‘Soiléiriú iomlán’ faoi sheirbhísí bia agus dí faoi dhíon amárach – Varadkar

Dáileadh níos mó vacsaíní an tseachtain seo caite ná aon seachtain eile - 350,000 dáileog

‘Soiléiriú iomlán’ faoi sheirbhísí bia agus dí faoi dhíon amárach – Varadkar

Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur beag seans go rachadh an Rialtas i gcoinne chomhairle NPHET maidir le seirbhís faoi dhíon a cheadú  mbialanna agus i dtithe ósta ón tseachtain seo chugainn.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar “nach raibh sé dosheachanta” go gcuirfí moill ar an gcead a bhí le tabhairt do bhialanna agus do thithe ósta seirbhís faoi dhíon a chur ar fáil ón 5 Iúil.

Meastar go bhféadfadh an Rialtas maolú na srianta a chur siar coicís nó trí seachtaine.

Gheall an Tánaiste go dtabharfaí soiléiriú iomlán faoin scéal do thionscal an fháilteachais tar éis chruinniú Rialtais an lae amárach.

Dáileadh níos mó vacsaíní an tseachtain seo caite ná aon seachtain eile. 350,000 dáileog a cuireadh ar fáil an tseachtain seo de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt Varadkar gur thuig sé an fáth go mbeadh daoine ag moladh fanacht cúpla seachtain eile sula n-osclófaí ar fad na seirbhísí ionas go mbeadh deis ann na vacsaíní iomlána a thabhairt do bhreis daoine, ach dúirt sé nár ghá go laghdódh líon na gcásanna go mór dá bharr.

Thagair sé don mhéid a bhí le rá ag an Ollamh Cathal Walsh, ball den Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), ar RTÉ nach laghdódh líon na gcásanna ach 10% de bharr moill ghairid dá leithéid.

Dúirt Walsh gur léirigh na samhaltuithe a bhí déanta go bhféadfadh 1,000 cás a bheith againn faoi dheireadh mhí Iúil agus dá gcuirfí moill coicíse ar na seirbhísí bia agus dí faoi dhíon gur 900 cás a bheadh againn.

Amárach a dhéanfar cinneadh faoi scaoileadh na srianta, agus an cosc ar sheirbhís bia taobh istigh, tráth a bhfuil imní ar dhaoine faoi scaipeadh an chineáil Delta den choróinvíreas.

D’fhéadfadh na hAirí moill coicíse a chur ar an tseirbhís lónadóireachta laistigh rud a d’fhágfadh gur ón 19 Iúil a bheadh cead ithe agus ól faoi dhíon ag daoine, an lá céanna a mbeidh cead taisteal san aer fud fad an Aontais Eorpaigh.

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí anocht chun comhairle a réiteach don Rialtas faoin mbaol níos mó atá ann go dtolgfadh duine an cineál Delta den víreas. Beidh cruinniú ag fochoiste Covid-19 an Rialtais roimh an gcruinniú Rialtais amárach.

Tuairiscíodh nach raibh aon ghlacadh ag an Rialtas leis an gcomhréiteach eile ar an scéal, go mbeadh cead ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu dul ag ithe agus ag ól laistigh.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú iomlán’ faoi sheirbhísí bia agus dí faoi dhíon amárach – Varadkar'