SOCHRAID ASHLING MURPHY: ‘Bean a d’fhág a lorg ar an saol, a scaip an sonas agus ar tugadh grá di’

Tugadh ómós ar maidin d’Ashling Murphy ag Aifreann a sochraide in Uíbh Fháilí

SOCHRAID ASHLING MURPHY: ‘Bean a d’fhág a lorg ar an saol, a scaip an sonas agus ar tugadh grá di’

I séipéal Naomh Brigid i gCnocán Bhólais lasmuigh de Thulach Mhór, Uíbh Fhailí ar maidin a dúradh Aifreann sochraide Ashling Murphy.

Rinne daltaí as Scoil Náisiúnta Dharú garda onóra dá múinteoir a maraíodh agus í amuigh ag rith taobh na Canála Móire sa Tulach Mhór in Uíbh Fháilí an tseachtain seo caite.

Bhí rós agus pictiúr dá múinteoir ag daltaí uile Rang a hAon, a d’ardaigh siad mar chomhartha ómóis.

‘Eitil in ard na spéire, ár réalt eolais’ a bhí scríofa ar na pictiúir.

Bhí slua mór cairde agus gaolta i láthair chun Ashling a chaoineadh lena tuismitheoirí Raymond agus Kathleen, a deirfiúr Amy, a deartháir Cathal agus a buachaill Ryan.

Dúirt an sagart paróiste, an tAthair Michael Meade, le muintir Ashling gur sciobadh uathu “an tseoid ba luachmhaire a bhí acu” agus gur “áthas agus grá, spórt agus gáire” amháin a thug a n-iníon dóibh féin agus do na daoine eile go léir a raibh aithne aici orthu.

“Níor fágadh ar an tseilf an grá agus an t-áthas céanna ná níor chuir sí folach orthuroinn sí go flúirseach iad trína cuid ceoil, tríd an spórt agus ina gairm mar mhúinteoir.”

Tugadh chuig an altóir mar shiombailí de shaol Ashling Murphy fidil, geansaí camógaíochta Chill Chormaic/Cill Achaidh, grianghraf teaghlaigh, leabhar scoile agus pictiúr di féin.

I láthair chomh maith bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín, an Taoiseach Micheál Martin, An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus Norma Foley, an tAire Oideachais.

Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

Dúirt Easpag na Mí, Tom Deenihan gur “gníomh brúidiúil foréigin” a bhí i marú Ashling Murphy, gníomh a chuir deireadh le saol mná a bhí cineálta agus cumasach agus a raibh ardmheas uirthi agus grá mór ag daoine di. Ó maraíodh í bhí muintir na tíre go léir faoi scamall bróin agus ag tacú lena chéile.

Bhí ceisteanna le cur faoin tsochaí i bhfianaise a báis chomh maith, a dúirt an tEaspag Tom Deenihan.

“Tá ceisteanna le cur faoinár ndearcadh saoil agus go háirithe faoinár ndearcadh i leith mná agus tá ceisteanna le cur faoinár luachanna agus ár moráltacht,” a dúirt an tEaspag.

“Beidh le feiceáil an rachfar i ngleic leis na ceisteanna sin nó an ndéanfar faillí iontu. Ach ní féidir linn ligint d’fhoréigean mar seo nó don easpa measa ar an mbeatha agus ar shláine chorp an duine a bhfréamhacha a chur san aois ina bhfuilimid ná sa chultúr atá againn. Níl ach coicís ann ó dúirt an Pápa Proinsias ina sheanmóir Lá Caille,  gur masla do Dhia an foréigean in aghaidh na mban.

“Ba gheall le tromluí é le roinnt laethanta anuas. Ba chóir gur rud suáilceach a bheadh i siúlóid tráthnóna séimh gréine mí Eanáir, rud a thugann éachtaint dúinn ar na laethanta níos gile agus níos teo atá le teacht san earrach agus sa samhradh. Ní mar sin a bhí, mar is eol dúinn.

“Tuigimid go léir nár cheart d’aon duine bás a fháil mar a fuair Ashling bás agus nár cheart d’aon chlann fulaingt mar atá clann Ashling ag fulaingt. Focal seanfhaiseanta is ea an focal ‘meas’, ach focal tábhachtach é. Bhí an meas ar iarraidh Dé Céadaoin seo caite ach tá sé ar ais arís anseo níos láidre. Bíodh meas againn ar a chéile.

“Tá bean á cur againn a bhain lántaitneamh agus lántairbhe as a saol gearr, a rinne a cuid buanna a fhorbairt, ar éirigh léi ceangal le daoine eile, a d’fhág a lorg ar an saol, a scaip an sonas le daoine agus ar tugadh grá di.”

Fág freagra ar 'SOCHRAID ASHLING MURPHY: ‘Bean a d’fhág a lorg ar an saol, a scaip an sonas agus ar tugadh grá di’'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a h-Anam uasal.

  • An Teanga Bheo

    Brón ar a bás sé a dhubh ár gchroí………… cailín alainn is tú fáth mó bhrón.