Sleacht Néill ina máistrí arís agus aird na tíre ar Bhaile Átha Cliath anois

Chríochnaigh an chraobh i roinnt contaetha an deireadh seachtaine seo caite ach tá go leor aicsin fágtha san ardchathair

Sleacht Néill ina máistrí arís agus aird na tíre ar Bhaile Átha Cliath anois

Davy Crowe (Cill Mochuda) ag imirt in aghaidh Chuala. Pic: INPHO/Evan Treacy

Bhí deireadh seachtaine mór iomána againn an tseachtain seo caite agus seaimpíní anois againn i roinnt contaetha.  

Ar bharr an liosta bhí cumann iontach Roibeard Eiméid, Sleacht Néill i nDoire agus Corn an Athar Ó Coileáin buaite acu don naoú huair as a chéile. Chomh maith leis sin bhuaigh siad an chraobh shinsir peile cúig uaire sa tréimhse chéanna.  

Sin éacht. Sin club speisialta.  

An t-aon údar beag díomá a bhí ann ná gur gortaíodh Cormac Doherty, an captaen, agus Chrissy McKaigue, beirt atá ar fhoireann peile an chlub a bheidh ag dul chun páirce anocht i gcluiche leathcheannais an chontae. 

Imreoir Shleacht Néill, Cormac Doherty. Pic: INPHO/Declan Roughan

I Luimneach bhí an réalta idirchontae Graeme Mulcahy ar fheabhas ar fad agus é ag tabhairt an-cheannasaíocht dá chlub Cill Mocheallóg, a thug leo an chraobh chontae den dara huair déag.  

Scóráil Oisín O Reilly (a bhí ciúin go leor sa chluiche) an cúl cinniúnach ag druidim le deireadh na himeartha agus as sin amach bhí na seaimpíní nua in uachtar. Is iad seaimpíní Chorcaí a bheidh rompu i gcomórtas na Mumhan ach beidh tamall sula mbeidh an cluiche sin ar siúl agus na cluichí leathcheannais fós le himirt cois Laoi. 

Thall i Londain chríochnaigh an cluiche ceannais idir Cumann Naomh Gabriel agus Cumann Roibeárd Eiméid ar comhscór, 1-22 an taobh. 

Agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair linn tá cuid de na comórtais chontae fós faoi lán seoil. I mBaile Átha Cliath atá cuid den aicsean sin ar siúl an deireadh seachtaine seo agus an dá chluiche leathcheannais sinsir á n-imirt ar Pháirc Parnell amárach. Tá na boic mhóra, Cuala agus Crócaigh Chill Mochuda i gcluiche amháin agus na Fianna agus Sáirséalaigh Leamhcáin sa cheann eile.  Cuala a bhí ina máistrí sa chontae in 2019 agus 2020 agus iad sa tóir ar an tríú craobh as a chéile. Ní léir ón méid sin féin chomh maith is atá Cuala le tamall. Bhuaigh siad an comórtas cheana trí bliana i ndiaidh a chéile idir 2015-2017. Is iadsan ríthe na hiomána san ardchathair le tamall anois agus iad ar thóir a séú craobh le seacht mbliana. Roimhe sin d’éirigh le Baile Baodáin cúig chraobh i ndiaidh a chéile a thabhairt leo, idir 2007-2011. 

Dónal Ryan agus Liam Rushe ag ceiliúradh tar éis do Na Fianna an ceann is fearr a fháil ar Naomh Jude coicís ó shin. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Maidir le Crócaigh Chill Mochuda, bhuel, chailleadar trí chraobh i ndiaidh a chéile idir 2016-2018, péire in aghaidh Chuala agus an ceann eile in aghaidh Bhaile Baodáin. Beidh an cluiche sin á thaispeáint ar TG4. 

Déanfar dearmad air sin go léir ach a gcaithfear an sliotar isteach i gcluichí leathcheannais na bliana seo.  

An cheist anois ná cé a bheidh i gcluiche ceannais 2021? 

Bhí na Fianna mar rogha láidir na coitiantachta sa bhabhta deireanach in aghaidh Chumann Naomh Jude ach ba ghá am breise a imirt chun teacht ar bhuaiteoir. Scóráil na Fianna seacht gcinn de na hocht gcúilín deireanach chun an cluiche seo a bhuachan. 

Bhí an bua le ceithre chúilín ag na Sáirséalaigh ina gcluiche ceathrú ceannais siúd agus ba ghéar mar a theastaigh cúl déanach go leor óna réalta idirchontae Paul Crummey. 

Suimiúil go leor tá peileadóirí Chrócaigh Chill Mochuda agus Sáirséalaigh Leamhcáin sna cluichí leathcheannais peile freisin. 

Tá mórán aicsin fágtha san ardchathair mar sin. 

Fág freagra ar 'Sleacht Néill ina máistrí arís agus aird na tíre ar Bhaile Átha Cliath anois'