Speach sna seanfhondúirí, laochra rugbaí ag filleadh ar an bpeil agus deis eile caillte ag Leicester

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is mó a bhí ann le linn deireadh seachtaine mór spórt

Speach sna seanfhondúirí, laochra rugbaí ag filleadh ar an bpeil agus deis eile caillte ag Leicester

Phil Mickelson. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá speach sna seanfhondúirí go fóill

Chuir Phil Mickelson a ainm sa Táin nuair a thug sé leis Craobh an PGA ar chúrsa Kiawah Island. Tá Mickelson, atá 50 bliain d’aois (agus a chéad bhreithlá eile aige lár na míosa seo chugainn) ar an bhfear is sine riamh a bhuaigh ceann de mhórchomórtais an ghailf.

De ghnáth, meastar go mbíonn deireadh déanta ag galfaire ag an leibhéal is airde nuair a bhíonn sé ag druidim ar an 40, gan trácht ar 50 bliain d’aois. Den 226 fear a bhuaigh mórchomórtas gailf go dtí seo, ní raibh ach 28 acusan níos sine ná an dá scór nuair a rinne siad an beart.

Tá sraith comórtas eile ann, an Champions Tour, atá oscailte d’imreoirí atá 50 nó os a chionn mar go gceaptar nach bhfuil imreoirí ag an aois sin in ann dul san iomaíocht le daoine níos óige.

Tá Mickelson ar dhuine de na galfairí is fearr riamh ach is beag duine a cheap go mbeadh sé in ann ceann eile de na mórchomórtais a thabhairt leis. Tá ocht mbliana ann ó bhuaigh sé ceann agus níor chríochnaigh sé sa chéad 20 áit ach in aon cheann amháin ó thús 2017.

Is cinnte nár ceapadh go bhfeilfeadh Kiawah Island, ceann de na cúrsaí is faide atá ann, don seanfhondúir. Tá imreoirí na linne seo ag bualadh na liathróide níos faide ná bhí riamh ach, ní raibh Mickelson nach raibh sé sásta géilleadh don aos óg.

Bhí an comórtas fós idir dhá cheann na meá inné nuair a sheas Mickelson agus an t-iomaitheoir Brooks Koepka ar an séú poll déag. Duine de na himreoirí is láidre dá bhfuil ann é Koepka, atá 20 bliain níos óige ná Mickelson, agus lasc sé buille iontach 361 slat síos lár na bánóige. Suas le Mickelson agus bhuail sé an liathróid cúig slata níos faide ná Koepka, an buille is faide a bhuail imreoir ar bith an tseachtain ar fad. B’in sin.

Ní hé Mickelson an t-aon seanfhondúir a léirigh go raibh speach ann go fóill, áfach. Tá cúig bliana ann ó d’éirigh le Pádraig Harrington imirt an deireadh seachtaine a bhaint amach ag ceann de mhórchomórtais an ghailf ach chríochnaigh fear Átha Cliath sa cheathrú háit i gCraobh an PGA inné, iarracht den scoth agus é féin i bhfoisceacht ráithe den leathchéad.

 

Grainne Egan. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Gaisce ar leith déanta ag Gráinne

Deireadh seachtaine iontach a bhí ann do lucht spóirt Uíbh Fhailí. Ní hamháin gur chríochnaigh Shane Lowry sa cheathrú háit ag Craobh an PGA thall sna Stáit Aontaithe, ach bhuaigh gach ceann d’fhoirne an chontae sna sraitheanna náisiúnta freisin, idir pheil, iomáint agus chamógaíocht.

Tá deis iontach ag peileadóirí Uíbh Fhailí Roinn 2 a bhaint amach agus iad nach mór cinnte d’áit i mbabhtaí leathcheannais Roinn 3 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Luimneach ag an deireadh seachtaine.

Tá cuma na maitheasa freisin ar iománaithe an chontae agus gach ceann de na trí chluiche atá imeartha acu go dtí seo i Roinn 2A buaite acu. Aon phointe dhéag d’fharasbarr a bhí acu ar Cheatharlach inné.

Ba í Gráinne Egan gaiscíoch Uíbh Fhailí ag an deireadh seachtaine, áfach, agus baint mhór aici le buanna an chontae i bpeil na mban agus sa chamógaíocht.

Scóráil Egan 3-5 d’fhoireann camógaíochta Uíbh Fhailí sa chluiche tábhachtach a bhuaigh siad in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn, 4-7 in aghaidh 1-14. Ní raibh seans ag Egan ceiliúradh a dhéanamh, áfach, agus í ar fhoireann peile an chontae a thug aghaidh ar Cheatharlach inné. Scóráil Egan 1-8 sa chluiche sin, a d’fhág gur aimsigh sí 4-13 idir an dá chluiche.

Laochra rugbaí fillte ar pháirc na peile

Tá mná Átha Cliath ag iarraidh Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan den chúigiú huair as a chéile i mbliana agus thug siad taispeántas cumasach an deireadh seachtaine seo ina gcéad chluiche i mbliana. Bhí farasbarr cúig phointe dhéag acu ar Phort Láirge sa chéad bhabhta den tsraith agus deis tugtha ag roinnt imreoirí dul i gcion ar an lucht bainistíochta.

Duine acusan ná Hannah Tyrell, bean a bhí ag imirt d’fhoireann na príomhchathrach den chéad uair le seacht mbliana anuas. Bhí Tyrell ar tí áit a fgáil ar fhoireann Átha Cliath in 2014 agus í ag imirt mar chúl báire ach d’imigh sí ón bpeil an bhliain sin nuair a bhronn an IRFU conradh lánaimseartha uirthi chun dul leis an rugbaí.

Cé gur d’fhoireann seachtar an taobh na hÉireann a d’imir Tyrell den chuid is mó ó shin, bhuaigh sí Craobh na Sé Náisiún in 2015 agus d’imir sí i gCorn an Domhain 2017 leis an bhfoireann 15 an taobh. An mhí seo caite, scóráil sí 15 pointe d’Éirinn in aghaidh na Breataine Bige i gCraobh na Sé Náisiún.

Is ar ais i ngeansaí Átha Cliath a bhí sí ag an deireadh seachtaine, áfach, agus níorbh fhada gur léirigh sí a cumas. Agus í ag imirt i lár na páirce, scóráil sí 1-5 sa chluiche i gcoinne na nDéiseach.

Níor thosaigh Lauren Magee ná Jennifer Dunne, an bheirt a d’imir i lár na páirce nuair a bhuaigh Áth Cliath Craobh na hÉireann anuraidh, agus beidh obair le déanamh ag Tyrell chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann don chraobh ach is cinnte go bhfuil sí ag dul sa treo ceart.

Bean eile í Louise Galvin atá tar éis filleadh ón rugbaí ar an bpáirc pheile. Thosaigh bean Fhionnúig do Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2012 ach d’imir sí breis is 100 cluiche d’fhoireann seachtar an taobh na hÉireann ó shin. Bhí sí ar ais ag imirt d’fhoireann na Ríochta ag an deireadh seachtaine mar a bhfuair siad an ceann is fearr ar chontae na Mí.

 

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Deis eile caillte ag Leicester agus Rodgers

Séasúr corraitheach a bhí ann i bPríomhroinn Shasana i mbliana ach tar éis an anonn is anall ar fad, na foirne céanna atá ag barr na sraithe. Is iad Manchester City, Manchester United, Chelsea agus Liverpool na foirne is saibhre i Sasana agus cuirfidh siad leis an saibhreas sin an séasúr seo chugainn agus áit bainte amach acu i Sraith na gCuradh arís.

Leicester City arís eile is fearr a thug dúshlán an cheithre mhórfhoireann sin, ach chlis orthu arís. Don dara séasúr as a chéile theipe ar fhoireann Brendan Rodgers nuair nach raibh le déanamh ach ach cluiche amháin sa bhaile a bhuachan chun áit a bhaint amach i bpríomhchomórtas na hEorpa.

Sólás do lucht leanúna Leicester é gur bhuaigh siad Corn an FA an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair riamh acu an comórtas sin a bhuachan. Ach más fúthu an bhearna idir iad féin agus na foirne is fearr a shárú, ba thábhachtaí an ceathrú háit sa tsraith a bhaint amach.

Idir an séasúr seo agus ceann 2019/20, bhí Leicester sa chéad cheithre háit sa tsraith i 69 den 76 babhta, níos mó ná aon fhoireann eile. Níor chaith Man City agus Liverpool, an dá fhoireann a bhuaigh an tsraith san achar sin ach 60 agus 61 seachtain faoi seach sa chéad cheithre háit. Ní raibh Mancheter United, a bhain áit amach i Sraith na gCuradh an dá bhliain, sa chéad cheithre háit ach 31 seachtain thar an dá shéasúr.

Nuair a bhí deireadh déanta, Leicester a chaill a seans. Arís.

Fág freagra ar 'Speach sna seanfhondúirí, laochra rugbaí ag filleadh ar an bpeil agus deis eile caillte ag Leicester'