Pháirc Frank Uí Cheallaigh i mBaile Baodáin aréir, a mhaígh ar Twitter gur bhéic duine sa slua, ‘Speak English or go home foreigners’.
Played GAA w @NaGaeilOga this evening. A supporter from the other team shouted “Speak English or go home foreigners”. Bhuamar! #TirGanTeanga
— Maria Brosnan (@brosie8) June 29, 2016
Tharraing an scéal aird phobal na Gaeilge ar líne agus bhí súil ag duine acu gur iarracht ar an íoróin a bhí ar bun ag an té a thug an masla d’imreoirí Na Gaeil Óga. Ní hamhlaidh a bhí, a dúradh.
@aoheimhin Is dócha!! Cheapas an rud céanna, ach dúirt mo chara go raibh sé dáiríre! #Yera — Maria Brosnan (@brosie8) June 29, 2016
Donncha Ó hÉallaithe
Tá sean-chleachtadh le fada ag fóirne as Chonamara a bheith maslaithe mar go labhrann siad Gaeilge ar an bpáirc le chéile. Tá súil agam go neartóidh na maslaí Na Gaeil Óga chun níos mó cluichí a bhuachaint ar luacht a maslaithe.
padraig
ni raibh fhios ag an abhloir cen teanga a bhi a labhairt ach amhain nar Bhearla i ….! impiriulachas cultuir an aonteangaigh, nach in e agat anois e
Fearn
Fágaigí sochar an amhrais ag “iománaí” seo sa gclaí: Is den imirt go scoiltear focal seachas cloigne.
Tá an cluiche thart, lig an sonc thart fosta.
padraig
‘impiriulachas chultúr an aonteangaigh’ mar a deirim…. beag an baol go scoiltfeadh an pleota sin cloigne na mbéithe úd gan a bhurdáil féin a fháil….
padraig
Coinnigh leis a Ghaeil Óga agus beidh an lá libh in aoinne lucht droch-mhianaigh is gangaide.
Annmarie
Sílim nach raibh fhios ag an duine drochbéasach sin cén teanga a bhí á labhairt, Áfach, agus gur cheap sé/sí gur daoine as tír eile a bhí ann ach is cuma, is rud úafásach é a rá agus cúis náire! Tá súil agam gur duine amháin amaideach a bhí ann! Maith sibh Na Gaeil Óga! Rud iontach, dearfach ar siúl agaibh!