Spás gann do bheo agus do mhairbh i gConamara

Ionann agus dodhéanta atá sé talamh reilige a fháil i gConamara anois. Géarchéim, a deir Comhairleoirí

Spás gann do bheo agus do mhairbh i gConamara

Idir bheo agus mhairbh, ní bheidh áit ná spás ag duine ar bith i gConamara amach anseo, a dúradh i ndiaidh cruinniú a bhí agComhairleoirí Contae Chonamara an tseachtain seo. Cinnte, bhí roinnt áibhéile ag baint leis an gcaint sin ach bhí lorg na firinne uirthi freisin.

Tá an fhianaise ann.

Is fada trácht ar na deacrachtaí a bhaineann leis an gcóras pleanála i gConamara. Tagann samplaí nua chun cinn as éadan. Mar shampla, tá a fhios go bhfuil triúr ban óg sa mbád céanna i gceantar Chloch na Rón faoi láthair agus iad sáraithe ina gcuid iarrachtaí le tithe a thógáil. In Inis Ní atá dhá chás acu seo, ceantar láidir Gaeltachta tráth den saol, cé go bhfuil meath ar an teanga ansin anois.

Ach gan daoine áitiúla a bheith ina gcónaí ansin ní bheidh teach, ná cónaí, ná teanga ann.

Ar an taobh eile den scéal, abróidh na pleanálaithe go bhfuil cosaint le déanamh ar an taobh tíre agus gur seod í an timpeallacht atá in Inis Ní, i gCloch na Rón agus i gConamara atá le cosaint agus le caomhnú. Tá brandaí Eorpacha ar nós Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta [SAC] curtha ar fud na háite leis an timpeallacht a choinneáil slán, mar a fheictear é do na pleanálaithe.

Ansin atá an buille.

Tháinig ceist na timpeallachta chun cinn ag cruinniú a bhí ag Comhairleoirí Contae cheantar Chonamara agus Árann an tseachtain seo; ach ní cead pleanála do dhaoine óga bhí i gceist an iarraidh seo. Chuaigh rothaí móra an tsaoil timpeall i gcaitheamh an bhealaigh.

Fiche bliain ag fás;

Fiche bliain faoi bhláth,

Fiche bliain ag meath,

Agus fiche bliain ag dul chun cille.

Ach cá mbeidh an chill i gConamara?

Stiúrthóir de chuid na Comhairle Contae, Michael Melody, a thug tuairisc do na Comhairleoirí faoi cheist na gceall.

Ionann agus dodhéanta atá sé talamh reilige a fháil i gConamara anois, a deir seisean. Bhí an Comhairleoir Contae, Padraig Mac an Iomaire, Adhlacóir as Conamara, in ann cur leis sin.

“Seachtain uilig a chaith mé ag dul anonn agus anall i gCois Fharraige le súil agus go mbeadh suim ag an gComhairle Contae i suíomh éigin ansin le haghaidh reilige. Ach ní raibh ann ach an freagra céanna i gcónaí, ‘Not suitable’.”

Dúirt an Comhairleoir Breathnach go bhfuil daoine as Cois Fharraige atá ar shlí na firinne á dtabhairt go reilig Mhaírois ar an mBánrainn anois agus gur gearr le dhul é an spás a bheidh fanta ansin faoi cheann beagán blianta.

Ní bheadh aon ghlacadh aige – ná ag an bpobal le reilig “lárnach”, a deir an Comhairleoir Breathnach. Pé ar bith áit a mbeadh reilig lárnach bheadh sé an-fhada ó chuid mhór teaghlach agus gaolta i gConamara, ar seisean.

Ach, ina dhiaidh sin uilig, dúirt Michael Melody gurb é an “regional option” an ceann ab fhearr le fadhb reiligí Chonamara a leigheas.
Ag labhairt dó ina dhiaidh sin, dúirt an Comhairleoir Gerry King as Iorras Fhlannáin i mBaile Conaola go bhféadfadh sé gur in áit éigin taobh thoir de Ghaillimh a bheadh ar intinn ag feidhmeannaigh na Comhairle Contae nuair a labhraíonn siad ar “reilig lárnach”.

Dúirt an Comhairleoir King go mba é an traidisiún riamh é go leagfaí síos daoine i gcré na cille ina n-áit dúchas féin théis a mbáis. “Breathnaigh ar an lear daoine as Conamara a fhaigheann bás i dtíortha eile agus a shocraíonn roimh ré go dtabharfar abhaile iad chuig reilig a bpobal féin le leagan síos ann,” a deir King.

As rialacha timpeallachta níos déine atá cruachás na reiligeacha tarlaithe i gConamara. Leagann na húdaráis sláinte treoracha níos láidre síos anois ó thaobh nádúr na talún atá ag teastáil. Táthar ag iarraidh freisin go mbainfí an oiread leasa agus is féidir as an spás – sin roinnt cónraí a leagan síos os cionn a chéile. Teastaíonn domhain agus níl an domhain ann. Lena chois sin uilig, tá stádas caomhnaithe is comhshaoil ar nós SAC, ag go leor áiteanna ar fud Chonamara. Tá rialacha an stádais sin ina ndris chosáin roimh thithe dóibh siúd atá fiche bliain faoi bhláth – atá ag iarraidh tithe a thógáil – agus rompu siúd atá ag iarraidh a dhul chun cille ina gceantar féin, scaití.

Níl romhat i gConamara ach talamh tanaí, a deir an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin. “Níl de leigheas air an gceist seo ach an talamh a líonadh isteach,” a deir an Curraoineach. “Rinneadh an cineál sin oibre sna Forbacha agus is féidir ceithre chónra a chur síos os cionn a chéile in aon uaigh amháin. Coiste áitiúil atá i bhfeighil na reilige sin. Cén fáth nach bhfuil an Chomhairle Contae sásta ábhar a thabhairt isteach agus reiligeacha a choinneáil go háitiúil?”

Is fíor go bhfuil ceist airgid ann mar go bhfuil na pócaí folamh acu i gComhairle Chontae na Gaillimhe. Is iad an t-údarás Rialtais Áitiúil is lú sa tír iad a fhaigheann tacaíocht ón lárchiste Stáit.

Ach, tá treoracha Eorpacha agus náisiúnta ann a fhágann go bhfuil béim na timpeallachta ar Chonamara – agus tá craobhacha ar na treoracha sin a fhágann scáil ar an dídean do bheo agus do mhairbh.

Fág freagra ar 'Spás gann do bheo agus do mhairbh i gConamara'

  • An Teanga Bheo

    Níl morán spás in ndán don duine is iomái brón sa saol seo.

  • JP

    Tuar cait agus meigeall air! Cuir taiséadach thart orm agus caith i bhfarraige mé. Tá domhain amach ón gcósta ansin, nach bhfuil? Agus ní gá cead pleanála ná pingin rua a chaitheamh. Bainfidh iasc nó gliomach nó portán leas éigin asam. Maraon leis an scamhardach a mbeidh ‘bia na mara’ (‘na marbh’?) ar an bpláta aige sa phroinnteach cáiliúil sin in Inis Meáin, ina dhiaidh sin, b’fhéidir! Sin í an tsíoraíocht ansin agat, maireachtáil faoi chló eile!