‘Sleamhnaíonn an t-am leis níos mire ná a cheapaim!’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2025 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá an ceoltóir Macdara Ó Faoláin, a d'eisigh a chéad albam Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn ag tús na bliana

‘Sleamhnaíonn an t-am leis níos mire ná a cheapaim!’

Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2025?

Tá sé dodhéanta rud amháin a phiocadh, ach bhain mé an-taitneamh as m’albam Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn a sheoladh le mo chairde i mí

Eanáir. Seachas sin, bainim an-taitneamh as laethanta simplí, ag seinnt, ag déanamh uirlisí agus ag caitheamh am le mo chéile Victoria is na madraí.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2025?

Bhí go leor acu, buíochas le Dia! Chuir gealltanas agus pósadh mo chairde iontacha Ian agus Camila áthas ar leith orm.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2025?

Chuir cúrsaí sa Phalaistín brón go leanúnach orm i bliana. Cuireann sé déistin orm gur féidir lena leithéid de cinedhíothú tarlú sa lá atá inniu ann.

Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?

Bhí an t-ádh orm gur thaistil mé roinnt mhaith i mbliana. Bhí ard-am agam i bPáras le mo chéile Victoria i mí na Samhna.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?

Chuir an clár Netflix Mo ag gáire agus ag gol mé. Bhí sé speisialta. Bhain mé taitneamh as an tsraith The Thursday Murder Club. Cuireann an podchraoladh Soul Boom le Rainn Wilson ag smaoineamh ar cheisteanna an tsaoil mé.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?

Sleamhnaíonn an t-am leis níos mire ná a cheapaim!

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?

Bhí rún agam gan rúin a bheith agam, is a bheith sásta leis sin!

Fág freagra ar '‘Sleamhnaíonn an t-am leis níos mire ná a cheapaim!’'