‘Sona sásta’? Nó ‘fonn troda’ ort? Easaontas mór faoi bhrí na straoiseog

Léirítear i dtaighde nua áfach go bhfuil baol sách mór ann go mbainfear an bhrí mhícheart as straoiseoga i gcomhráite digiteacha

Smartphone mobile

Úsáidtear straoiseoga go forleathan i gcumarsáid na linne seo, ar théacsanna traidisiúnta ar fhóin, ar theachtaireachtaí ar sheirbhísí eile ar nós Whatsapp, Viber agus Facebook Messenger, agus ar na meáin shóisialta. Táthar ann a deir go gcealaítear leo bacainní áirithe idir theangacha agus go soiléirítear leo, go deimhin, brí abairtí agus nathanna i gcomhráite aonteangacha trí thuin agus ton a chur in iúl.

Léirítear i dtaighde nua áfach go bhfuil baol sách mór ann go mbainfear an bhrí mhícheart as straoiseoga i gcomhráite digiteacha. Rinneadh suirbhé ar líne inar iarradh ar rannpháirtithe a rá cé acu dearfach, neodrach nó diúltach a bhí na straoiseoga is mó úsáid, agus cén bhrí a bhí leis na straoiseoga sin. 

Fuarthas go raibh ráta easaontais 25% ann nuair a bhreathnaigh na rannpháirtithe ar an léiriú céanna de straoiseog. Bíonn léirithe éagsúla ar na hardáin dhifriúla. Ní mar a chéile a thaispeántar an ? ar ghléasanna Android agus iOS, mar shampla, agus bíonn a gcuid straoiseog féin ag Whatsapp, Facebook agus Twitter. Nuair a taispeánadh na leaganacha difriúla seo, tháinig méadú ar an easaontas faoi bhrí na straoiseoige. Luaitear 17 n-ardán éagsúla ar an suíomh Emojipedia.

D’úsáid lucht an taighde, GroupLens Research in Ollscoil Minnesota, na léirithe ó Apple, Google, Microsoft, Samsung agus LG don staidéar. Fuarthas nár aontaíodh ach faoi 4.5% de na straoiseoga uilig. Mar shampla, nuair a fiafraíodh faoin straoiseog seo (U+1F601 ar bhunachar Unicode), chuir na rannpháirtithe síos ar léiriú Google mar “sona sásta” ach ba é “réidh chun troda” an léamh a bhí acu ar léiriú Apple.

Níor úsáideadh ach na straoiseoga ina léirítear aghaidheanna nó daoine (straoiseoga antrapamorfacha) mar is iad is coitianta (59%) agus mheas na taighdeoirí gur airde i bhfad an ráta míthuisceana a bhainfeadh le straoiseoga ina léirítear ‘rudaí’ – balúin, bláthanna nó eitleáin, mar shampla. Roghnaíodh an 25 straoiseog antrapamorfacha is coitianta don staidéar.

Ghlac 334 duine páirt sa suirbhé agus thug siad sin thart ar 15 léamh an duine faoi na straoiseoga. D’fhág sé sin go raibh 5,000 léamh difriúil ann faoi na straoiseoga uilig agus tuairim is 40 léamh difriúil ar gach straoiseog.

Ba é léiriú Microsoft ar an straoiseog seo ?a chothaigh an méid ba mhó easaontas – dúirt 44% gur straoiseog ‘dhiúltach’ a bhí ann agus 54% gur straoiseog ‘dhearfach’ a bhí ann. Ar an lámh eile, ba bheag an mearbhall a bhí ar lucht freagartha an tsuirbhé faoin gceann seo ? – d’aontaigh 79% gur straoiseog “neodrach” a bhí ann agus níor thug ach duine amháin níos mó ná pointe amháin (as cúig) i dtreo ‘dearfach’ nó ‘diúltach’.

Bhain an dara cuid den suirbhé le brí na straoiseog agus iarradh ar na rannpháirtithe cur síos beag a scríobh ar na straoiseoga a cuireadh os a gcomhair. Ba é léiriú Apple ar ? an straoiseog ba mhó aontas – luaigh gach uile fhreagra a fuarthas ar an gceann seo ‘an grá’. Ach ba é léiriú Apple ar ? a chothaigh an méid ba mhó easaontas – luadh ‘díomá’, ‘gruaim’, ‘gan a bheith tógtha le rud’ agus ‘amhrasach’ i measc rudaí eile leis an gceann sin.

Fág freagra ar '‘Sona sásta’? Nó ‘fonn troda’ ort? Easaontas mór faoi bhrí na straoiseog'